Chumann na Sagart
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Stair agus Aidhm
    • Bunreacht Chumann Na Sagart
    • Coiste
  • Léachtaí & Machnaimh
    • Leachtai An Aifrinn
    • Carúil Nollag
  • Na Sacraimintí
    • Seacht Sacraimintí Na hEaglaise
    • An Baisteadh
      • Ord an Bhaiste: Aon Leanbh Amháin
      • Ord an Bhaiste: Mórán Leanaí
      • Leanbh Baiste A Thabhairt Chun Na hEaglaise
    • Sacraimint An Chóineartaithe
      • Ullmhú Don Chóineartú
      • An Cóineartú
    • Sacraimint Na hEocairiste
      • An Eocairist
    • Sacraimint Na háithrí Agus An Athmhuintreais
      • Gnás An Athmhuintearais Do Dhuine Aonair
      • Gnás An Athmhuintearais Do Mhórán Aithríoch
      • Moladh Trócaire Dé
    • Sacraimint Ola Na nEaslán
      • An Lóin Shíoraí
      • Duine Atá Ag Fáil Bháis A Chur Faoi Choimirce Dé
      • Fiosrú Agus Comaoineach Na Neaslán
      • Gearrghnás Chomaoineach Na nEaslán
      • Gnás An Ungtha Le Linn Aifrinn
      • Gnás Na Sacraimintí don Té Atá Ag Saothrú An Bháis
      • Gnás Ungadh Easláin
      • Téacsanna Le hAghaidh Gnásanna Na Neaslán
      • Gnáthghnás Chomaoineach Na nEaslán
    • Sacraimint An Oird Choisricthe
    • Sacraimint An Phósta
      • An Pósadh
    • An Pósadh
      • Treoracha
      • Léachtaí
      • An Searmanas
  • Urnaí
  • Aifrinn Craolta
    • Aifrinn Domhnaigh I nGaeilge
  • Leabhair
    • An Sagart
    • Foilseacháin Ábhair Spioradálta
    • Timire an Chroí Naofa
    • An Síoladóir Nua 1
    • An Síoladóir Nua 2
  • Teagmháíl
  • 0

52. An Tríú Domhnach is Tríochá den Bhliain 2023

By littlegreenman on November 16, 2022

Léachtaí an Aifrinn - 19ú Samhain 2023

CHÉAD LÉACHT   

Sliocht as leabhar Seanfhocal             31:10-13. 19-20. 30-31
Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil?

Cé ar féidir leis í a fháil?

Is luachmhaire í ná péarlaí.
Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dóar feadh a saoil.Lorgann sí olann agus líon,agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.Coinníonn sí an coigeal ina láimhagus beireann a méireanna ar an bhfearsad.Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,agus tugann sí déirc don duine bocht.Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuan í an áilleacht;is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.Tugaigí di toradh a saothair,agus moladh a gníomhartha í ag geataí na cathrach.

Briathar Dé.

Salm le Freagra                        Sm 127: 1-5. Rv:1
Freagra                                       Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna.

I. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona seanmhar.                   Freagra

2. Beidh do bhean amhail fíniúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird.         Freagra

3. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol!                                  Freagra

DARA LÉACHT
Sliocht as an céad litir N.Pól chuig na Teasalónaigh
      5:1-6
Ná tagadh Lá úd an Tiarna  gan fhios orabh mar a bheadh bithiúnach.

A bhráithre, maidir le hamanna agus uaineacha, a bhráithre, ní gá scríobh chugaibh ina dtaobh. Tá a fhios agaibh féin go beacht gur mar a bheadh bithiúnach san oíche a thiocfaidh an Lá úd an Tiarna. Nuair a bheidh daoine á rá: “Táthar slán sábháilte,” ansin gan choinne is ea a thiocfaidh an tubaiste, mar a thagann an tinneas ar bhean atá trom, agus ní bheidh aon éalú acu uaithi. Ní sa dorchacht atá sibhse, áfach, a bhráithre, go dtiocfadh an lá úd aniar aduaidh oraibh mar a bheadh bithiúnach. Is clann an tsolais sibhse, a bhráithre, go huile, clann an lae. Ní leis an oíche ná leis an dorchacht sinn. Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.

Briathar Dé.

Comhgháir/Alleluia                 Eo 15: 4-5
Alleluia, alleluia!
‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh,’ a deir an Tiarna. ‘
An té a fhanann ionamsa, tugann sé toradh mór uaidh.’
Alleluia!

SOISCÉAL 

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha          25:14-30
Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe;  gabh isteach in aoibhneas do thiarna.

San am sin d’inis Íosa an parabal seo dá dheisceabail: “duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile – do gach duine de réir an chumais a bhí ann – agus d’fhág an tír. Ní dhearna fear na gcúig thallann aon mhoill gan cur chun gnó leo agus cúig cinn eile a ghnóthú. Mar an gcéanna d’fhear an dá thallann; ghnóthaigh seisean dhá cheann eile. Ach chuaigh fear na haon tallainne amháin agus rinne poll sa talamh agus chuir sé airgead a mháistir i bhfolach. Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d’fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin fear an dá thallann: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘d’fhág tú dhá thallann ar iontaoibh agamsa: seo duit dhá cheann eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith: dea-sheirbhíseach iontaofa thú; bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán: gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’ Tháinig ina láthair ansin an fear a fuair an t-aon tallann amháin: ‘A mháistir,’ ar seisean, ‘bhí aithne agam ort gur duine crua thú, ag baint fómhair san áit nár chuir tú síol, agus ag cnuasach as an áit nach ndearna tú scaipeadh; agus le barr eagla, chuaigh mé ag cur do thallainne i bhfolach sa talamh. Seo duit í: tá do chuid féin agat.’ Dúirt a mháistir leis á fhreagairt: ‘Drochsheirbhíseach leisciúil thú! Bhí a fhios agat go mbainim fómhar san áit nár chuir mé síol agus go gcnuasaím as an áit nach ndearna mé scaipeadh: ba cheart duitse mar sin mo chuid airgid a chur chun lucht gaimbín, agus nuair a thiocfainn gheobhainn mo chuid féin ar ais le hús. Bainigí de an tallann agus tugaigí í don duine a bhfuil na deich dtallann aige, óir, gach aon duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó agus beidh fuílleach aige, ach an té a bhíonn gan ní, fiú amháin a mbíonn aige bainfear de é. Agus an seirbhíseach úd gan aird, caitear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

Soiscéal Dé.

_________________________________________

SOISCÉAL  Gearr

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Matha          25:14- 15, 19-20
Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe;  gabh isteach in aoibhneas do thiarna.

San am sin d’inis Íosa an parabal seo dá dheisceabail: “duine a bhí ag dul ar an gcoigríoch: ghlaoigh sé ar a sheirbhísigh agus thaobhaigh leo a mhaoin; thug cúig thallann do dhuine acu, a dó do dhuine eile, aon tallann amháin do dhuine eile – do gach duine de réir an chumais a bhí ann – agus d’fhág an tír.  Seal fada ina dhiaidh sin, tháinig máistir na seirbhíseach sin ag réiteach cuntas leo. Tháinig fear na gcúig thallann ina láthair agus thairg cúig thallann eile aige chuige agus ar seisean: ‘A mháistir, d’fhág tú cúig thallann ar iontaoibh agamsa; seo duit cúig cinn eile a ghnóthaigh mé.’ Labhair a mháistir leis: ‘Go han-mhaith; dea-sheirbhíseach iontaofa thú: bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; ceapfaidh mé i do cheann thú ar mhórán; gabh isteach in aoibhneas do thiarna.’

Soiscéal Dé.

Machnamh ar léachtaí - 19ú Samhain 2023

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

B. An Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae: Ag Faire!  Deireadh bliana, Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt

 

A. Léachtaí an Domhnaigh mar Threoir don Bheatha Chríostaí

Céad Léacht (Seanfhocail 31:10-13, 19-20, 30-31). Cé ar féidir leis a dhíol de bhean chéile a fháil? Is chuid de dhán aibítreach é seo, dán ina bhfuil fiche dó véarsaí, gach véarsa díobh le litir leantach de aibítir na hEabhraise. Cumadh mar sin é d’aon ghnó le críoch a chur le Leabhar na Seanfhocal, leabhar thar a bheith tábhachtach de litríocht na hEagna sa Bhíobla. Moladh an bhean chéile, an bhean tí, cumasaí, foirfe, is ábhar dó, agus b’fhéidir gur tuigeadh é mar cur síos fáithchiallach, allagóireach, ar an Eagna phearsantaithe. Deirtear gur luachmhaire an bhean sin ná na péarlaí, rud a chuireann i gcuimhne an cur síos ar an Eagna in Iób 28:18: “Ní féidir péarla a chur i gcoimheas lei”. Agus faoi mar a dhéantar chomh maith i litríocht na hEagna, nasctar an bhean le eagla an Tiarna. Cuireann an áit lárnach atá ag an fear chéile sa dán seo as do roinnt ban an lae inniu, amhail as gur fiúntas an bhean chéille dá fear  atá dairíre i gceist. Ach bheadh dul amú ar dhuine sa bhreith seo. I gcomparáid le gnáth-theagasc an tSeantiomna, tá áit faoi leith ag an bhean sa dán seo. Is bean chumasach í a bhaineann úsáid as na buanna atá aici sa teach agus taobh amuigh de, mar bhean ghnó agus tráchtála, ach san am céanna le cúram don dream dearóil. Tuilleann a gníomhartha moladh poiblí. Baineann sí úsáid as a cuid buanna, agus is mar sin a roghnaítear an téacs seo le dul le soiscéal an lae inniu, le parabal  na dtallann.

Salm le Freagra (Salm 127[128]). Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna

 

Dara Léacht (1 Teasalónaigh 5:1-6). Ná tagadh Lá an Tiarna gan fhios oraibh mar a bheadh bithiúnach. Nath iad na focail “an lá agus an uair” a fhaightear i soiscéal Mhatha le cur síos ar théarnamh Íosa agus deireadh an tsaoil. Ina aitheasc deiridh dá dheisceabail thug Íosa rabhadh bheith san airdeall le bheith réidh mar go bhféadfadh   Lá an Tiarna bheith in in achmaireacht, ar an tairseach. Ba choir dóibh bheith ag faire mar ná raibh a fhios acu an lá ná an uair (Matha 25:13). Dúirt Íosa chomh maith nach imeodh an ghlúin sin gan na nithe ar a raibh sé ag caint tagtha chun cinn (Matha 24:34). Mar sin féin bhí ar a chumas a rá díreach ina dhiaidh sin  faoin “lá agus an uair” (Matha 24:36) nach raibh a fhios ag duine ar bith faoi, ná ag aingil na bhflaitheas, ná ag an  Mac, ach an an Athair amháin. Bhíothas ag feitheamh, agus ag tnúth, le téarnamh, le filleadh, Íosa go luath sa luatheaglais, ach nior chuir sin as do fhógairt an tsoiscéil dóibh. Bhí an creideamh agus an dóchas céanna ag Pól aspal i dtús a chuid mhisinéireachta agus ag eaglais na Teasalóinicé. Ba chuid den chreideamh sin, leis, go raibh Lá an Luain le teacht mar bhithiúnach san oíche. Tugann an focal “Lá” deis do Phól teachtaireacht  a thabhairt: bheith réidh dó agus maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an lae, sa solas, seachas sa dorchadas, ag faire, réidh don lá sin.

 

An Soiscéal (Matha 25:14-30). Bhí tú iontaofa i mbun beagán nithe; gabh isteach in aoibhneas do thiarna. Is éasca ceacht an pharabail seo a thuiscint: úsáid a bhaint as na buanna a thug an Tiarna, Dia, dúinn, agus a fhios a bheith againn go mbeidh orainn freagra a thabhairt ar an Tiarna muna mbainimid. Go bunúsach is é a bhí sa tallann ná meáchan, de 80 punt, 36 cileagram. Sa pharabal, mar sin, tuigtear conas a rinne duine amháin poll sa talamh agus gur chuir an tallann i bhfolach. I gcursaí airgid b’ionann tallann agus sé mhíle (6000) denarii, agus an denarius mar gháth-phá d’fhear oibre. Ionann tallann amháin, mar sin, agus pá lae do fhiche bliain oibre don ghnáth-fhear oibre. Baintear as an fhocal “tallann” chomh maith an chiall “bronntanas”, bua nádúrtha. Ceacht  an pharabail ná úsáid cheart a bhaint as na tallainn, na buanna nádúrtha, pé mór beag iad, a thug an Tiarna Dia dúinn. Bíodh gur mór an méid cúig, ní fiú dhá, thallann, tugann an Tiarna beagán orthu, agus tugtar cuireadh dóibh siúd a bhain tairbhe cheart astu dul isteach in aoibhneas a mháistir – ionann sin do na creidhmigh agus glóir na bhflaitheas.

            Mar pharabal ann féin d’fhéadfadh an ceann seo a bheith in aon chuid de na soiscéil, ach ina chomhthéacs anois is cuid d’aitheasc deiridh Íosa é a bhfuil mar théama aige “Faire”, bheith réidh don “lá agus an uair”. Díreach roimhe tá parabal an Deichniúr Maighdean, leis an téama céanna, agus díreach ina dhiaidh tá aitheasc Íosa faoin Bhreithiúnas Deireanach. Mar sin, oireann an léacht do liotúirge dheireadh bhliain an liotúirge.

B. Machnamh agus an Bíobla in Agallamh le Ceisteanna an Lae:Ar Faire! Deireadh bliana, Deireadh saoil: réidh le cuntas a thabhairt.

 

Go traidisiúnta, ag deireadh bhliain an liotuirge agus roimh thús na hAidbhine bhí béim i liotúirge an Domhnaigh ar na críocha déanacha agus a riachtanaí is atá sé bheith réidh le buaileadh leis an Tiarna, agus an breithiúnas a ghabhann leis an mbás.

Ní hiondual inniu machnamh a dhéanamh ar an mbás agus a riachtanaí is atá sé bás a fháil i ngrásta Dé, nó fiú machnamh a dhéanamh ar bhriathra Phóil chuig na Teasalónaigh maireachtáil mar chlann mhac agus chlann iníonacha an tsolais, de réir an tsoiscéil agus teagasc na hEaglaise. Agus go minic tagann an bás fós mar bhithiúnach san oíche, gan coinne.

            Ábhar machnaimh eile dúinn ó liotúirge an lae inniu ná gurb í toil Dé go mbaineann gach duine againn úsáid as na buanna nádúrtha, na tallainn, atá againn, pé mór beag iad, agus sin dár leas féin agus do leas an chomharsa, do leas an phobail.

            Ní beag an t-ábhar machnaimh a thugann liotúirge an lae, agus na léachtaí seo, dúinn.

Posted in Machnamh.
Share

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-1/
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-2/
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-3/
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-4/
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-5/
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-6/
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-7/
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-8/
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-9/
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-10/
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-11/
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-12/
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-13/
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-14/
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-15/
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-16/
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-17/
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-18/
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-19/
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-20/
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-21/
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-22/
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-23/
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-24/
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-25/
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-26/
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-27/
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-28/
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-29/
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-30/
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-31/
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-32/
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-33/
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-34/
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-35/
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-36/
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-37/
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-38/
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-39/
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-40/
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-41/
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-42/
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-43/
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-44/
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-45/
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-46/
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-47/
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-48/
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-49/
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-50/
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-51/
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-52/
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-53/
  • 0

Posts

Recent Posts

  • 1. An Chéad Domhnach den Aidbhint 2022
  • 2. An Dara Domhnach den Aidbhint 2022
  • 3. An Tríú Domhnach den Aidbhint 2022
  • 4. An Ceathrú Domhnach den Aidbhint 2022
  • 5. Lá Nollag 2022
  • 6. Sollúin Mhuire Beannaithe Máthair Íosa 2023
  • 7. Feile Bhaisteadh Ár dTiarna 2023
  • 8. An Dara Domhnach den Bhliain 2023
  • 9. An Tríú Domhnach den Bhliain 2023
  • 10. An Ceathrú Domhnach den Bhliain 2023
Previous51. An Dara Domhnach is Tríochá den Bhliain 2023
Next53. Críost Ár dTiarna Rí na nUile 2023
© 2023 Cumann na Sagart. Gach ceart ar cosaint.
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Stair agus Aidhm
    • Bunreacht Chumann Na Sagart
    • Coiste
  • Léachtaí & Machnaimh
    • Leachtai An Aifrinn
    • Carúil Nollag
  • Na Sacraimintí
    • Seacht Sacraimintí Na hEaglaise
    • An Baisteadh
      • Ord an Bhaiste: Aon Leanbh Amháin
      • Ord an Bhaiste: Mórán Leanaí
      • Leanbh Baiste A Thabhairt Chun Na hEaglaise
    • Sacraimint An Chóineartaithe
      • Ullmhú Don Chóineartú
      • An Cóineartú
    • Sacraimint Na hEocairiste
      • An Eocairist
    • Sacraimint Na háithrí Agus An Athmhuintreais
      • Gnás An Athmhuintearais Do Dhuine Aonair
      • Gnás An Athmhuintearais Do Mhórán Aithríoch
      • Moladh Trócaire Dé
    • Sacraimint Ola Na nEaslán
      • An Lóin Shíoraí
      • Duine Atá Ag Fáil Bháis A Chur Faoi Choimirce Dé
      • Fiosrú Agus Comaoineach Na Neaslán
      • Gearrghnás Chomaoineach Na nEaslán
      • Gnás An Ungtha Le Linn Aifrinn
      • Gnás Na Sacraimintí don Té Atá Ag Saothrú An Bháis
      • Gnás Ungadh Easláin
      • Téacsanna Le hAghaidh Gnásanna Na Neaslán
      • Gnáthghnás Chomaoineach Na nEaslán
    • Sacraimint An Oird Choisricthe
    • Sacraimint An Phósta
      • An Pósadh
    • An Pósadh
      • Treoracha
      • Léachtaí
      • An Searmanas
  • Urnaí
  • Aifrinn Craolta
    • Aifrinn Domhnaigh I nGaeilge
  • Leabhair
    • An Sagart
    • Foilseacháin Ábhair Spioradálta
    • Timire an Chroí Naofa
    • An Síoladóir Nua 1
    • An Síoladóir Nua 2
  • Teagmháíl

Log in

Lost your password?

Or
Create an account

Register

A link to set a new password will be sent to your email address.

Your personal data will be used to support your experience throughout this website, to manage access to your account, and for other purposes described in our privacy policy.

Or
Log in