Gnás Ungadh Easláin

AN GNÁTHGHNÁS

 

ULLMHÚCHÁN DON CHEILIÚRADH

Sula gcuireann an sagart an ola ar othar, ba cheart dó fiafraí cén bhail atá air sa chaoi go mbeidh sé in ann an ceiliúradh a leagan amach go sásúil, agus na léachtaí ón mbíobla agus na paidreacha a roghnú. Más féidir é, ba cheart dó an t-ullmhúchán seo a dhéanamh in éineacht leis an othar nó lena mhuintir agus ba cheart dó lena linn sin brí na sacraiminte a mhíniú dóibh.

Nuair atá gá leis, ba cheart don sagart faoistin an othair a éisteacht, más féidir é, sula gceiliúrtar an t-ungadh. Sa chás go ndéanann an t-othar a fhaoistin ag an am a gcuirtear an ola air, ba cheart é sin a dhéanamh le linn na ngnásanna tosaigh. Nuair nach mar sin atá, ba chóir gnás na haithrí a cheiliúradh.

An t-othar nach bhfuil ag coinneáil na leapa, ní miste an ola a chur air san eaglais nó in áit chuí eile. Ba cheart cathaoir nó ionad a ullmhú dó, agus ba chóir go mbeadh slí dá ghaolta is dá chairde chun go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.

In ospidéil ba cheart don sagart cuimhneamh ar na heasláin eile: an mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa cheiliúradh ? An bhfuil siad an-tnáite ar fad ? An ngoillfeadh sé orthu sa chás nach Caitlicigh iad ?
Ní miste feidhm a bhaint as an ngnás seo thíos nuair a chuirtear an ola ar go leor othar i dteannta a chéile. Sa chás sin leagann an sagart a lámha orthu agus cuireann an ola orthu ina nduine agus ina nduine agus baineann sé feidhm as an bhfoirmle a ghabhann leis sin. Déantar gach rud eile aon uair amháin, agus baintear feidhm as an uimhir iolra sna paidreacha.

DEASGHNATHA TOSAIGH

Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A.
Sagart: Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.
Freagra: Agus leat féin.

Nó: B.
Sagart: Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).
Freagra: Agus leat féin.

Nó: C.
Sagart: Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh
libh go léir.
Freagra: Agus leat féin.

Nó: D.
Sagart: Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
Freagra: Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.
Nó:
Freagra: Agus leat féin.


Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo á rá aige:
Sagart: Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh
rannpháirteach thú (sibh i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.

Ansin labhraíonn sé lena bhfuil i láthair agus na focail seo nó focail mar iad á n-úsáid aige:
Sagart: A chlann ionúin,
Táimid tagtha le chéile in ainm ár dTiarna Íosa Críost a leigheas na heasláin agus a d’fhulaing oiread sin ar ár son. Tá sé anseo inár measc anois agus deir sé linn trí Shéamas aspal: “Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar shean-óirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”

Cuirimis ár mbráthair (siúr), A., faoi choimirce ghrásta agus chumhacht Chríost chun go bhfaighidh sé (sí) faoiseamh agus slánú.


Nó is féidir leis an phaidir seo a rá :

Sagart: A Thiarna Dia, dúirt tú linn trí Shéamas d’aspal:
“Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn.
Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”
larraimid ort go humhal bheith linne atá bailithe le chéile anseo i d’ainm. Cosain le do thrócaire ár mbráthair (siúr), A., atá tinn.(agus na heasláin eile ar fad atá anseo i láthair). Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.


 

DEASGHNATHA NA hAITHRÍ
Mura bhfuil aon duine ag iarraidh a fhaoistin a dhéanamh, leantar ar aghaidh le deasghnátha na haithrí. Tosaíonn an sagart mar seo:

A
Sagart: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith
páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:

Freagra: Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí,
(buaileann siad a n-ucht)
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Críochnaíonn an sagart:
Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.


Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:
B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
Sagart: Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithmidne do chách le grá duit féin.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo atá ina
charraig le cruas. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Ó bhun na croíche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
C
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

Sagart: Déan trócaire orainn, a Thiarna.
Freagra: Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

Sagart: Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
Freagra: Agus tabhair dúinn do shlánú.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
D
Fanann cách tamall gearr ina dtost.
Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:

Sagart: Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.



LÉACHT AS AN mBÍOBLA

Léann duine acu sin atá i láthair nó an sagart féin sliocht gearr as an mbíobla:

A bhráithre, éistigí le briathra an tsoiscéil naofa de réir N. Matha. 8, 5-10. 13.

Nuair a bhí Íosa tar éis dul isteach i Cafarnáum, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air: “A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairilíseach agus é á chrá go léanmhar.”
Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann á leigheas.”Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt: “A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh !’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar !’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach ‘Déan seo !’ agus déanann.” Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint: “Deirim libh go firinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Isráél.” Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin: “Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.” Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Ní miste sliocht feiliúnach eile a roghnú m.sh. uimh. 153-229 thíos. Má fheileann sé, ní miste don sagart gearrmhíniú a thabhairt ar an téacs.

 

AN LIODÁN
Ní miste an liodán seo thíos a rá anois, nó tar éis don sagart an ola a chur ar an othar, nó am éigin eile, más amhlaidh is feiliúnaí. Ní miste don sagart an téacs a chóiriú nó a ghiorrú.
A.
Sagart: A bhráithre, iarraimis le barr creidimh ar Dhia éisteacht lenár n-urnaithe ar son ár
mbráthar (siúrach), A.
A Thiarna, tar agus tabhair sólás do thrócaire agus do ghrá do A., trí bhrí an Ungtha
naofa seo. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Tabhair slán é (í) ón uile olc. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Tabhair faoiseamh óna bpianta do na heasláin ar fad (atá i láthair).
A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Saor A. ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr,) A., ar a leagaimid ár lámha i
d’ainmse. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

LIODÁIN EILE:
B.
Sagart: Thóg tú ar lagar agus d’iompar tú ár ndóláis. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Ghlac tú trua don slua agus chuaigh tú ina measc ag déanamh maitheasa agus ag
leigheas na n-easlán. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, bí ceansa agus éist linn

Sagart: D’ordaigh tú do d’aspail a lámha a leagan ar na heasláin i d’ainm.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Nó: C.
Sagart: Guímis chun an Tiarna ar son ár mbráthar (siúrach) atá tinn, agus ar a son siúd a
thugann aire do na heasláin agus a dhéanann freastal orthu. Féach go ceansa ar ár
mbráthair (siúr) atá tinn. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Neartaigh arís é (í). A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Tabhair faoiseamh óna p(h)ianta dó (di). A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Saor é (í) ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Neartaigh na heasláin ar fad le do ghrásta. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr) ar a leagaimid ár lámha i d’ainmse.
A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn


Ansin leagann an sagart a lámha ar cheann an othair gan dada a rá.

BEANNÚ NA hOLA
Nuair a chaithfidh an sagart an ola a bheannú i rith an ghnáis , leanann sé air:

A
Sagart: Guímis.
A Thiarna Dia, a Athair na n-uile shólás, chuir tú do Mhac, Íosa Críost, ar an saol seo
chun na heasláin a leigheas. Éist leis an urnaí a dhéanaimid le barr creidimh agus cuir
an Spiorad Naomh, an Sólásaí, anuas ar an ola seo. Is í toradh chrann na holóige í
agus chuir tú ar fáil dúinn í chun ár gcorp a leigheas.
Cuir do bheannacht + ar gach aon duine ar a gcuirtear an ola seo. Saor iad ón tinneas
agus ón bpian agus tabhair dóibh sláinte choirp, intinne agus anama.
Beannaigh an ola seo dúinn, a Thiarna, in ainm Íosa Críost, do Mhac, a mhaireann
agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
Freagra: Amen.

Nó: B.
Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do
thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
Freagra: Moladh go deo le Dia

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí.
Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
Freagra: Moladh go deo le Dia

Sagart: A Thiarna Dia, éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo
atá ceaptha le bheith ina híocshláinte do do mhuintir.
Iad sin a nguímid le barr creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go
leigheastar a n-easláintí go léir. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen



URNAÍ BHUÍOCHAIS

Má tá an ola beannaithe cheana féin, deir an sagart an urnaí bhuíochais seo os a cionn:

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tu do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagrat: Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do
thoil é ár n-easláintí a leigheas.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le
do chumhacht.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: A Thiarna Dia, le barr creidimh cuirfear an ola naofa seo ar do shearbhónta. Tabhair
faoiseamh dó (di) óna p(h)ianta agus neartaigh é (í) ina lagar. Sin é ár nguí chugat trí
Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

AN tUNGADH
Tógann an sagart an ola ansin agus cuireann sé ar chlár éadain agus ar lámha an othair í, á rá aon uair amháin:

Sagart: Tríd an ungadh naofa seo agus trína chaointrócaire féin go gcuidí an Tiarna leat le
grásta an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen
Sagart: An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
Freagra: Amen

 

URNAÍ TAR ÉIS AN UNGTHA
Ansin deir an sagart ceann de na hurnaithe seo:

A
Sagart: Guímis. A Thiarna Íosa Críost, ár Slánaitheoir, le cumhacht an Spioraid Naoimh
leigheas ár mbráthair (siúr) atá tinn agus saor é (í) ó gach easláinte choirp agus
anama. As ucht do thrócaire maith dó (di) a p(h)eacaí agus tabhair sláinte iomlán dó
(di) sa chaoi go mbeidh sé (sí) in ann fónamh duit arís. Tusa a mhaireann agus a
rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen


Nó: B
Sagart: A Thiarna Íosa Críost, ghlac tú lenár nádúr chun na heasláin a leigheas agus chun an
cine daonna a shlánú.
Éist linn agus sinn ag guí go dtabharfaí sláinte choirp agus anama dár mbráthair
(siúr) atá tinn agus ar ar chuireamar an ola naofa i d’ainmse.
Go mba údar sóláis dó (di) do choimirce agus go mba údar sláinte dó (di) do neart.
(Go mba údar dóchais dó (di) a t(h)inneas mar gur tríd a aontaíodh leat i do pháis é
(í).) Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen

URNAITHE EILE MAR A D’FHEILFEADH DON BHAIL ATÁ AR AN OTHAR:

Nó: C. I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
Sagart: Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bharr na seanaoise.
Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó(di) chun é (í) a neartú sa
chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách
méid do ghrá dúinn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

Nó: D.
Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus
d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é(í) agus
tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen

Nó: E. Don té atá ar an dé deiridh:
Sagart: A Athair róchineálta, is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá agus ní dhiúltaíonn tú
maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a
dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anam agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus
neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac, a chloígh an bás, agus a réitigh
dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí
shaol na saol.
Freagra: Amen


 

AN PHAIDIR
Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
Sagart: Guímis chun an Athair faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
Leanann cách ar aghaidh:
Freagra: Ár nAthair ….

 

AN CHOMAOINEACH
Má tá an t-othar leis an gcomaoineach a ghlacadh, riartar air í tar éis na Paidre, agus déantar é sin de réir Ghnás Chomaoineach na nEaslán. Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:

Sagart: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair
cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
Freagra: A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar
m’anam.

Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
Sagart: Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraíonn an t-othar :
Freagra: Amen
agus glacann an chomaoineach. Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

Deir an sagart an urnaí dheiridh:

A
Sagart: Guímis.
A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uile-chumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh. Go mba údar leighis
bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Freagra: Amen

Nó: B.
Sagart: A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca. Fógraímidne bás agus
aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo: Go dté do shlánú i dtreis
ionainn i gcónaí. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

Nó: C
Sagart: A Dhia, ár nAthair, thug tú dúinn bheith páirteach san aon aran agus san aon chailís.
Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go
lúcháireach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

Nó: D
Sagart: A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort
sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen


Beannaíonn an sagart an t-othar agus na daoine eile atá i láthair le comhartha na croise a ghearradh os a gcionn leis an bpioscas, má tá an naomhshacraimint fágtha ann, nó le foirmle acu seo thíos:

AN BHEANNACHT
Cuirtear deireadh leis an ngnás le beannacht an tsagairt:

Sagart: Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go leigheasa Dia an Mac thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slánaí sé d’anam.
Freagra: Amen.

Sagart: Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
Freagra: Amen.
(Sagart: Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad
Naomh.
Freagra: Amen.)

Nó: B
Sagart: Críost ionat do do chumhdach.
Freagra: Amen.

Sagart: Críost romhat do do threorú, Críost i do dhiaidh do do neartú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
Freagra: Amen.
(Sagart: Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen.)

 

 

 

 

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0