Ullmhú Don Chóineartú

Iomann: (Veritas Hymnal, 107.)

Labhraíonn an sagart leis na hiarrthóirí agus leagann béim ar an dualgas atá ar gach aon duine a dhícheall a dhéanamh chun an tsíocháin a chur i réim ina phobal féin agus cuidiú le daoine eile maireachtáil go socair síochánta le chéile.

Sagart: A Dhia, is tú á nAthair. Thug tú an domhan mór dúinn le bheith ina bhaile againn.
Roinn tú gach rud linn go fial. Thug tú ár gcoirp dúinn chun go mbainfimis leas astu
chun síocháin agus grá Chríost a leathadh.

An Chéad Pháiste:
Thug tú ár súile dúinn chun go bhfeicfimis cá bhfuil gá le cabhair agus le grá Chríost.
Cách: Moladh go deo le Dia.

An Dara Páiste:
Thug tú á gcluasa dúinn chun go gcloisfimis briathra na síochána agus an ghrá
ónár dtuismitheoirí agus ónár gcairde, ónár múinteoirí agus ónár sagairt.
Cách: Moladh go deo le Dia.

An Tríú Páiste:
Thug tú ár nguthanna dúinn chun go labhróimis go caoin carthanach
leis na daoine a chastar orainn.
Cách: Moladh go deo le Dia.

An Ceathrú Páiste:
Thug tú ár lámha dúinn chun go bhféadfaimis cuidiú le daoine eile.
Cách: Moladh go deo le Dia.

Múinteoir (nó Tuismitheoir):
Bhí an fear áirithe seo ag taisteal lá ó Iarúsailéim go Iarachó nuair a tháinig scata gadaithe aniar aduaidh air. Ghoideadar uaidh a chuid airgid ar fad, bhuaileadar gan trua gan taise é, agus bhailíodar leo agus d’fhágadar ansin é leathmharbh. Bhí sagart ag gabháil an bhealaigh chéanna sin agus chonaic sé an fear bocht ach chuaigh sé thairis agus níor tháinig sé i gcabhair air. Mar an gcéanna tháinig mac léinn sagartóireachta an treo, chonaic sé é ach níor chuidigh sé leis. Ina dhiaidh sin tháinig págánach ar an bhfear bocht agus ghlac sé trua dó. Chuaigh sé anonn chuige agus chuir sé ungadh agus bindealáin ar a chréachtaí. Ansin chuir sé ar mhuin a chapaill féin é, agus thug sé go dtí teach ósta é, agus thug aire dó. Agus lá arna mhárach, thóg sé dhá phunt as a phóca agus thug sé iad d’fhear an tí agus dúirt leis: “Tabhair aire dó go bhfille mé, agus pé méid a chaithfidh tú thairis sin, íocfaidh mé leat é.’

Tráchtann an sagart ar an scéal

Bhí seans ag triúr teacht i gcabhair ar an bhfear bocht sin a robáladh agus a buaileadh. Níor chuidigh leis ach duine amháin acu. Bhain seisean feidhm as a raibh aige chun cuidiú leis an bhfear úd – a lámha, a chapall, a chuid ola agus bindealán agus a chuid airgid. Is ar an gcaoi chéanna sin ba bhreá le hÍosa teacht i gcabhair ar dhaoine.

Thug Dia an tAthair obair ar leith d’Íosa le déanamh. Bhí sé lena thaispeáint dúinn cén chaoi le síocháin agus grá a thabhairt do na daoine a chastar orainn ó lá go lá.
Nuair a bhronntar an Cóneartú orainn táimid ag fás suas agus iarrann Dia orainn obair ar leith a dhéanamh. Iarrann sé orainn cuidiú le daoine eile agus grá a thabhairt dóibh mar a rinne Íosa féin. Is daoine tábhachtacha sinn, dá bhrí sin, mar tá obair mhór le déanamh againn ar son Dé.

Ach ní féidir linn é sin a dhéanamh as ár stuaim féin. Teastaíonn cabhair uainn ó dhaoine eile agus 6 Dhia. Faoi cheann cúpla lá bronnfaidh an t-easpag sacraimint an Chóineartaithe oraibhsę. Sa tsacraimint sin neartóidh an Spiorad Naomh sibh chun go mbeidh sibh in ann síocháin agus grá Chríost a leathadh ar domhan.

Urnaí: A Spioraid Naoimh, cuidigh linn bheith cineálta le daoine eile
chun go dtuigfidís go bhfuil grá agatsa dóibh.

Iomann: (mar shampla Veritas Hymnal 87).

Sagart: Tugann sé a shíocháin dúinn, fágann sé a shíocháin againn.
Ní dúinn féin amháin a thugann sé í ach chun go dtabharfaimis do chách í.

Tuismitheoir:
A Thiarna cabhraigh liom do shíocháin a chur i réim.
San áit a bhfuil fuath lig do grá a chur.
Lig dom síol an dóchais a chur in áit a
éadóchais agus an t-áthas in áit an bhróin.
A Thiarna, cabhraigh liom trua a bheith agam do dhaoine eile
in ionad bheith ag déanamh trua díom féin
agus daoine eile a thuiscint in ionad bheith ag iarraidh tuisceana uathu
agus daoine a ghráú in ionad bheith ag iarraidh grá dom féin.
Mar is de réir mar a mhaithimid féin a mhaithfear dúinne agus
de réir mar a roinnimid le daoine eile a roinnfear linn agus
is tríd an mbás a bhainfimid amach an bheatha shíoraí.

Sagart: Is cairde ar fad sinn sa tionól seo de mhúinteoirí, de shagairt, de thuismitheoirí is de dhaltaí. Is sinn clann Dé. larraim oraibh an phaidir a mhúin Íosa dá chairde a rá in éineacht liom.

Ár nAthair (Canann nó deir cách é. Veritas Hymnal, 93).

Sagart: A Dhia ár nAthair cuirimid faoi do chúram na buachaillí agus na cailíní seo a bheidh ag dul faoi láimh easpaig faoi cheann cúpla lá. Cuir do bheannacht orthu féin agus ar a dtuismitheoirí, ar a múinteoirí agus ar a gcairde. Coinnigh slán ón olc iad agus bronn orthu do shíocháin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Iomann: (Veritas Hymnal, 51.)

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0