Téacsanna Le hAghaidh Gnásanna Na Neaslán

I. LÉACHTAÍ AS AN mBÍOBLA

Ní miste na léachtaí seo a úsáid in Aifrinn ar son na n-easlán, nó nuair a f hiosraítear na heasláin, nó nuair a cheiliúrtar ungadh easláin amháin nó a lán easlán le chéile, nó fiú nuair a ghuítear ar son na n-easlán, bíodh siadsan i láthair nó ná bíodh. Ba cheart léachtaí a thoghadh de réir na gcúinsí pastaralacha agus ba cheart an bhail choirp agus anama atá ar na heasláin ar dóibh a thoghtar na léachtaí a chur san áireamh i gcónaí. Nuair atá léachtaí áirithe feiliúnach ar bhealach ar leith dóibh sin atá ag saothrú an bháis, cuirtear é sin in iúl.

LÉACHTAÍ AS AN SEANTIOMNA

1 Rithe 19, 1-8: Tugann an Tiarna neart agus misneach d’Éilias a bhí tuirseach tar éis an turais.

Iób 3, 1-3. 11-17. 20-23: Cad chuige a dtugtar an sólás don té atá faoi bhuairt ?

Iób 7, 1-4. 6-11: Cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála.

Iób 7, 12-21: Cad é an duine chun go ndéanfá a mhór de ? (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Iób 19, 23-27a: Is eol dom go maireann mo Chosantóir beo.

Eag 9, 9-11. 13-18: Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an Eagna dó ?

Ís 35, 1-10: Déanaigí láidir na lámha atá faonlag.

Is 52, 13-53, 12: Ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar.

Is 61, l-3a: Tá spiorad an Tiarna Dia orm chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin.

 

LÉACHTAÍ AS AN TIOMNA NUA

Gníomh 3,1-10: In ainm Íosa éirigh agus siúil.

Gníomh 3, 11-16: Creideamh sa té a thóg Dia ó mhairbh is ea a thug sláinte iomlán don fhear seo.

Gníomh 4, 8-12: Níl ainm ar bith eile faoi neamh lenar éigean sinn a shlánú.

Gníomh 13, 32-39: An té ar thóg Dia ó na mairbh é, ní fheicfidh sé truailliú.

Rómh 8, 14-17: Má táimid páirteach leis ina pháis abhus, béimid páirteach ina ghlóir ar ball.

Rómh 8, 18-27: Táimid ag feitheamh le go mbeidh ár gcorp fuascailte.

Rómh 8, 31b-35. 37-39: Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn ?

1 Cor 1, 18-25: Is treise laige Dé ná laidreacht daoine.

1 Cor 12, 12-22. 24b-27: Má bhíonn tinneas ar bhall amháin, bíonn na baill go léir i gcomhphian leis. (Dóibh sin atá ag saothrú ar bháis).

1 Cor 15, 12-20: Más fíor nach bhfuil aiséirí na marbh ann, níl Críost aiséirithe ach oiread.

2 Cor 4, 16-18: Tá ár nadúr inmheánach a athnuachan in aghaidh an lae. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

2 Cor 5,1.6-10: Tá teach cónaithe síoraí againn ar neamh.

Gal 4, 12-19: Breoiteacht choirp faoi deara dom an soiscéal a fhógairt daoibh.

Fil2, 25-30: Is é a bhí breoite go deimhin, ach rinne Dia trócaire air.

Col 1, 22-29: Cibé easnamh a bhí ar thrioblóidí Chríost tá siad á líonadh agam ar mo sheal féin i mo cholainn ar son a choirp, an Eaglais.

Eabh 4, 14-16: An t-ardsagart seo againne, ní duine é nach dtuigeann dár lagar.

Séam 5, 13-16: Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar.

1 Pead 1, 3-9: Is ann atá údar lúcháire agaibh, fiú más dobrónach sibh ar feadh tamaill.

1 Eo 3,1-2: Níor foilsíodh fós cé mar a bheimid.

Apac 21, 1-7: Ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná saothar. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Apac 22, 17. 20-21: Tar, a Thiarna Íosa.

 

SAILM LOINNEOGACHA

Sm 6, 2-4a. 4b-6. 9-10.
Fr. (3a): Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé.

Sm 24, 4bc-5ab. 6-7bc. 8-9. 10 and 14. 15-16.
Fr. (1b): Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna.

Sm 26, 1. 4. 5. 7-8a. 8b-9ab. 9cd-10.
Fr. (14): Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí.

Sm 33, 2-3. 4-5. 6-7. 10-11. 12-13. 17 agus 19.
Fr. (19a): Bíonn an Tiarna i ngar don duine coscartha.

(9a): Blaisigí go bhfeice sibh a fheabhas atá an Tiarna.

Sm 41, 3. 5bcd; Sm 42, 3. 4.
Fr. (sm 41, 2): Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce, is amhlaidh a shantaíonn m’anam thusa, a Dhia.

Sm 62, 2-3. 4-6. 7-9.
Fr. (2b): Tá íota tarta ar m’anam chugat, a Dhia liom.

Sm 70, 1-2. 5-6ab. 8-9. 14-15ab.
Fr. (12b): Déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

Déanfaidh mo bheola lúcháir mar aon le m’anam atá slánaithe
agat.

Sm 85, 1-2. 3-4. 5-6. 11. 12-13. 15-16ab.
Fr. (la): Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom.
nó:
A Thiarna Dia na trua agus na taise, féach orm agus bíodh trua agat dom.
Sm 89, 2. 3-4. 5-6. 9-10ab. lOcd & 12. 14 & 16.
Fr. (1): A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

Sm 101, 2-3. 24-25. 26-28. 19-21.
Fr. (2): A Thiarna, éist le mo ghuí agus go dtaga mo ghlór chugat.

Sm 102, 1-2. 3-4. 11-12. 13-14. 15-16. 17-18.
Fr. (l a): Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom.

Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de ‘cheansacht.

Sm 122, l-2a. 2bcd.
Fr. (2) Faireann ár súile an Tiarna go ndéana sé trócaire orainn.

Sm 142, 1-2. 5-6. 10.
Fr. (la): Éist le m’urnaí, a Thiarna.

Cosain mo bheatha as ucht d’ainm, a Thiarna.
ALLELUIA AGUS VÉARSA ROIMH AN SOISCÉAL

Sm32, 22: Go dtaga do ghrá orainn, a Thiarna de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Mth 5, 4: Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.

Mth 8, 17: Thóg Críost ár n-éagruais agus d’iompair sé ualach ár ngalar.

Mth 11, 28: Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh agus bhéarfaidh mé faoiseamh daoibh, a deir an Tiarna.

2 Cor 1, 3b-4a: Moladh le hAthair na trócaire agus le Dia an tsóláis uile: is é a thugann sólás dúinn inár gcuid trioblóidí go léir.

Eif l, 3: Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i bpáirt le Críost, gach tabhartas spioradálta.

Séam 1, 12: Is aoibhinn don té a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe, mar, nuair a bhíonn sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha.
SOISCÉIL

Mth 5, l-12a: Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.

Mth 8, 1-4: A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.

Mth 8, 5-17 (fada) nó 5-13 nó 14-17 (gearr): Thóg sé ar n-éagruais.

Mth 11, 25-30: Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar oraibh.

Mth 15, 29-31: Leigheasann Íosa a lán.

Mth 25,31-40: Sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.

Me 2,1-12: Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé: ‘Tá do pheacaí maite.’

Me 4, 35-40: Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh ? An ea nach bhfuil creideamh agaibh ?

Me 10, 46-52: A Mhic Dháiví, a Íosa, déan déan trócaire orm !

Me 16, 15-20: Leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.

Lc 7, 19-23: Imigí agus insigí d’Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh.

Lc 10, 5-6. 8-9: Leigheasaigí na daoine tinne.

Lc 10, 25-37: Cé hé mo chomharsa ?

Lc 11, 5-13: Lorgaigí, agus gheobhaidh sibh.

Lc 12, 35-44: Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann.

Lc 18,9-14: A Dhia, glac trua dom, an peacach. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Eo 6, 35-40: Is é seo toil an Athar, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Eo 6, 54-59: An té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.

Eo 9, 1-7: Ní amhlaidh a pheacaigh sé; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

Eo 10, 11-18: Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.
LÉACHTAÍ AS STAIR PHÁIS AN TIARNA

Ní miste léachtaí as stair pháis an Tiarna a léamh, is é sin iad sin a léitear Domhnach na Páise (An Leicseanáir, II Lgh. 71-79) nó Aoine an Chéasta (ibid, II Lgh. 87-88) nó in Aifreann móideach Rúndiamhair na Croise Naofa (ibid V Lch. 272), nó fiú iad seo a leanas:

Mth 26, 36-46: Munar féidir an cupa seo a ghabháil tharam, go ndéantar do thoil.

Me 15, 33-39; 16, 1-6: Bás agus aiséirí ár dTiarna.

Lc 23, 44-49; 24, l-6a: Bás agus aiséirí ár dTiarna.

Lc 24, 13-35: Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir ?

Eo 20, 1-10: Chonaic agus chreid sé.

 

II. FOIRMLÍ AN BHEANNAITHE

SAGART: Grásta á dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh
libh go léir.
Freagra: Agus leat féin.

Sagart: Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
Freagra: Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.
nó:
Freagra: Agus leat féin.

III. FOIRMLÍ GHNÁS NA hAITHRÍ

Tugann an sagart cuireadh don phobal aithrí dhéanamh:
Sagart: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne
chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
Sagart: Déan trócaire orainn, a Thiarna.
Freagra: Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

Sagart: Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
Freagra: Agus tabhair dúinn do shlánú.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach, trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Tugann an sagart cuireadh don phobal aithrí a dhéanamh:

Sagart: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne
chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile maraon leis an Kyrie:
Sagart: Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach, trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.


IV. URNAITHE TAR ÉIS NA COMAOINEACH

A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca.
Fógraimidne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo: Go dté do shlánú i dtreis ionainn i gcónaí.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagar: Amen.

A Dhia, ár nAthair,
thug tú dúinn bheith páirteach san aon arán agus san aon chailís.
Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go háthasach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagar: Amen

A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagar: Amen 

 

V. BEANNACHTAÍ

Sagart: Críost ionat do do chumhdach.
Freagra: Amen

Sagart: Críost romhat do do threorú, Críost id do dhiaidh do do neartú.
Freagra: Amen

Sagart: Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
Freagra: Amen

(Sagart: Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen).
nó:
Sagart: Beannacht Dé uilechumhachtaigh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, oraibh agus go
bhfana libh go deo.
Freagra: Amen

 

VI. LE hAGHAIDH UNGADH NA nEASLÁN

An urnaí thosaigh i ngnás an ungtha. Ní miste an urnaí seo a rá in ionad an teagaisc ag tús an ghnáis.
Sagart: A Thiarna Dia, dúirt tú linn trí Shéamas d’aspal:
“Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”
larraimid ort go humhal bheith linne atá bailithe le chéile anseo i d’ainm.
Cosain le do thrócaire ár mbráthair (siúr), A., atá tinn (agus na heasláin eile ar fad atá anseo i láthair). Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

LIODÁIN EILE ROIMH AN UNGADH

Sagart: Thóg tú ar lagar agus d’iompar tú ár ndóláis. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Ghlac tú trua don slua agus chuaigh tú ina measc ag déanamh na maitheasa agus ag
leigheas na n-easlán. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: D’ordaigh tú do d’aspail a lámha a leagan ar na heasláin i d’ainm.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Guímis chun an Tiarna ar son ár mbráthar (siúrach) atá tinn, agus ar a son siúd ar fad a thugann aire do na heasláin agus a dhéanann freastal orthu.

Sagart: Féach go ceansa ar ár mbrathair (siúr) atá tinn. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Cuir neart úr ann (inti). A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Tabhair faoiseamh óna p(h)ianta dó (di). A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Tabhair slán é (í) ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiama, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Neartaigh na heasláin ar fad le do ghrásta. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr) ar a leagaimid ár lámha i d’ainmse.
A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

BEANNÚ EILE LE HAGHAIDH OLA NA nEASLÁN

SAGART: Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. Chuir tu do Mhac ar an saol seo ar
ár son agus ar son ár slánaithe.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do
thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do
chumhacht.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: A Thiarna Dia, éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo
atá ceaptha le bheith ina híocshláinte do do mhuintir. Iad sin a nguímid le barr
creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go bhfaighe siad leigheas
ina n-easláintí go léir. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

URNAITHE TAR ÉIS AN UNGTHA

I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
Sagart: Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bhar na seanaoise.
Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó (di) : chun é (í) a neartú sa
chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách
méid do ghrá dúinn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis:
Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus
d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach) A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slanófar é (í) , Agus
tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen.

Nuair a bhronntar an t-ungadh agus an lón síoraí in éineacht:
Sagart: A Thiarna Dia, a Athair na trócaire, tugann tú sólás dóibh sin atá ag fulaingt.
Féach go ceansa ar do sheirbhíseach. A., a bhfuil muinín aige (aici) asat.
Go dtuga an t-ungadh seo faoiseamh dó (di) óna p(h)ianta agus, corp agus fuil do
Mhic atá glactha mar lón síoraí aige (aici), go neartaí siad é (í) agus go dtuga chun na
beatha é (í).
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiama.
Freagra: Amen.

Don té atá ar an dé deiridh :
S. A Athair róchineálta,
Is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá go léir agus ní dhiúltaíonn tú maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0