Urnaí

Ár nAthair,

atá ar neamh,
go naomhaítear d’ainm.
Go dtaga do ríocht.
Go ndéantar do thoil ar an talamh mar a dhéantar ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu
agus maith dúinn ar bhfiacha mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin;
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc. Amen.



Sé do bheatha, a Mhuire,

atá lán de ghrásta,
Tá an Tiarna leat.
Is beannaithe thú idir mná,
Agus is beannaithe toradh do bhroinne; Íosa.
A Naomh-Mhuire,
a Mháthair Dé,
guigh orainn na peacaigh,
anois, agus ar uair ár mbáis.

Amen.



Glóir don Athair

Glóir don Athair, agus don Mhac, agus don Spiorad Naomh.
Mar a bhí ar dtús, mar atá fós, agus mar a bheidh go brách,
le saol na saol. Amen.



Gníomh Aithrí

Admhaím do Dhia uilechumhachtach,
agus daoibhse a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom,
le smaoineamh agus le briathar,
le gníomh agus le faillí,
trí mo choir féin, trí mo choir féin,
trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin, impím ar Naomh-Mhuire Síor-Ógh,
ar na hAingil agus ar na Naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon
chun ár dTiarna Dia.



An Ghlóir

Glóir do Dhia sna harda,
agus ar talamh síocháin do lucht dea-thola.
Molaimid thú;
Móraimid thú;
adhraimid thú;
tugaimid glóir duit;
gabhaimid buíochas leat as ucht do mhórghlóire;
a Thiarna Dia, a Rí na bhflaitheas;
a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
A Thiarna, a Aon-Mhic, a Íosa Críost.
A Thiarna Dia, a Uain Dé, Mac an Athar,
tusa a thógann peacaí an domhain,
déan trócaire orainn;
tusa a thógann peacaí an domhain,
glac lenár nguí.
Tusa atá i do shuí ar dheis an Athar,
déan trócaire orainn.
Óir is tú amháin is Naofa;
is tú amháin is Tiarna;
is tú amháin is Ró-Ard,
a Íosa Críost,
mar aon leis an Spiorad Naomh: i nglóir Dé an tAthair. Amen.



An Chré

Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a rinne neamh agus talamh,
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin losa Críost, Mac Aonghine Dé,
an té a rugadh ón Athair
sula raibh aon saol ann,
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
Fíor-Dhia ó Fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá d’aon substaint leis an Athair:
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na, an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
lonchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcros é freisin ar ár son faoi Phointias Píoláit;
d’fhulaing sé páis, agus adhlacadh é.
D’aiséirigh an treas lá de réir mar a d’fhógair na Scrioptúir;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir,
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhradh agus glóir,
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais, naofa, chaitliceach, aspalda.
Admhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh,
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.



Gníomh Dóláis

A Dhia, a gheall go trócaireach, trí Íosa Críost, gach tabhartas agus na flaithis féin, don dream a chomhlionn d’aitheanta, tá muinín agam as do chumhacht, do mhaitheas, agus do thrócaire gan teorainn, agus as do naomh gheallúna a chomhlionn tú i gconaí.
Dá bhrí sin, tá dóchas láidir agam, go dtabharfaidh tú dom maithiúnas i mo pheacaí uile, agus grásta chun bheith dílis duit ar an saol seo ag déanamh na ndea-oibreacha a d’ordaigh tú, rud is rún liom anois a dhéanamh le do chúnamhsa.
Agus tá dóchas agam freisin go dtabharfaidh tú aoibhneas síoraí dom ar an saol eile trí mo Thiarna agus mo Shlánaitheoir, Íosa Críost



Altú Roimh Bhia

Bail na gcúig arán agus an dá iasc a roinn
Dia ar an gcúig mhíle fear, rath ón Rí a roinne an roinn go dtige ar ár gcuid is ar ár gcomhroinn.
A Thiarna Dia, cuir do bheannacht orainn féin agus ar do thabhartais go léir, trí Chríost ár dTiarna.



Altú Tar éis Bia

Moladh leis an Rí nach gann,
Moladh gach am le Dia,
Céad moladh agus buíochas le hÍosa
Críost ar son ar itheamar is a n-íosfaimid
de bhia.



Salve Regina

Go mbeannaítear duit, a Bhanríon, a Mháthair na trócaire, ár mbeatha, ár milseacht, agus ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ortsa a ghlaoimid chlann dhíbeartha Éabha : is chugat a chuirimid suas ár n-osnaí ag caoineadh agus ag gol, sa ghlann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhchóide, iompaigh do shúile atá lán de thrua. Agus tar éis na deoraíochta seo, taispeáin duinn Íosa, toradh beannaithe do bhroinne, a Mháthair Mhuire cheansa, ghramhar, mhilis.

 

Urnaí

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0

Related Pages