An Pósadh

LÉACHTAÍ DON PHÓSADH

AN CHÉAD LÉACHT AS AN SEAN-TIOMNA

Sliocht as leabhar Geineasas 1:26-28.31
Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Dúirt Dia: “Déanaimis an duine ar ár ndeilbh féin, ar ár gcosúlacht féin, agus bíodh tiarnas acu ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir, ar an. eallach, ar an talamh go léir, agus ar na péisteanna go léir a shníonn ar an talamh.”

Chruthaigh Dia an duine ar a dheilbh féin,
ar dheilbh Dé is eaa chruthaigh sé é.
Fireann agus baineann is ea a chruthaigh sé iad.

Agus bheannaigh Dia iad á rá leo: “Bígí torthach, agus téigí i líonmhaire agus líonaigí an talamh agus cuirigí smacht air. Bíodh tiarnas agaibh ar iasc na farraige, ar éanlaith an aeir agus ar an uile dhúil bheo a chorraíonn ar talamh.” Chonaic Dia gach a ndearna sẻ agus, féach! bhí sé go sármhaith.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 32:12.18.20-22. Fr v.5

L. Tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.

1.

Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu,
an pobal a roghnaigh sé dó féin.
Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá. L.

2.

Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Is ann a ghairdíonn ár geroí;
is iontaoibh linn a ainm naofa. L.

3.

Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
do réir an dóchais a chuirimid ionat. L.

2. Sliocht as leabhar Geineasas 2:18-34
Déanann aon fheoil amháin díobh.

Dúirt an Tiarna Dia: Ní maith é an duine a bheith leis féin. Déanfaidh mé céile cúnta a dhiongbhála dó.” Chum an Tiarna Dia dá bhrí sin as an talamh ainmhithe an mhachaire go léir, éanlaith an aeir go léir, agus thug sé i láthair an duine iad féachaint cén t-ainm a thabharfadh sé orthu: cibé ainm a thabharfadh an duine ar gach dúil bheo, sin éa bheadh mar ainm air. Thug an duine ainm ar an eallach go léir, ar éanlaith an aeir go léir, agus ar na
hainmhithe allta. Ach ní bhfuarthas céile cúnta a dhiongbhála don duine. Chuir an Tiarna Dia suan trom ar an duine, agus, ina shuan dó, bhain sé easna as agus chuir feoil ina timpeall. An easna a bhain an Tiarna Dia as an duine, rinne sé bean aisti, agus thug chun an duine í.

Dúirt an duine ansin:
“Is cnámh de mo chnámh-sa í seo ar deireadh,
Agus is feoil de m’fheoil-se í.
Tabharfar bean (ís-eá) uirthi
Mar gur baineadh as an bhfear (ís) í.”
Uime sin, fägann an fear a athair agus a mháthair agus cloíonn sé lena bhean, agus déanann aon fheoil amnháin díobh.

Sin é bhriathar Dé.

 

L. Molaidís ainm an Tiarna.

L. Alleluia!

1.

Molaigí an Tiarna ó na flaithis,
molaigí sna harda é.
Molaigí é, a aingle uile leis
molaigí é, a armshlua uile leis. L.

2.

A shléibhte agus a chnoca uile,
a chranna toraidh agus a chranna céadrais go léir.
a ainmhithe allta agus a bheithíocha uile,
a phiasta agus a éanacha eiteacha. L.

3.

Ríthe na cruinne is na pobail uile,
flatha is breithiúna uile na cruinne;
ógánaigh agus maighdeana,
seanóirí agus leanaí. L.

4.

Molaidís ainnm an Tiarna,
mar is é a ainmsean amháin atá ardaithe.
Sáraíonn a mhaorgacht
talamh agus neamh. L.

3. Sliocht as leabhar Geineasas 24:48-51.58-68

Thug losác grá do Ribeacá agus ar an gcuma sin fuair sé sólás tar éis bhás a mháthar.

Dúirt searbhónta Abrahám le Lábán: Mhol mé an Tiarna, Dia mo mháistir Abrahám, a threoraigh mé le barr cineáltais chun iníon bhráthair mo mháistir a thoghadh dá mhac. Anois mar sin, más mian libh a bheith dilis ionraic le mo mháistir, insígí dom é; agus mura bhfuil
sibh, abraigí ionas go gcasfainn deiseal nó tuathal.”
D’fhreagair Lábán agus Batúél: On Tiarna é seo! Ní féidir linne sea ná ní hea a rá leat. Sin í Ribeacá os do chomhair. Tóg leat í agus imigh agus bíodh sí mar bhean ag mac do mháistir, faoi mar a dúirt an Tiarna.” Agus ghlaoigh siad ar Ribeacá agus chuir ceist uirthi: “An rachaidh tú leis an bhfear seo?” “Déanfaidh mé,” ar sí. Scaoil siad chun siúil dá bhrí sin Ribeacá a ndeirfiúr agus a buime agus searbhónta Abrahám agus a chuid fear.
Chuir siad beannacht ar Ribeacá agus dúradar léi:

“A dheirfiúr linn, bíodh an rath ort!
Go raibh na mílte de dheich mílte ar do shliocht!
Go raibh seilbh ag do shíol
Ar gheataí a naimhde.”

Ansin d’éirigh Ribeacá agus a hionailtí agus chuaigh ar muin na gcamall agus lean an fear: rug an searbhónta Ribeacá leis ar an tslí sin agus d’imigh. Bhí Iosác ag cur faoi sa Neigib agus é tagtha um an dtaca sin go dtí fásach Thobar an Bheo a Fheiceann. Le fuineadh an lae chuaigh losác amach ag siúl sna bánta; d’ardaigh sé a shúile agus d’ fhéach uaidh agus chonaic camaill chuige. Agus d’ardaigh Ribeacá a súile agus nuair a chonaic sí Iosác
tháinig anuas dá camall agus dúirt leis an searbhónta: “Cé hé an fear úd thall ag siúl an bháin inár dtreo? “Siúd é mo mháistir,” arsa an searbhónta á freagairt. Thóg sí an fial ansin agus chuir thar a ceannaithe é. D’inis an searbhónta do losác gach a raibh déanta aige. Rug Iosác
Ribeacá leis isteach ina bhoth, rinne a chuid féin di, agus thug grá di. Fuair Iosác sólás ar an gcuma sin tar éis bhás a mháthar.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 144:8-10.15.17-18. Fr v9

L. Is maith é an Tiarna don uile ní.

1.

Is ceansa trócaireach é an Tiarna,
mall chun feirge agus lán de chineáltag
Is maith é an Tiarna don uile ní,
is is trócaireach é dá oibreacha uile, L.

2.

Ceiliúrfaidh d’oibreacha thú, a Thiarna.
agus beannóidh do dhaoine naofa thú.
Bíonn súile cách ag feitheamh ort,
agus tugann tú bia dóibh in am tráth. L

3.

Is firéanta an Tiarna ina shlite uile
is is naofa é ina oibreacha go léir.
Is gairid an Tiarna dá ngaireann air,
dá ngaireann air go firinneach. L.

4. Sliocht as leabhar Tóibít 7:6-14

Go rathai Tiarna neimhe sibh, a mhic, agus go dtuga Se grásta agus siocháin daoibh.

Agus é ag sileadh deor thug Raguéil póg do Thóibias. Dúirt sé leis ansin: “Bail ó Dhia ort, a bhuachaill, a mhic an dea-athar uasail! Nach trua an scéal é gur chaill fear firéanta déirciúil mar é radharc a shúl!”” Chaith sé é féin ansin ar bhráid Thóibias agus é ag gol go fuíoch agus
thosaigh Eadna, a bhean chéile, agus Sárá, a iníon, ag gol chomh maith mar gheall ar Thóibít.

Ina dhiaidh sin mharaigh sé reithe as an tréad agus cuireadh fäilte fhíorchaoin rompu. Tar éis dóibh iad féin a ní agus a fholcadh lig siad fúthu ag bord. Ansin dúirt Tóibias le Rafael: “A Azairias, a bhráthair liom, abair le Raguéil Sárá, mo bhean mhuinteartha, a thabhairt dom.”
Ach chuala Raguéil an chaint sin agus dúirt sé leis an mbuachaill: “Ith agus ól agus bíodh áhas ort an oíche seo, mar níl aon fhear eile ann seachas tú féin, a bhráthair liom, a bhfuil sé de cheart aige m’iníon a fháil. Mar an gcéanna, i dtaca liomsa de, níl aon údarás agam í a thabhairt d’aon fhear eile ach duitse amháin, mar is agatsa atá an gaol is gaire liom. Mar sin féin, a mhic, caithfidh mé an fhírinne ionmlán a insint duit. Is amhlaidh a thug mé mar chéile í do sheachtar fear dár mbráithre féin ndiaidh a chéile, ach maraíodh gach duine díobh chomh
luath agus a chuaigh siad isteach ina seomra an oíche sin. Ach ith agus ól leat anois, a mhic, agus cá bhfios nach dtabharfaidh an Tiarna a ghrásta agus a shíocháin duitse?” Ach dúirt Tóibias: Ní íosfaidh ná ní ólfaidh mé dada feasta nó go ndéanfaidh tú socrú éigin i mo thaobhsa.” “Tá go maith,” arsa Raguéil leis, “ós leatsa i do réir dlí leabhar Mhaois, ordaíonn na flaithis fëin í a thabhairt duit. Mar sin de, glac cúram do mhná muinteartha ort féin. On uair seo amach is tusa a fear céile agus is ise do bhean chéile; is leatsa í ón lá seo ámach agus go deo. Go rathaí Tiarna neimhe sibh anocht, a mhic, agus go dtuga sé grásta agus síocháin dạoibh.” Ansin chuir Raguéil fios ar a iníon, Sárá, agus tháinig si chuige. Rug sé greim láimhe uirthi agus thug sé do Thóibias í á rá: “Cuirim faoi do chúram í; tugann an dí agus an reacht atá scríofa i leabhar Mhaois duit i mar bhean chéile. Tóg í; beir leat abhaile go teach d’athar í le coinsias glan agus go rathaí Dia neimhe bhur dturas.” Chuir sé fios ar a mháthair ansin agus dúirt sé léi páipéar a thabhairt chuige. Ansin scríobh sé conradh pósta amach ag tabhairt Sárá dó mar bhean chéile de réir an reachta atá i ndlí Mhaois. Ina dhiaidh sin thosaigh siad ag ithe agus ag ól.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 32:12.18.20-22.Fr v.5

L. Tá an talamh lán de bhuanghrá an Tiarna.

1.

Is méanar dá mbíonn an Tiarna ina Dhia acu,
an pobal a roghnaigh sé dó féin.
Féach, tá súile an Tiarna ar lucht a eaglaithe,
orthu sin a chuireann a ndóchas ina bhuanghrá. L.

2.

Bíonn ár n-anam ag feitheamh leis an Tiarna:
is é sin ár gcabhair is ár sciath.
Is ann a ghairdíonn ár geroí;
is iontaoibh linn a ainm naofa. L.

3.

Tabhair dúinn do bhuanghrá, a Thiarna,
do réir an dóchais a chuirimid ionat. L.

5. Sliocht as leabhar Tóibít 8:4-8
Go bhfaighimid aois mhaith i dteannta a chéile.

Oíche an phósta dúirt Tóibias le Sárá: “Guímis agus iarraimis ar ár dTiarna trócaire a dhéanamh orainn agus sinn a shlánú.” D’éirigh sise agus thosaigh siad ag guí agus ag iarraidh go slánófaí iad agus chuir Tóibias tús ar an urnai mar seo:
“Is beannaithe thú, a Dhia ár sinsear;
go moltar d’ainm choíche agus go brách;
na flaithis agus gach ar chruthaigh tú,
go mola siad thú go deo.
Is tusa a rinne Adhamh;
rinne tú Eabha, a bhean chéile, chomh maith
chun cabhair agus cúnamh a thabhairt dó;
agus is ón mbeirt seo a shíolraigh an cine daonna.
Is tú a đúirt: Ní maith an duine a bheith ina aonar;
déanaimis céile cúnta dó cosúil leis féin.
Mar sin de, ní le teann drúise
a ghlacaim mo bhean mhuinteartha chugam mar chéile
ach le croí ionraic glan.
Deonaigh trócaire a dhéanamh ormsa agus uirthi
sa chaoi go bhfaighimis aois mhaith i dteannta a chéile.”
Agus dúirt siad araon ansin: “Amen! Amen!”

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 102:1-2.8.13 Fr v.8. Mal Fr v.17

L. Is grámhar trócaireach é an Tiarna.

L. Maireann buanghrá an Tiarna i gcónaí
don dream ar a mbíonn a eagla.

1.

Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
beannaíodh a bhfuil istigh ionam a ainm naofa.
Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom,
is ná déan dearmad dá thíolacthaí go léir. L.

2.

Is grámhar trócaireach é an Tiarna,
foighneach agus lán de cheansacht.
Ambail is trua leis an athair a chlann,
is trua leis an Tiarna lucht a eaglaithe. L.

3.

Maireann buanghrá an Tiarna i gcónaí
don dream ar a mbíonn a eagla,
agus a fhíréantacht do chlanna gclainne,
nuair a choinníonn siad a chonradh go dílis. L.

 

6. Sliocht as leabhar na Seanfhocal 31:10-13,19-20,30-31
Is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.

Bean chéile gan cháim, cé ar féidir leis i a fháil?
Is luachmhaire í ná péarlaí.
Is inti a chuireann a fear a mhuinín go léir,
agus ní bheidh aon cheal brabaigh air dá barr.
Ní dochar ach sochar a dhéanfaidh sí dó
ar feadh a saoil.
Lorgann sí olann agus líon,
agus oibríonn sí go dícheallach lena lámha.
Coinníonn sí an coigeal ina láimh
agus beireann a méireanna ar an bhfearsaid.
Caitheann sí go fial leis an duine dearóil,
agus tugann sí déirc don duine bocht.
Is mealltach í an scéimh, agus is neamhbhuanían
áilleacht;
is don bhean ar a bhfuil eagla an Tiarna is dual moladh.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 127:1-5. Fr v.1

L. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.

1.

Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Íosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tủ go sona séanmhar. L.

2.

Beidh do bhean amhail finiúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. L.

3.

Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol. L.

 

7. Sliocht as Laoi na Laoithe 2:8-10.14.16;8:6-7
Ní láidre an bás ná an grá.

Éist! mo ghrá!
Chugainn é
thar bharr na gcnoc
ag léim na ngleannta.
Cosúil mo ghrá le heilit
nó le fia óg ag léim.

Sin é lasmuigh anois é,
ag féachaint isteach an fhuinneog,
Ag faire agus ag glinniúint.
Seo é mo ghrá ag labhairt liom:
“Éirigh chugam, a rún;
a ghile, gluais liom.

Mo cholmi scailp na haille,
i bhfolach i bpluaiseanna,
dá bhfeicfinn do ghnúis,
dá gchuinfinn do ghuth!
óir is binné do ghuth,
is álainn í do ghnúis.”

Liomsa mo ghrá agus leis-sean mise.

Cuir mar shéala ar do bhrollach mé,
mar fháinne ar do láimh.
Oir ní láidre an bás ná an grá,
ní doichte an tEad ná Tír an Bháis.
Is tine dhóite é,
sárlasair.

Díle uisce
ní mhúchfadh an grá,
ná tuile abhann
ní scuabfadh chun siúil é.
An té thairgfeadh a chuid den saol ar ghrá,
tarcaisne a gheobhadh sé.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinnoegach Sm 127:1-5. Fr v.1. Mal Fr v.4

L. Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna.

L. Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.

1.

Is aoibhinn do chách lerb eagal an Tiarna
agus a shiúlann ina shlite.
Iosfaidh tú toradh do shaothair féin.
Beidh tú go sona séanmhar. L.

2.

Beidh do bhean amhail finiúin thorthach
i gceartlár do thí;
beidh do chlann mar bhuinneáin olóige
agus iad mórthimpeall do bhoird. L.

3.

Is amhlaidh a bheannófar an fear
ar a mbíonn eagla an Tiarna.
Go mbeannaí an Tiarna thú as Síón amach
gach lá de do shaol! L.

 

8. Sliocht as leabhar Síorach 26:1-4.13-16

Mar an ghrian ag éiri is ea áille dea-mhná i dteach dea-riartha.

I méanar don fhear a bhfuil bean chéile mhaith aige;
méadófar líon a laethanta faoi dhó.
Cuireann bean chéile dhiongbháilte áthas ar a fear,
agus caitheann sé a shaol faoi shuaimhneas.
Tabhartas breá is ea bean chéile mhaith;
bronnfarímar chuid an té a bhfuil eagla an Tiarna air.
Más bocht saibhir é, bíonn a chroí go sona sásta;
agus bíonn aoibh an gháire ar a bhéal i gcónaí.
Is geal le fear grástúlacht a mhná,
agus cuireann a cuid eolais saill ar a chnámha.
Bronntanas ó Dhia bean ar bheagán focal;
ní féidir luach a chur ar mheon dea-mhúinte.
Tabhartas ar thabhartas bean mhodhúil;
ní fëidir aigne gheamnaí a mheá mar is dual.
Mar an ghrian ag éirí de dhroim sléibhte an Tiarna,
is mar sin atá ag áille dea-mhná i dteach dea-riartha.
Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 33:2-9. Fr v. 2, Mal Fr v. 9

L. Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth.

L. Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.

1.

Beannóidh mé an Tiarna gach uile thráth,
beidh a mholadh ar mo bhéal de shíor.
Déanann m’anam mórtas as an Tiarna;
cluineadh lucht na huirísle agus déanaidís lúcháir. L.

2.

Móraigí an Tiarna mar aon liom,
agus adhraimis a ainm in éineacht.
Chuardaigh mé an Tiarna agus d’ fhreagair sé mé,
agus shaor mé ar gach uile eagla. L.

3.

Féachaigí ina threo chun go mbeadh gliondar oraibh
is nach mbeadh luisne náire ar bhur n-aghaidh.
Scread an t-ainniseoir is chuala an Tiarna é,
agus shaor sé é óna anacraí go léir. L.

4.

Cuireann aingeal an Tiarna campa
thart timpeall lucht a eaglaithe, is fuasclaíonn iad.
Blaisigí agus féachaigí a fheabhas atá an Tiarna.
Is aoibhinn don fhear a thriallann chuige. L.

 

9. Sliocht as leabhar Irimia fáidh 31:31-34
Déanfaidh mé conradh nua le teach losrael agus le teach lúdá.

Féach, tá na laethanta ag teacht- an Tiarna a labhraion
-a ndéanfaidh mé conradh nua le teach Iosrael agus le
teach lúdá, ní ar nós an chonartha a rinne mé lena n-
aithreacha an lá ar ghlac mé ar láimh iad á dtabhairt amach
as críoch na hEigipte. Bhriseadar an conradh sin orm,
gur thaispeáin mé dóibh cérbh é an máistir – an Tiarnaa
labhraíonn. Ach is é seo an conradh a dhéanfaidh mé le
teach Iosrael nuair a thiocfaidh na laethanta sin – an
Tiarna a labhraíonn. Cuirfidh mé mo dhlí iontu istigh
agus scríobhfaidh mé ina gcroí é. Beidh mé ansin i mo
Dhia acu agus beidh siadsan ina bpobal agamsa. Ní
bheidh call feasta le duine a bheith ag iarraidh a
chomharsa a mhúineadh, ná le deartháir a rá lena
dheartháir: “Bíodh aithne ar an Tiarna agat!”” Ní hea,
beidh aithne acu go léir orm., ón té is lú díobh go dtí an té
is mó – an Tiarna a labhraíonn – óir maithfidh mé a n-
éigeart dóibh agus ní chuimhneoidh mé ar a bpeacaí níos
mó.

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 111:1-9. Fr v. 1

L. Is aoibhinn don fhear ar a mbíonn eagla an Tiarna.

L. Alleluia!

1.

Is aoibhinn don fhear ar an mbíonn eagla an Tiarna,
a thugann taitneamh á aitheanta uile.
Beidh a shliocht siúd go tréan ar talamh;
is beannaithe iad clann an duine fhíréanta. L.

2.

Bíonn maoin is maitheas ina theaghlach;
mairfidh a fhíréantacht go brách is choiche.
Lonraíonn sé sa dorchacht do dhaoine cneasta:
is trócaireach é, is fial, is ionraic. L.

3.

Bíonn an dea-dhuine carthanach airleacthach,
riarann sé a ghnó go ceart onórach.
Ní chorrófar an firéan choíche:
mairfidh a chuimhne go brách na breithe. L.

4.

Ní chuirfidh drochscéal eagla air;
is daingean a chroí, is é an Tiarna a dhóchas.
Is dílis daingean a chroí gan eagla;
feicfidh sé a naimhde is iad á dtreascairt. L.

5.

Dáileann sé a chuid go fial ar lucht an ghátair.
Maireann a fhéile go brách is choíche.
Tógfar a cheann, ardófar a chumhacht go glórmhar. L.
Tá an léacht seo oiriinach do Thráth na Cásca.

 

10. Sliocht as leabhar an Apacailipsis 19:1.5-9
Is méanar dóibh siúdafhaigheann cuireadh chun bainis an Uain.

Ina dhiaidh sin chuala mise, Eoin, mar a bheadh gló mathshlua mhóir sna flaithis á rá: “Alleluia! Is lenár nDi: slánú agus glóir agus neart.”
Agus tháinig guth ón ríchathaoir amach á rá: “Molaigí bhur nDia, a sheirbhíseacha go léir leis, sibhse ar a bhfuil a eagla, idir bheag agus mhó.”
Ansin chuala mé glór mar a bheadh glór mathshlua mhóir agus mar a bheadh glór tuiltí lána, agus mar a bheadh glór toirní tréine, agus iad á rá: “Alleluia! Óir tháinig an Tiarna, ár nDia Uilechumhachtach, i réim. Déanaimis gairdeas agus lúcháir agus tugaimis glóir dó.
Oir tá bainis an Uain tagtha, agus tá a nuachair arna hullmhú féin. Deonaíodh di í féěin a ghléasadh i línéadach mín geal glioscarnach, óir is iad oibreacha firéantachta na naomh an línéadach mín.” Agus dúirt an t-aingeal liom: “Is méanar dóibh siúd a fhaigheann cuireadh chun bainis an Uain”

Sin é briathar Dé.

 

Salm Loinneogach Sm 148:1-4.9-14. Fr v. 12

L. Molaidís ainm an Tiarna.

L. Alleluia!

1.

Molaigí an Tiarna ó na flaithis,
molaigí sna harda é.
Molaigí é, a aingle uile leis,
molaigí é, a armshlua uile leis. L.

2.

Molaigí é, a ghrian is a ghealach,
molaigí é, a réaltaí soilseacha uile.
Molaigí é, a fhlaitheasa na bhflaitheas,
agus a uiscí atá os cionn na bhflaitheas. L.

3.

A shléibhte agus a chnoca uile,
a chranna toraidh agus a chranna céadrais go léir,
a ainmhithe allta agus a bheithíocha uile,
a phiasta agus a éanacha eiteacha. L.

4.

Rithe na cruinne is na pobail uile,
flatha is breithiúna uile na cruinne;
ógánaigh agus maighdeana,
seanóirí agus leanaí. L.

5.

Molaidís ainm an Tiarna,
mar is é a ainmsean amháin atá ardaithe.
Sáraíonn a mhaorgacht
talamh agus neamh. L.

 

Samplaí de Ghuí an Phobail

Ní miste cuid díobh seo a roghnú nó cinn eile mar iad a chumadh.

Nuair a bhíonn ábhar ghuí an phobail á shocrú, ba chóir cuimhneamh air go bhfuil urnaí le déanamh ar son na hEaglaise, ar son na n-údarás sibhialta, ar son lucht anró de gach sórt, ar son slánú an chine dhaonna, chomh maith leis an lánúin nuaphósta féin.

1.

Ceannaire

Guímis anois
ar son na lánúine nuaphósta,
ar son daoine pósta i ngach áit,
ar son na hEaglaise, agus ar son an tsaoil mhóir.

Cúntóir

Ar son A. agus A.,
go ndéana an Tiarna,
a bhronn áthas an lae seo orthu,
iad a choimeád go dlúth le chéile
i ndílse agus i ngrá go deo.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son tuismitheoirí A. agus A.,
ar son a gcairde,
agus ar son gach duine a chabhraigh leo
an pósadh Críostaí seo a chur i gcrích.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son an tsaoil mhóir,
agus ar son an uile dhuine.
go gcuire Dia a shíocháin mar bheannacht orthu
agus a ghrá mar dhídean.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son ár muintire féin,
agus ar son ár dteaghlach,
a fháiltíonn roimh Chríost in imeachtaí an lae,
go gcuire siad aithne air agus fáilte roimhe
faoi chló na mbocht agus na ndearóil.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son na hEaglaise, céile Chríost,
go raibh sí aontaithe sa chreideamh agus sa ghrá.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son cách atá faoi leatrom,
agus ar son na muintire in éamais grá agus cúraim.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son lánúineacha pósta, cibé áit ina bhfuil siad,
go raibh a saol ina shampla aontais, dílseachta agus grá
dúinn go léir.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son gach aon duine atá ag caoineadh
agus sinne ag gáire,
go raibh misneach agus sólás ó Dhia acu.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

Ar son ár gcairde atá ar shlí na firinne,
agus ar son na marbh go léir,
go rabhaimid i dteannta a chéile arís
in aoibhneas na bhflaitheas.
A Thiarna, éist linn.

Pobal

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cúntóir

A Dhia, a Athair linn,
agus a Chruthaitheoir gach uile mhaith,
éist leis na hachainíocha seo
a dhéanaimid le teann muiníne
in Iosa Críost, do Mhac, ár dTiarna.
Pobal Amen.

 

2.

Ceannaire

Guímis:
Ag an bpósadh a bhí i gCána,
bhí Rí na nGrás ann i bpearsa.
larraimis air an lánúin seo a bheannú,
faoi mar a bheannaigh sé an bhainis úd sa Ghailíl.

Brídeog

A Íosa, a Mhic Mhuire,
Déan trócaire orainn.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Fear

Bí um thús ár slí,
Bí um chríoch ár saoil.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Brídeog

Bí ag múscailt ár mbeatha,
Bí ag dubhadh ár lae.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Fear

Bí romhainn agus linn,
Go deireadh ár ré.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Brídeog

Coisric sinn,
Cor agus crann.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Fear

Coisric sinn,
Corp agus cuid.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Brídeog

Coisric sinn,
Croí agus cré.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Fear

Ár gcroí is ár gcré,
Gach lá duit féin.

Pobal

A Rí na Rí,
A Dhia na nDúl.

Athair na Brídeoige

Bua ratha daoibh,
Bua mac is iníonacha daoibh,
Bua mara is tíre daoibh.

Máthair na Brídeoige

Bua grá daoibh,
Bua dílse daoibh,
Bua Flaithis daoibh,
Bua lae is oíche daoibh.

Athair an Fhir

Maitheas mara daoibh,
Maitheas tailimh daoibh,
Maitheas Neimhe daoibh.

Máthair an Fhir

Gach lá sona daoibh,
Gan lá dona daoibh,
Onóir is urraim daoibh,
Grá gach duine daoibh.

Ceannaire

A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh,
dearc anuas ar do sheirbhísigh A. agus A.,
atá aontaithe sa phósadh anseo inniu,
agus tabhair dóibh, as ucht a ngrá dá chéile,
go mairfidh a ngrá duitse go buan.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

 

Pobal Amen

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0

Related Pages