Gnás Na Sacraimintí don Té Atá Ag Saothrú An Bháis

GNÁS LEANÚNACH NA hAITHRÍ, AN UNGTHA AGUS AN LÓIN SHÍORAÍ

 

Ba cheart don sagart a fháil amach an dteastaíonn ón othar a fhaoistin a dhéanamh, agus má theastaíonn, ba cheart í a éisteacht sula gcuirtear an ola ar an othar agus sula riartar an lón síoraí air. Má éistear a fhaoistin i rith an cheiliúrtha, ba cheart é sin a dhéanamh roimh an ungadh. Mura n-éistear í, ba cheart ghnás na haithrí a cheiliúradh.

Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis, ba cheart an ola a chur air le haon ungadh amháin agus an lón síoraí a riar air láithreach. Nuair is mó fós an baol ba cheart riail uimh. 30 a leanúint agus an lón síoraí a riar air láithreach gan an ola a chur air sa chaoi go mbeidh corp Chríost, gealltanas an aiséirí á neartú agus é ag imeacht as an saol seo. Tá sé de dhualgas ar na fíréin atá ag saothrú an bháis an chomaoineach naofa a ghlacadh.

Más féidir é, níor cheart an cóneartú i mbaol an bháis agus ungadh na n-easlán a chomóradh san aon ghnás leanúnach amháin, le heagla go mbeadh míthuiscint ann faoin dá shacraimint i ngeall ar an dá ungadh. Más gá é, áfach, ceiliúrtar an cóneartú díreach sula mbeannaítear ola na n-easlán agus ní leagtar lámha ar an othar le linn gnás an Ungtha.

DEASGHNÁTHA TOSAIGH
Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A
Sagart: Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.
nó:  B
Sagart: Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).

C
Sagart: Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh
libh go léir.
Freagra: Agus leat féin.

nó: D
Sagart: Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
Freagra: Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.
nó:
Freagra: Agus leat féin.

Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo nó focail atá le fáil i ríotas ar leith á rá aige:

Sagart: Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh
rannpháirteach thú (sibh) i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.
Más gá é, labhraíonn an sagart go muinteartha leis an othar agus ullmhaíonn é chun na sacraimintí a cheiliúradh. Má tá sé feiliúnach, ní miste dó sliocht gearr as an soiscéal a léamh a spreagfadh an t-othar chun aithrí a dhéanamh agus chun grá a thabhairt do Dia. Nó ní miste dó an t-othar a theagasc sna focail seo nó i bhfocail a réiteodh níos fearr leis an mbail atá ar an othar:

Sagart: A chlann ionúin,
tá ár dTiarna Íosa Críost in éineacht linn i gcónaí. Déanann sé beatha a phobail a
athnuachan trí ghrásta na sacraimintí; tugann sé cumhacht do na sagairt a bpeacaí a
mhaitheamh dóibh sin a dhéanann aithrí; agus tugann sé sólás do na heasláin tríd an
ungadh naofa. Dóibh sin atá ag súil lena theacht athuair, tugann sé a chorp agus a
chuid fola mar lón síoraí chun dóchas na beatha síoraí a neartú iontu. Dá bhrí sin,
guímis le barr grá ar son ár mbráthar (siúrach) ar a mbronnfaimid na trí shacraimint
seo.


DEASGHNATHA NA hAITHRÍ

Éisteann an sagart faoistin an othair, más gá é sin. In am an riachtanais, ní miste í a bheith ina faoistin ghinearálta.
Nuair nach n-éistear faoistin an othair nó go bhfuil daoine eile ann atá leis an gcomaoineach a ghlacadh, tugann an sagart cuireadh don othar agus dóibh sin ar fad atá i láthair páirt a ghlacadh i ndeasghnátha na haithrí:

A
Sagart: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith
páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:

Freagra: Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí,
(buaileann siad a n-ucht)
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Críochnaíonn an sagart:
Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.


Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:
B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
Sagart: Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithmidne do chách le grá duit féin.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo atá ina
charraig le cruas. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Ó bhun na croíche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
C
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

Sagart: Déan trócaire orainn, a Thiarna.
Freagra: Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

Sagart: Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
Freagra: Agus tabhair dúinn do shlánú.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
D
Fanann cách tamall gearr ina dtost.
Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:

Sagart: Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

 

AN LOGHA
Tar éis na faoistine nó deasghnátha na haithrí ní miste don sagart an lánlogha dóibh sin atá ag saothrú an bháis a bhronnadh ar an othar:

A
Sagart: Trí na cumhachta atá tugtha ag an bPápa dom tugaim duit lánlogha agus maithiúnas
i do pheacaí go léir, in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen.

nó: B.
Sagart: Trí pháis agus aiséirí Chríost go saora Dia uilechumhachtach thú ó gach uile phionós
ar an saol abhus agus ar an saol thall.
Go n-osclaí sé geataí na bhflaitheas duit agus go bhfáiltí romhat isteach in aoibhneas
na beatha síoraí.
Freagra: Amen.

 

ADMHÁIL CHREIDIMH AN BHAISTE
Má tá an t-othar in ann dó, déantar admháil chreidimh an bhaiste agus deirtear liodán gearr, agus freagraíonn an t-othar, má tá sé in ann, agus na daoine eile atá i láthair.
Labhraíonn an sagart cúpla focal mínithe i dtosach agus ansin cuireann sé na ceisteanna seo:
Sagart: An gcreideann tú i nDia an tAthair uilechumhachtach,
cruthaitheoir neimhe agus talún?
Freagra: Creidim

Sagart: An gcreideann tú in Íosa Críost, a Aonmhacsan, ár dTiarna,
a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh,
a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar ?
Freagra: Creidim

Sagart: An gcreideann tú sa Spiorad Naomh, sa NaomhEaglais chaitliceach,
i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí,
in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí ?
Freagra: Creidim


AN LIODÁN

Ní miste na foirmlí seo leanas a athrú chun friotal níos fearr a chur ar achainí an othair agus na ndaoine atá i láthair.
Sagart: A chlann ionúin, guímis ar son ár mbráthar (siúrach), A.,|
go neartaí an Tiarna é (í) lena shacraimintí.
A Dhia ár nAthair, féach ar ár mbráthair (siúr) agus
feicfidh tú faoina c(h)ló do Mhac agus é ag fulaingt. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Sagart: Tabhair aire dó (di) i gcónaí chun go mbeidh do ghrá ina ábhar sóláis dó (di).
A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Sagart: Bronn air (uirthi) do shíocháin is do neart. A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn

Má cheiliúrtar sacraimint an chóneartaithe sa ghnás leanúnach céanna seo, leanann an sagart air mar atá leagtha síos ag deireadh an chaibidil. Sa chás sin ni leagtar na lámha ar an other ach beannaíonn an sagart an ola, más gá sin, agus cuireann ar an othar í.

 

SACRAIMINT AN UNGTHA

Leagann an sagart a lámha ar cheann an othair gan dada a rá. Nuair a chaithfidh an sagart an ola a bheannú, deir sé :

A
Sagart: Beannaigh an ola seo, a Thiarna, agus beannaigh ár mbráthair (siúr)
atá breoite ar a gcuirfimid í.


LEAGANACHA EILE :

B
Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic.
Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é
do thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí.
Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: A Thiarna Dia,
éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo atá ceaptha le
bheith ina híocshláinte do do mhuintir.
Iad sin a nguímid le barr creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go
bhfaighe siad leigheas ina n-easláintí go léir.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

C
Sagart: Guímis,
A Thiarna Dia, a Athair na n-uile shólás, chuir tú do Mhac, Íosa Críost,
ar an saol seo chun na heasláin a leigheas.
Éist leis an urnaí a dhéanaimid le barr creidimh
agus cuir an Spiorad Naomh, an Sólásaí, anuas ar an ola seo.
Is í toradh chrann na holóige í agus chuir tú ar fáil dúinn í chun ár gcorp a leigheas.
Cuir do bheannacht ar gach aon duine ar a gcuirtear an ola seo.
Saor iad ón tinneas agus ón bpian agus tabhair dóibh sláinte choirp,
intinne agus anama.
Beannaigh an ola seo dúinn, a Thiarna, in ainm Íosa Críost, do Mhac,
a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
Freagra: Amen


 

URNAÍ BHUÍOCHAIS

Má tá an ola beannaithe cheana féin, ní miste don sagart an urnaí bhuíochais a rá os a cionn:
Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slanaithe.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic.
Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí a leigheas.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí.
Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
Freagra: Moladh go deo le Dia.

Sagart: A Thiarna Dia,
le barr creidimh cuirfear an ola naofa seo ar do shearbhónta.
Tabhair faoiseamh dó (di) ina p(h)ianta agus neartaigh é (í) ina lagar.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen

 

AN tUNGADH

Tógann an sagart an ola ansin agus cuireann í ar chlár éadain agus ar lámha an othair, á rá aon uair amháin:
Sagart: Tríd an ungadh naofa seo agus trína mhórghrá féin duit
go gcuidí an Tiarna leat le grásta an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen

Sagart: An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
Freagra: Amen

 

AN PHAIDIR

Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
Sagart: Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
Leanann cách ar aghaidh:
Freagra: Ár nAthair ….

 

AN LÓN SÍORAÍ

Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:
Sagart: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
Freagra: A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon,
ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
Sagart: Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraionn an t-othar: Amen.

Deir an sagart láithreach nó taréis dó an chomaoineach a riar:
Sagart: Go gcumhdaí an Tiarna Íosa Críost thú agus
go dtuga slán thú isteach sa bheatha shíoraí.
Freagraionn an t-othar: Amen.

Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

 

DEASGHNÁTHA DEIRIDH
Deir an sagart an urnaí dheiridh:

A
Sagart: Guímis.
A Athair, is é do Mhac, Íosa Críost, ár mbealach,
ár bhfírinne agus ár mbeatha. Cuireann ár mbráthair (siúr), A., é (í)
féin faoi do choimirce le lánmhuinín as do ghealltanais.
Déan é (í) a athnuachan le corp agus fuil do Mhic agus
tabhair slán isteach i do ríocht é (í) faoi shíocháin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.



URNAITHE EILE

B
Sagart. A Thiarna,
is tú údar na sláinte síoraí dóibh siúd a chreideann ionat.
Rinne tú ár mbráthair (siúr), A., a athnuachan le bia agus deoch ó na flaithis. Go dtaga sé (sí) slán chun ríocht an tsolais agus na beatha.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

nó: C
Sagart: A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) taréis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh.
Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.


 

AN BHEANNACHT

Ansin beannaíonn sé an t-othar agus iad siúd ar fad atá i láthair:
Sagart: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen.


Ní miste na foirmlí seo a úsáid:
B
Sagart: Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go leigheasa Dia an Mac thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slánaí sé d’anam.
Freagra: Amen.

Sagart: Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
Freagra: Amen.

(Sagart: Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen).

nó:

C
Sagart: Críost ionat do do chumhdach.
Freagra: Amen.

Sagart: Críost romhat do do threorú. Críost i do dhiaidh do do neartú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
Freagra: Amen.

(Sagart: Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen.).


 

COMHARTHA NA SÍOCHÁNA

Ní miste don sagart agus do na daoine eile atá i láthair comhartha na síochána a thabhairt don othar.

GNÁS AN UNGTHA GAN LÓN SÍORAÍ

Má tá an ola le cur ar othar atá i mbéal báis gan an lón síoraí a riar air, úsáidtear an gnás a thugtar thuas agus é athraithe mar seo:
a) Athraítear an teagasc tosaigh mar seo leanas:

Sagart: A chlann ionúin,
dúirt ár dTiarna Íosa Críost linn trí Sheamas aspal:
“Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”

Cuirimis ár mbráthair (siúr) faoi choimirce ghrásta agus chumhacht Chríost chun go bhfaighidh sé (sí) faoiseamh agus slánú.

b) Taréis an ungtha deir an sagart urnaí a d’f heilfeadh don bhail atá ar an othar:

A I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
Sagart: Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bharr na seanaoise.
Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó (di) chun é (í) a neartú sa
chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách
méid do ghrá dúinn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

B Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis :
Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenar lagar agus
d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é(í) agus
tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen.

C Don té atá ar an dé deiridh:
Sagart: A Athair róchineálta,
is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá agus ní dhiúltaíonn tú maithiúnas riamh
dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí. Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a
bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a
dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh. Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di),
maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh
dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí
shaol na saol.
Freagra: Amen.

 

UNGADH FAOI CHOINNÍOLL

Má tá amhras ar an sagart an bhfuil an t-othar beo fós, ní miste dó é a ungadh mar seo a leanas: Téann sé chuig an othar agus, má tá an t-am ann chuige, deir:

Sagart: Guímis le barr creidimh ar son ár mbráthar (siúrach), A. Go dtaga Tiarna na trócaire
chuige (chuici) agus go ndéana a neart a athnuachan trí bhrí an ungtha naofa seo.
A Thiarna, éist linn.
Freagra: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cuireann sé an ola air (uirthi) láithreach, á rá:
Sagart: Má tá tú beo, tríd an ungadh naofa seo agus trína chaointrócaire féin go gcuidí an
Tiarna leat le grásta an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen.

Sagart: An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
Freagra: Amen.
Ní miste don sagart paidir a rá ansin a d’fheilfeadh don bhail atá ar an othar:

A Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis:
Sagart: A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus
d’iompar tú ár bpianta i do pháis. Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A.,
atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é (í) agus
tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Freagra: Amen.

B Don té atá ar an dé deiridh:
Sagart: A Athair róchineálta,
is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá go léir agus ní dhiultaíonn tú maithiúnas
riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a
dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus
neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh
dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí
shaol na saol.
Freagra: Amen.

 

AN CÓNEARTÚ A BHRONNADH AR DHUINE ATÁ I mBAOL AN BHÁIS

Nuair is féidir é, baintear feidhm as an ngnás go léir mar atá sé le fáil i nGnás an Chóneartaithe. In am an ghéar-riachtanais, áfach, is mar seo leanas atá an gnás:
Leagann an sagart a lámha ar an othar, á rá:

Sagart: A Dhia uilechumhachtaigh, Athair ár dTiarna Íosa Críost,
shaor tú do chlann anseo ón bpeaca le huisce agus leis an Spiorad Naomh
agus bhronn tú beatha nua orthu.
Tabhair dóibh an Spiorad Naomh, a Thiarna, mar Threoraí agus mar Shólásaí.
Tabhair dóibh spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad an bhreithiúnais agus
an nirt, spiorad an eolais agus an ghrá, spiorad na hurraime duit féin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Tumann sé ordóg na láimhe deise sa chriosma agus gearrann fíor na croise ar chlár éadain an té atá le cóneartu, á rá:
A A., séalaím thú le bronntanas an Spioraid Naoimh.
Freagraíonn an té atá taréis a chóneartaithe, más féidir leis: Amen.
Ní miste míreanna eile de na gnásanna tosaigh agus deiridh a chur leis sin de réir mar a oireann.

I gcas an ghéar-riachtanais, is leor go ndéanfaí an t-ungadh le foirmle na sacraiminte:
A A., séalaím thú le bronntanas an Spioraid Naoimh.

 

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0