Ord an Bhaiste: Mórán Leanaí

Cuirtear Fáilte Roimh Na Leanaí


Más féidir é, is ceart an baisteadh a dhéanamh ar an Domhnach, ar lá a cheiliúrann an Eaglais rúndiamhair na Cásca. Ba cheart na leanaí nua-shaolaithe a bhaisteadh i searmanas poiblí agus an pobal go léir i láthair, nó ar a laghad gaolta, cairde agus comharsana na leanaí, agus páirt ghníomhach a glacadh acu sna deasghnátha. Sé gnó an athar agus na máthar mar aon leis na carais Chríost, an leanbh a chur i láthair na hEaglaise lena bhaisteadh.

Má tá iliomad leanaí le baisteadh agus a lán sagart nó deochan i láthair, ní miste dóibh cabhrú leis an gceiliúraí ins na háiteanna a luaitear thíos.

Ní miste don phobal salm nó iomann a chanadh le linn don cheiliúraí agus na freastalaithe siúl i dtreo dhoras na heaglaise nó pé áit eile san eaglais ina bhfuil na tuismitheoirí agus na carais Chríost ag feitheamh i dteannta na leanaí. Bíonn ailb nó suirplís á caitheamh ag an gceiliúraí agus stoil de dhath oiriúnach agus cópa más maith leis.

Beannaíonn an ceiliúraí don phobal, go háirithe do na tuismitheoirí agus do na carais Chríost. I mbeagán focal meabhraíonn sé dóibh an lúcháir lenar fháiltigh na tuismitheoirí roimh a leanaí, ag glacadh leo mar bhronntanas ó Dhia, údar na beatha, agus gurb é a thoil siúd anois a bheatha féin a bhronnadh ar na leanaí seo.



Ar dtús ceistíonn an ceiliúraí tuismitheoirí gach linbh.

Ceiliúraí: Cad é an t-ainm is mian libh a thabhairt ar bhur leanbh ?
Tuismitheoirí: N.

Ceiliúraí: Cad é atá sibh a iarraidh ar Eaglais Dé do N. ?
Tuismitheoirí: An baisteadh.

Is ceadmhach don cheiliúraí malairt focal a úsáid sa chomhrá seo.
Má tá duine éigin eile, de réir nós na háite, i dteideal ainm a thabhairt ar an leanbh, is ceadmhach dó freagra a thabhairt in áit na dtuismitheoirí ar an gcéad cheist.

Is ceadmhach do na tuismitheoirí malairt focal a úsáid sa dara freagra e.g., “grásta Chríost”, “cead isteach san Eaglais”, “an bheatha shíoraí”.

Má tá iliomad leanaí le baisteadh fiafraíonn an ceiliúraí (aon uair amháin) a n-ainmneacha de na tuismitheoirí trí chéile agus tugann gach teaghlach freagra ar a seal féin. Is féidir an dara ceist freisin a chur orthu go léir le chéile.

Ceiliúraí: Cad iad na h-ainmneacha is mian libh a thabhairt ar bhur leanaí?
Tuismitheoirí: N., N., &rl.

Ceiliúraí: Cad é atá sibh a iarraidh ar Eaglais Dé do bhur leanaí?
Tuismitheoirí: An baisteadh.

Labhraíonn an ceiliúraí na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh leis na tuismitheoirí:

Ceiliúraí: An dtuigeann sibh, agus sibh ag iarraidh go mbaistfí bhur leanaí, go bhfuil sibh á ghlacadh de dhualgas oraibh féin iad a oiliúint sa chreideamh chun go gcomhlíonfadh siad na haitheanta agus go dtabharfadh siad grá” do Dhia agus dá gcomharsana mar a mhúin Críost dúinn?
Tuismitheoirí: Tuigimid.

Tugann gach teaghlach ar leith an freagra seo ach má tá iliomad leanaí le baisteadh is féidir leo go léir é a thabhairt le chéile.
Casann an ceiliúraí ansin ar na carais Chríost agus labhraíonn sé na focail seo leanas leo nó focail atá gaolmhar dóibh:

Ceiliúraí: An bhfuil sibh Sásta cabhrú le tuismitheoirí na leanaí a ndualgas a chomhlíonadh?
Carais Chríost: Táimid sásta.

Leanann an ceiliúraí ar aghaidh:

Ceiliúraí: A N., N. (nó: A leanaí liom), cuireann an pobal Críostaí céad fáilte rómhaibh. In ainm an phobail sin gearraim fíor na croise céasta oraibh agus ina dhiaidh sin gearrfaidh bhur dtuismitheoirí (agus bhur gcarais Chríost) fíor chrois Chríost ár Slánaitheoir oraibh mar an gcéanna.

Cuireann sé fíor na croise, agus é ina thost, ar éadan gach linbh. Tugann sé cuireadh ansin do na tuismitheoirí déanamh amhlaidh agus más cuí, do na carais Chríost freisin.
Tugann an ceiliúraí cuireadh do na tuismitheoirí, do na carais Chríost agus don phobal uile páirt a ghlacadh i liotúirge an bhriathair. Más féidir é beidh mórshiúl chun na háite ina léifear an scrioptúr agus ní miste iomann a chanadh le linn an mhórshiúil sin.
Is ceadmhach na leanaí atá le baisteadh a thabhairt go dtí áit ar leith mar a bhfanann siad go dtí deireadh liotúirge an bhriathair.

Ceiliúradh Bhriathar Dé


Léachtaí ón Scrioptúr agus Aitheasc. Léitear ceann nó dhó de na dreachtaí seo leanas ón Scrioptúr. Ní miste do chách suí síos.

1. EOIN 3: 1-6
Bhí ar na Fairisínigh duine dárbh ainm Nícodémas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuig Íosa san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a rabbi, gur oide thú a tháinig ó Dhia, óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” D’fhreagair Íosa:
“Amen, Amen,” ar sé leis “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil!”
Dúirt Nicodémas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?” D’fhreagair Íosa:
“Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ó Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón nádúr is nádúr í; an ghin ón Spiorad is osnádúr í.

Níor mhiste an véarsa seo leanas a rá idir na léachtaí:
Labhair Íosa leo arís más ea:
“Is mise” ar sé ‘solas an tsaoil.
An té a leanfaidh mise,
ní shiúlfaidh sé sa dorchacht
ach beidh aige solas na beatha.” (Eoin 8: 12).

2. MATHA 28: 18-20.
Tháinig Íosa chuig na deisceabail agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin agus déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

3. MARCAS 1: 9-11.
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailil agus fuair baisteadh san lordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

4. MARCAS 10: 13-16.
Agus bhíodar ag tabhairt na leanaí chuig Íosa chun go sínfeadh sé a lámh orthu, agus bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéata air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Tar éis na léitheoireachta tugann an ceiliúraí aitheasc gearr uaidh ina míníonn sé don phobal brí na léachtaí. Beidh sé d’aidhm aige a dtuiscint ar rúndiamhair an bhaiste a dhoimhniú agus go háirithe na tuismitheoirí agus na carais Chríost a spreagadh chun glacadh go fonnmhar leis na dualgais a chuirfidh sacraimint an bhaiste orthu.
Tar éis an aithisc, nó le linn nó fiú tar éis an liodáin, moltar go mbeadh tamall ciúnais ina nguífeadh cách ina chroí féin, ar chuireadh ón gceiliúraí. Níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh ansin.

GUÍ AN PHOBAIL


Ansin deirtear guí an phobail.

Ceiliúraí: A bhráithre liom,* iarraimis trócaire ár dTiarna Íosa Críost do na leanaí seo a bhaistfear ar ball, dá dtuismitheoirí agus dá gcarais Chríost, agus do gach aon duine baiste.

Léitheoir: De thoradh ar rúndiamhair do bháis agus d’aiséirí, a Thiarna, tabhair beatha nua sa bhaisteadh do na leanaí seo agus seol isteach i d’Eaglais iad.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: De thoradh ar an mbaisteadh agus ar an gcóineartú cuir ar a gcumas tú a leanúint go dílis agus fianaise a thabhairt go seasmhach ar son do shoiscéil.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Tabhair dóibh beatha naofa a chaitheamh chun go mbainfidh siad aoibhneas na bhflaitheas amach.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Tabhair do thuismitheoirí agus do charais Chríost na Leanaí seo bheith ina n-eiseamláir dóibh sa chreideamh.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Coimeád a dteaghlaigh go buan i do ghrá.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Athnuaigh grásta an bhaiste ionainn go léir.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

*Tá cead ag an sagart focail eile a úsáid má thuigtear dó iad a bheith níos oiriúnaí ar an ócáid e.g.. “A chairde”, “A dhaoine muinteartha”. Tá an tsaoirse chéanna aige ina leithéidí céanna d’áiteanna sa liotúirge.

Tugann an ceiliúraí cuireadh don phobal na naoimh a ghuí. Ag an bpointe seo tugtar ar ais na leanaí más rud é gur tugadh amach ó chianaibh iad.

Ceiliúraí: A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé   guigh orainn.
Ceiliúraí: A Naomh Eoin Baiste    guigh orainn.
Ceiliúraí: A Naomh lósaef    guigh orainn.
Ceiliúraí: A Naomh Peadar agus Pól    guígí orainn.
Níor mhiste ainmneacha naomh eile a chur leis an liodán seo, go háirithe pátrúin na leanaí atá le baisteadh agus pátrún na heaglaise nó an cheantair. Críochnaíonn an liodán:
Ceiliúraí: A Naomha uile Dé    guígí orainn.

 

Paidir An Eacsairciste Agus An tUngadh Roimh An mBaistead


HTar éis an liodáin deir an ceiliúraí:

A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh, chuir tú do Mhac ar an saol seo chun cumhacht an diabhail, an t-ainspiorad, a dhíbirt asainn, agus chun an duine a shaoradh ón dorchadas agus é a sheoladh isteach i ríocht iontach do sholais.

larraimid go humhal ort, dá bhrí sin, na leanaí seo a shaoradh ó pheaca an tsinsir agus do theampall féin a dhéanamh díobh ina lonnóidh an Spiorad Naomh. Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Malairt paidre don Eacsaircisteadh:

(b) A Thiarna Dia uilechumhachtaigh, chuir tú d’Aon Mhac ar an saol seo chun an duine a shaoradh ó bhraighdeanas an pheaca agus chun saoirse do chlann mhac a thabhairt dó. Beidh ar na leanaí seo aghaidh a thabhairt ar chathuithe an tsaoil agus ar chleasa an diabhail. Iarraimid go humhal ort iad a thabhairt slan ón bpeaca de thoradh ar bhás agus ar aiséirí do Mhic. Cumhdaigh iad le grásta Chríost agus cosain iad ar a mbealach tríd an saol. Trí Chríost ár dTiarna.

Pobal: Amen.

Leanann an ceiliúraí ar aghaidh:
Go raibh neart Chríost an Slánaitheoir do bhur gcumhdach; dá chomhartha sin ungaimid sibh le hola an tslánaithe in ainm Chríost a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Pobal: Amen.

Ungann sé brollach gach linbh le hola na gcaiticiúmanach. Má tá iliomad leanaí le baisteadh, is féidir lena lán ministrí an t-ungadh seo a dhéanamh.
Má tá an bhaistealann lasmuigh den eaglais nó as radharc an phobail déanfar mórshiúl chuige. Má tá radharc ag an bpobal ar an mbaistealann fanann siad mar a bhfuil acu agus téann an ceiliúraí, na tuismitheoirí agus na carais Chríost, mar aon leis na leanaí, faoina déin.
Más rud é go bhfuil an bhaistealann róbheag don phobal go léir, d’fhéadfaí an baisteadh a dhéanamh in áit éigin oiriúnach san eaglais agus thabharfadh na tuismitheoirí agus na carais Chríost an leanbh chun tosaigh ag an bpointe ceart. Le linn dul chun na baistealainne níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh.

Ceiliúradh An Bhaiste


Ar theacht chun an umair dóibh meabhraíonn an ceiliúraí don phobal, i mbeagán focal, scéim iontach Dé gurbh é a dheonú an duine a naomhú idir chorp agus anam tríd an uisce. Úsáideadh sé na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh:

Guímis, a bhráithre liom, go dtuga an Tiarna Dia uilechumhachtach beatha nua do na leanaí seo trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh.
nó:
Is eol daoibh, a bhráithre liom, go roinneann Dia a bheatha féin go fial trí shacraimint an uisce orthu siúd a chreideann ann. Impímis le chéile air, dá bhrí sin, a ghrásta a dháileadh as an umar seo orthu seo atá tofa aige.


larrtar ar Dhia an t-uisce a bheannú


Ag casadh dó chun an umair tugann sé an bheannacht seo leanas nuair nach tráth na Cásca a bhíonn i gceist:

(a)
A Dhia, de thairbhe do chumhachta dofheicthe baineann tú feidhm as comharthaí sofheicthe chun éachtaí a chur i gcrích. Bhain tú feidhm as an uisce chun grásta an Bhaiste a léiriú roimh ré. A luaithe is a bhí an domhan cruthaithe agat, chuaigh do Spiorad ag foluain os cionn na n-uiscí chun go mbronnfadh sé cumas an bheannaithe ar an uisce ag an am sin féin. Rinne tu íomhá na hathbhreithe den díle chun a thaispeáint gur trí chumhacht an uisce a chuirfí deireadh leis na duáilcí agus tús ar na suáilcí.

Thug tú clann Abráhám thar Mhuir Rua anonn de chosa tirime chun pobal nua a bhunú a bheadh ina shamhail de phobal an bhaiste. Bhaist Eoin do Mhac in uisce na lordáine agus rinne an Spiorad Naomh é a ungadh. Nuair a céasadh ar an gcrois é tháinig uisce chomh maith le fuil amach as a chliatháin. Agus tar éis dó éirí ó na mairbh chuir sé na deisceabail uaidh á rá leo: “Imigí, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Féach, a Dhia, ar d’Eaglais agus oscail umar an bhaiste di. Tugadh an Spiorad Naomh a ghrásta don uisce seo chun go nglanfar an duine a rinneadh ar do dheilbh ó gach uile pheaca agus go n-athghinfear é trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh i sacraimint seo an bhaiste.
Buaileann an ceiliúraí a lámh dheas ar an uisce agus deir sé:

Tagadh cumhacht an Spioraid Naoimh anuas ar uisce an umair seo, a Dhia, chun go mbeadh páirt in aiséirí Chríost ag gach aon duine dá dtugtar páirt ina bhás sa bhaisteadh. Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.
Le linn tráth na Cásca fiú má tá uisce baiste ar an láthair a coisreacadh ar Bhigil na Cásca, mar sin féin iarrtar ar Dhia an t-uisce a bheannú i dtreo is nach mbeadh téamaí an bhuíochais agus na himpí in easnamh sa bhaisteadh. Úsáidtear an fhoirmle seo:

Ceiliúraí: A Dhia na trócaire, trí uisce an bhaiste chuir tú beatha nua do chlainne féin ag borradh ionainn.
Pobal: Moladh le Dia (nó a leithéid céanna de gháir mholta).

Ceiliúraí: D’aontaigh tú le chéile i do Mhac Íosa Críost gach duine a baisteadh in uisce agus sa Spiorad Naomh.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Shaor tú sinn agus líon tú sinn le Spiorad do ghrá i dtreo is go mbainfimis aoibhneas as do shíocháin.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Roghnaíonn tú na daoine a baisteadh i dtreo is go bhfógróidis soiscéal Chríost go lúcháireach os comhair an tsaoil.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Ghlaoigh tú ar do leanaí N. agus N. chun uisce seo an ghlanta agus na hathbhreithe agus chun creideamh na hEaglaise, i dtreo is go mbeadh an bheatha shíoraí acu. Beannaigh an t-uisce seo lena mbaistfear iad. Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Má tá uisce an bhaiste beannaithe cheana féin, fagann an ceiliúraí an phaidir dheireanach sin ar lár agus deir sé:

Ghlaoigh tú ar do leanaí N. agus N. chun uisce seo an ghlanta agus chun creideamh na hEaglaise i dtreo is go mbeadh an bheatha shíoraí acu. Trí rúndiamhair an uisce choisricthe seo stiúir iad chun athbhreithe spioradálta. Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.


Diúltú don Diabhal agus Admháil an Chreidimh


Labhraíonn an ceiliúraí mar leanas leis na tuismitheoirí agus leis na carais Chríost:

A thuismitheoirí agus a charasa Chríost liom:
De thoradh ar shacraimint an bhaiste tabharfaidh Dia trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh beatha nua do na leanaí seo atá tugtha anseo agaibh. Beidh sé de dhualgas oraibhse ansin iad a oiliúint sa chreideamh sa chaoi go gcoimeádfar slán ó smál an pheaca an bheatha nua seo iontu agus go neartófar í ó lá go lá.

Dá bhrí sin, má tá sibh réidh as ucht bhur gcreidimh chun an dualgas seo a ghlacadh oraibh féin, tugaigí bhur mbaisteadh féin chun cuimhne, diúltaigí arís don pheaca agus admhaigí bhur gcreideamh in Íosa Críost: mar is é seo creideamh na hEaglaise agus is ann a bhaistear na leanaí.
Ceistíonn an ceiliúraí na tuismitheoirí agus na carais Chríost:

Ceiliúraí: An ndiúltaíonn sibh do Shatan?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliúraí: Agus dá oibreacha go léir?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliúraí: Agus dá chleasa go léir?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Diúltaímid.

Éilionn an ceiliúraí ansin admhail chreidimh faoi thrí ó na tuismitheoirí agus na carais Chríost:

Ceiliúraí: An gcreideann sibh i nDia an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh in Íosa Críost, a Aon Mhac-san, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh sa Spiorad Naomh, sa Naomh-Eaglais chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Creidimid.

Tugann an ceiliúraí agus an pobal a dtacaíocht féin don admháil chreidimh sin:

Ceiliúraí: Is é seo ár gcreideamh. Is é seo creideamh na hEaglaise. Ábhar mórtais dúinn é a admháil, in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Is féidir foirmle eile a úsáid ina ionad sin, nó fós d’fhéadfadh an pobal a gcreideamh a chur in iúl trí iomann oiriúnach a chanadh.


An Baisteadh


Tugann an ceiliúraí cuireadh don chéad teaghlach teacht chun an umair bhaiste. Ag lua ainm an linbh dó, ceistíonn sé na tuismitheoirí agus na carais Chríost mar leanas:

Ceiliúraí: Táimid go léir le chéile tar éis creideamh na hEaglaise a fhógairt. An mian libh go mbaistfí N. sa chreideamh seo?
Tuismitheoirí agus Carais Chríost: Is mian.

Baisteann sé an leanbh ag rá dó:
A N., baistim thú in ainm an Athar,

Tumann sé an leanbh san uisce nó doirteann sé uisce air.
Agus an Mhic,

Tumann sé an leanbh nó doirteann sé uisce air an dara huair.
agus an Spioraid Naoimh.

Tumann sé an leanbh nó doirteann sé uisce air an triú huair. Cuireann sé an cheist chéanna agus déanann sé na gníomhartha céanna i gcás gach linbh. Tar éis gach baiste moltar go gcanfadh an pobal gáir mholta, e.g.:
Moladh go deo go deo le Dia.
Más le doirteadh uisce a dhéantar an baisteadh b’fhearr gur i mbachlainn na máthar (nó an athar) a choimeádfaí an leanbh. Ach má cheaptar gur chóir cloí leis an nós atá ann faoi láthair, is ceadmhach don mháthair bhaistí (nó don athair baistí) an leanbh a choimeád. Más le tumadh a dhéantar an baisteadh, tógann an mháthair nó an t-athair (an mháthair bhaistí nó an t-athair baistí) an leanbh as an umar.
Má tá iliomad leanaí le baisteadh, agus a lán sagart nó deochan i láthair, is ceadmhach dóibh cuid de na leanaí a bhaiste-adh sa tslí atá léirithe thuas, ag cloí leis an bhfoirmle chéanna.


An tUngadh Le Criosma

Deir an ceiliúraí:
Dia uilechumhachtach, Athair ár dTiarna Íosa Críost, tá sé tar éis sibh a shaoradh ón bpeaca agus sibh a athghiniúint trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Ungann sé sibh anois le criosma an tslánaithe chun go mbainfeadh sibh an bheatha shíoraí amach mar bhaill de phobal Chríost, an Sagart, an Fáidh agus an Rí.
Ansin ungann an ceiliúraí, agus é ina thost, gach leanbh i mbaithis a c(h)inn le criosma. Má tá iliomad leanaí ann agus a lán sagart nó deochan i láthair, is ceadmhach dóibh siúd roinnt de na leanaí a ungadh le criosma.

 

An tInfheistú héadach Geal

Deir an ceiliúraí:

A N., N., rinneadh créatúir nua díbh agus chuir sibh Críost oraibh féin. Bíodh an t-éadach geal seo ina chomhartha ar bhur ngradam mar Chríostaithe. Coinnigí an gradam sin gan smál, agus sibh do bhur neartú trí bhriathar agus trí shampla bhur muintire nó go mbainfidh sibh an bheatha shíoraí amach.
Pobal: Amen.

Cuirtear ball eadaigh bán ar gach leanbh ansin. Ní cheadaitear ach an dath sin, mura n-éilíonn nós áitiúil malairt datha. Moltar go gcuirfeadh an teaghlach féin an ball éadaigh ar fáil.


Bronnadh na Coinnle Lasta


Tógann an ceiliúraí coinneal na Cásca agus deir sé:

Glacaigí solas Chríost.
Lasann duine ó gach teaghlach (e.g. an t-athair nó an t-athair baistí) coinneal an linbh ó choinneal na Cásca. Deir an ceiliúraí:
A thuismitheoirí agus a charasa Chríost, tugtar daoibhse an solas seo. Cumhdaigí é do bhur leanaí, chun go mairfeadh siad mar chlann an tsolais agus solas Chríost á dtreorú i gcónaí. Go bhfana siad dílis don chreideamh ionas go mbeidh siad réidh chun dul in éineacht leis na naoimh in airicis an Tiarna ar neamh.

 

Eiféata


Cuireann an ceiliúraí ordóg ar chluasa agus ar bhéal gach linbh agus deir sé:

Thug an Tiarna Íosa éisteacht do na bodhair agus labhairt do na bailbh. Go gcuire sé ar do chumas gan mhoill a bhriathar a thuiscint agus an creideamh a fhógairt chun onóra agus chun glóire Dé, ár nAthair.
Pobal: Amen.

Má tá iliomad leanaí ann deir an ceiliúraí an fhoirmle aon uair amháin ach ní bhaineann sé lena gcluasa nó lena mbéal.


Na Deasghnátha Deiridh


Mura ndearnadh an baisteadh féin sa sanctóir bíonn mórshiúl anois chun na haltóra agus iompraitear coinnle lasta na leanaí sa mhórshiúl seo. Níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh.

 

An Phaidir


Seasann an ceiliúraí os comhair na haltóra agus labhraíonn sé leis na tuismitheoirí, leis na carais Chríost agus leis an bpobal, na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh:

A bhráithre liom, tá Dia tar éis beatha nua a bhronnadh ar na leanaí seo sa bhaisteadh. Tugtar clann Dé orthu, agus is clann D6 iad dáiríre. Bronnfar iomláine an Spioraid Naoimh orthu sa chóineartú; tiocfaidh siad i láthair altóir an Tiarna chun an tAifreann a cheiliúradh agus chun Corp Chríost a ghlacadh, agus i gcomhthionól na hEaglaise tabharfaidh siad a nAthair ar Dhia. Is sinne clann altrama Dé. Thar ceann na leanaí seo abraimis an phaidir a mhúin Íosa féin dúinn.

Cuireann an pobal uile a nguth le guth an cheiliúraí, ag rá nó ag canadh dóibh:

Ár nAthair atá ar Neamh,
go naofar d’ainm,
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a níthear ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhféichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.

An Bheannacht

Beannaíonn an ceiliúraí an mháthair agus an leanbh ina bachlainn aici, ansin an t-athair agus sa deireadh an pobal uile:
Ceiliúraí: Tugann an Tiarna uilechumhachtach ábhar mór lúcháire do na máithreacha Críostaí trína Mhac a rugadh ó Mhuire Óigh, sa mhéid go bhfuil dóchas acu go mbainfidh a leanaí aoibhneas na beatha síoraí amach. Go mbeannaí sé na máithreacha seo agus iad ag gabháil buíochais leis as ucht na leanaí atá tugtha aige dóibh anois; agus go dtuga sé dóibh agus dá gclann bheith ag gabháil buíochais leis de shíor in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach údar na beatha ar an saol abhus agus ar neamh. Go mbeannaí sé na haithreacha seo chun go mba iad is túisce, in éineacht lena mná, a thabharfaidh oiliúint sa chreideamh dá leanaí le briathar agus le dea-shampla.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach a thug an bheatha nua dúinn trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Go mbeannaí sé a chlann mhac agus iníonacha atá anseo i Iáthair chun go mba bhaill bheo dá phobal iad i gcónaí agus i ngach áit, agus go mbronna sé a shíocháin orthu go Iéir in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

Tar éis na beannachta níor mhiste don phobal iomann oiriúnach a chanadh, e.g. an Magnificat .
Pé áit a bhfuil sé mar nós na leanaí nuabhaiste a thabhairt chun altóir na Maighdine Muire, leantar de, más cuí.

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0