Chumann na Sagart
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Stair agus Aidhm
    • Bunreacht Chumann Na Sagart
    • Coiste
  • Léachtaí & Machnaimh
    • Leachtai An Aifrinn
    • Carúil Nollag
  • Na Sacraimintí
    • Seacht Sacraimintí Na hEaglaise
    • An Baisteadh
      • Ord an Bhaiste: Aon Leanbh Amháin
      • Ord an Bhaiste: Mórán Leanaí
      • Leanbh Baiste A Thabhairt Chun Na hEaglaise
    • Sacraimint An Chóineartaithe
      • Ullmhú Don Chóineartú
      • An Cóineartú
    • Sacraimint Na hEocairiste
      • An Eocairist
    • Sacraimint Na háithrí Agus An Athmhuintreais
      • Gnás An Athmhuintearais Do Dhuine Aonair
      • Gnás An Athmhuintearais Do Mhórán Aithríoch
      • Moladh Trócaire Dé
    • Sacraimint Ola Na nEaslán
      • An Lóin Shíoraí
      • Duine Atá Ag Fáil Bháis A Chur Faoi Choimirce Dé
      • Fiosrú Agus Comaoineach Na Neaslán
      • Gearrghnás Chomaoineach Na nEaslán
      • Gnás An Ungtha Le Linn Aifrinn
      • Gnás Na Sacraimintí don Té Atá Ag Saothrú An Bháis
      • Gnás Ungadh Easláin
      • Téacsanna Le hAghaidh Gnásanna Na Neaslán
      • Gnáthghnás Chomaoineach Na nEaslán
    • Sacraimint An Oird Choisricthe
    • Sacraimint An Phósta
      • An Pósadh
    • An Pósadh
      • Treoracha
      • Léachtaí
      • An Searmanas
  • Urnaí
  • Aifrinn Craolta
    • Aifrinn Domhnaigh I nGaeilge
  • Leabhair
    • An Sagart
    • Foilseacháin Ábhair Spioradálta
    • Timire an Chroí Naofa
    • An Síoladóir Nua 1
    • An Síoladóir Nua 2
  • Teagmháíl
  • 0

25. An Séú Domhnach den Cháisc 2023

By littlegreenman on November 16, 2022

Léachtaí an Aifrinn - 14ú Bealtaine 2023

CÉAD LÉACHT

Sliocht as Gníomhartha na nAspal             8:5-8. 14-17
Leag siad a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh

Chuaigh Pilib go dtí cathair na Samáire agus thosaigh ag craobhscaoileadh dóibh i dtaobh Chríost. Thug na sluaite cluas ghéar dá raibh le rá ag Pilib mar ní hea amháin gur chuala siad a chuid cainte ach chonaic siad chomh maith na míorúiltí a bhí aige á ndéanamh. Mórán a raibh deamhain mhíghlana iontu, tháinig na deamhain amach astu agus iad ag screadadh de ghlór ard; agus leigheasadh mórán pairiliseach agus bacach, sa tslí go raibh áthas mór sa chathair sin.

Nuair a chuala na haspail a bhí in Iarúsailéim go raibh an tSamáir tar éis glacadh le briathar Dé, sheol siad chucu Peadar agus Eoin. Ar theacht dóibhsean chucu, rinne siad guí ar a son go bhfaighidís an Spiorad Naomh, mar ní raibh an Spiorad tagtha fós ar dhuine ar bith acu mar ní raibh siad ach baiste in ainm an Tiarna Íosa. Ansin leag Peadar agus Eoin a lámha orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh.

Briathar Dé.

Salm le Freagra             Sm 65
Freagra                            Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.
Malairt Freagra            Alleluia

1. Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile
canaigí clú a ainm.
Tugaigí moladh mórghlórach dó.
Abraigí le Dia: ‘Nach éachtach iad d’oibreacha.’   Freagra

2. Adhrann an talamh uile thú,
canann sí duit, canann sí do d’ainm.
Tagaigí agus féachaigí oibreacha Dé,
na héachtaí a rinne sé i measc na ndaoine.            Freagra

3. Chlaochlaigh sé an mhuir ina talamh thirim;
chuathas de chois thar an abhainn.
Dá bhrí sin déanaimis lúcháir!
Rialaíonn sé lena chumhacht go síoraí.                  Freagra

4. Sibhse uile ar a bhfuil eagla Dé, tagaigí, éistigí,
is inseoidh mé daoibh faoina ndearna sé dom.
Go mba bheannaithe é Dia
nár thug an diúltú do mo ghuí,
is nár tharraing siar a bhuanghrá uaim.                Freagra

DARA LÉACHT

Sliocht as céad Litir Naomh Peadar        3:15-18
Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.

A clann ionúin, bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim, agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost. Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?

Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, d’fhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad.

Briathar Dé.

Alleluia Véarsa               Eo 14:23
Alleluia, Alleluia!
Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar,
agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,’ a deir an Tiarna.
Alleluia!

SOISCÉAL

Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin              14:15-21
Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Abhcóide eile daoibh

San am sin dúirt Íosa lena dheisceabail

Má tá grá agaibh dom, coinneoidh sibh m’aitheanta.Agus iarrfaidh mé ar m’Athair é,agus tabharfaidh sé Abhcóide eile

chun fanacht faraibh go deo –

Spiorad na Fírinne,

nach féidir don saol a ghlacadh,

mar ní fheiceann sé é ná ní aithníonn sé é.

Ach aithníonn sibhse é

mar fanann sé faraibh, agus beidh sé ionaibh.

Ní fhágfaidh mé in bhur ndílleachtaí sibh;

tiocfaidh mé ar ais chugaibh. Tamall beag eile agus siúd é an saol

agus gan radharc aige ormsa feasta;

ach tá radharc agaibhse orm,

óir táimse beo agus beidh sibhse beo chomh maith.

An lá sin aithneoidh sibh go bhfuilimse i m’Athair,

agus go bhfuil sibhse ionamsa, agus mise ionaibh.

An té a bhfuil m’aitheantasa aige agus a choinníonn iad,

sin é an té a bhfuil grá aige dom.

An té a bhfuil grá aige dom,

beidh grá ag m’Athair dó,

agus beidh grá agam dó,

agus taispeánfaidh mé mé féin dó.”

Soiscéal Dé

Machnamh ar léachtaí -14ú Bealtaine 2023

An Chéad Léacht (Gníomhartha 8:5-8, 14-17). Chuir siad a lámh orthu agus fuair siad an Spiorad Naomh. Tá dhá mhír sa léacht seo, an chéad cheann faoi thiontú mhuintir na Samáire chun creidimh i gCríost agus a mbaisteadh in ainm an Tiarna Íosa, agus an dara mír faoi theacht an Spioraid Naoimh orthu. Duine den seachtar déagánach ab ea Pilib a rinne roinnt mhaith oibre leis an soiscéal a chraobhscaoileadh tar éis bhás Stiofáin, ach i gcríocha na nGiúdach. Tugtar soiscéalaí air níos déanaí sa leabhar seo. Rud suntasach faoin léacht seo gur i gcríocha na Samáireach, naimhde do na Giúdaigh, a fógraíodh creideamh Chríost, le toradh thar a bheith fónta. Mar is gnáth leis, luann Lúcás an t-áthas a tháinig leis an gcreideamh i gCríost.

            Tá dhá phointe le tabhairt faoi deara sa dara mír. Ní aspal, ach déagánach, a bhí i bPilib, agus bhí an dea-scéal le leathadh ó Iarúsailéim amach agus faoi stiúir na nAspal. Rud eile ná leathnú thar pobal na nGiúdach a bhí ann anois. Mar sin cuireann na hAspail in Iarúsailéim beirt aspal sinsear, Peadar agus Eoin, go cathair na Samáire, rud a thugann le fios a thugtha a bhí na hAspail sin do aontacht na heaglaise, aontacht leis an mháthair-eaglais in Iarúsailéim. Déantar ceangal anseo idir leagan lámh na n-Aspal agus bronntanas an Spioraid Naoimh. Níorb leor an baisteadh in ainm Íosa amháin. Níl an ceangal sin le feiscint in áiteanna eile sa Tiomna Nua: bronntar an Spiorad sa bhaisteadh. Déantar an ceangal leis na hAspail anseo chun béim a chur ar aontacht na heaglaise leis na hAspail agus leis an chathair naofa Iarúsailéim.

                                        

Salm le Freagra (Salm 65). Déanaigí gairdeas do Dhia, a thíortha uile.

 

An Dara Léacht (1 Peadar 3:15-18). Básaíodh é sa cholainn ach rinneadh beo sa spiorad é. Sa chuid seo den litir, i léacht an lae inniu, tá Peadar, an t-údar, ag tabhairt comhairle don chomhthionól Críostaí a bhfuil brú, nó géarleanúint, de shaghas éigin á imirt orthu. Ní fios go beacht cén clúmhilleadh atá i gceist.  Sa litir ó Phlinius Óg, gobharnóir Rómhánach na reigiún céanna sin thart ar an mbliain 110, luaitear go raibh Críostaithe á dtabhairt os comhair na cúirte le líomhaintí éagsúla  á gcur ina leith. Molann an litir seo dóibh bheith réidh dá leithéid, creideamh beo i gCríost a bheith acu agus míníu faoin gcreideamh (“dóchas”) sin a thabhairt go múinte mánla – rud a dhéanann siad de réir na litreach céanna le Plinius. Ba cheart dóibh bheith réidh le fulaingt ar son na maitheasa – más  sin is toil le Dia, ach gan a bheith ar thóir géarleanúna. Tá baint ag ráitis dheiridh na léachta seo leis an teachtaireacht seo go léir: beidh an bua ag an gceart ar an éagóir: fuair Críost bás ina cholainn dhaonna, ach d’aiséirigh sé do bheatha nua sa Spiorad. Tá Críost mar eiseamláir acu. Sa bhaisteadh bronnadh an Spiorad Naomh sin orthu a thugann soilsiú agus uchtach dóibh in éadan géarlanúna agus béadáin.

 

An Soiscéal (Eoin 14:15-21). Iarrfaidh mé ar m’Athair é, agus tabharfaidh sé Cabhróir eile daoibh. Cuid de aitheasc Íosa ag fágaint slán ag a dheisceabail atá anseo. I gcionn tamaill bhig ní bheidh sé le feiceáil a thuilleadh ag an domhan gan creideamh (“an saol” mar a thugann an Soiscéal seo air) lena súile cinn. Ach beidh Íosa fós le feiceáil ag na deisceabail; beidh radharc acu air, de bharr bhronntanas an chreidimh. I slí, gan Íosa, bheadh na deisceabail mar dhílleachtaí, ach ní mar sin a bheidh, mar tiocfaidh Íosa ar ais chucu i slí nua, le cónaí iontu agus iad a aontú leis an Athair. Geallann Íosa go bhfuil sé chun paraicléid eile a thabhairt dóibh. An focal Gréigise sin parakletos tá bríonna éagsúla ar féidir a bhaint as. An ceann is bunúsaí ná abhcóide, neach a dhéanfadh iad a chosaint i gcúirt dlí nuair a bheadh líomhaintí á ndéanamh ina gcoinne. Nuair a bhí Íosa féin leo ba paraicléid dóibh é. Sin é an fáth go ndeireann sé go bhfuil sé le abhcóide eile a chur chucu. An Spiorad Naomh atá i gceist ag Íosa. Mar aon leis an bhrí abhcóide, is féidir an focal céanna a thuiscint mar Chosantóir, mar Chabhróir, agus Sólásaí. Is istigh i gcoinsias na gcreidmheach, na ndeisceabal, a bheidh an t-abhcóide, an Cosantóir, an Cabhróir, an Sólásaí, ag feidhmiú, agus is é “an saol”, lucht an díchreidimh, na cúiseoirí. Leagann Íosa an-bhéim ar an ghrá dó. Ní rud teibí an grá sin. Ionann é agus a aitheanta a choinneáil. Do Shoiscéal seo Eoin tá dhá aithne ag Íosa: creideamh ann agus grá – grá dó agus don chomharsa. Aontaíonn na haitheanta sin an deisceabal le hÍosa agus leis an  Athair – grá a thugann tuiscint ar Íosa, a thaispeánfaidh é féin dó – i gcaidreamh diamhair.

Machnamh: An Spiorad Naomh Ár Stiúrú sa Chreideamh

Ag scríobh chuig na Rómhánaigh dó (Rómhánaigh 8:14) dúirt Pól: “An mhuintir a bhfuil Spiorad Dé á dtreorú is clann ag Dia iad”. I léachtaí an Domhnaigh seo leagtar béim ar an Spiorad Naomh i saol an chreidmhigh aonair agus i saol na hEaglaise. Is t leagan lámh na nAspal a tháinig an Spiorad Naomh ar na Críostaithe i gcathair na Samáire. Is é Spiorad Chríost aiséirithe a thug uchtach do na creidmhigh faoi ghéarleanúint  ar scríobh Peadar chucu. Is á an Spiorad Naomh an paraicléid, an t-abhcóid, an cosantóir, an cabhróir, an sólásaí a gheall Íosa dóibh siúd a chreideann ann. Do chreidmheach aonair an lae inniu tugann sé cinnteacht chreidimh in Íosa agus san Athair, san domhan nach bhfeictear. Tugann sé sólás anama, an t-athas agus an tsíocháin anama sin a gheall Íosa dúinn roimh imeacht dó. Stiúrann sé sinn le maireachtáil de réir an tsoiscéil le glaine chroí agus le meon a thógann a threoir ó neamh, ó Íosa agus an eaglais, seachas ó mheon domhain nach gcreideann i saol eile ná i dtreoir uaidh.

            Machnamh eile a eascraíonn ó shoiscéal an lae inniu ná  an choimhlint a bhí le bheith ann, agus atá ann i gcónaí, idir Íosa féin, a chuid, agus an fórsa, na cumhachtaí, ar a dtugann sé “an saol”, sin le rá iad siúd nach raibh réidh a phearsa nó a theachtaireacht a ghlacadh, agus a bhí, agus a bheadh, ag  maíomh go raibh an bua acu air, go raibh a lá thart agus a phort seinnte lena bhás ar an gcrois. Dúirt Íosa go ndéanfadh an Spiorad Naomh, a chuirfeadh sé chucu, deimhin de gurb é a mhalairt a bhí fíor; gur ag Íosa a bhí an bua ar an “saol”. Tá na fórsaí sin ag feidhmiú fós inniu, ach ní gá dul isteach níos doimhne sa scéal anseo, ach a mheabhrú dúinn féin nach coimhlint idir dhá fhórsa amháin atá i gceist, ach go bhfuil Íosa agus a Athair ag cabhrú lena lucht leanúna tríd an Spiorad Naomh, an t-abhcóid, an cabhróir, an sólasaí.

Posted in Machnamh.
Share

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-1/
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-2/
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-3/
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-4/
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-5/
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-6/
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-7/
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-8/
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-9/
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-10/
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-11/
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-12/
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-13/
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-14/
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-15/
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-16/
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-17/
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-18/
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-19/
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-20/
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-21/
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-22/
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-23/
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-24/
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-25/
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-26/
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-27/
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-28/
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-29/
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-30/
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-31/
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-32/
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-33/
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-34/
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-35/
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-36/
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-37/
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-38/
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-39/
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-40/
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-41/
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-42/
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-43/
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-44/
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-45/
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-46/
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-47/
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-48/
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-49/
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-50/
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-51/
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-52/
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • https://www.cumannnasagart.ie/leachtai_an_aifrinn/a-53/
  • 0

Posts

Recent Posts

  • 1. An Chéad Domhnach den Aidbhint 2022
  • 2. An Dara Domhnach den Aidbhint 2022
  • 3. An Tríú Domhnach den Aidbhint 2022
  • 4. An Ceathrú Domhnach den Aidbhint 2022
  • 5. Lá Nollag 2022
  • 6. Sollúin Mhuire Beannaithe Máthair Íosa 2023
  • 7. Feile Bhaisteadh Ár dTiarna 2023
  • 8. An Dara Domhnach den Bhliain 2023
  • 9. An Tríú Domhnach den Bhliain 2023
  • 10. An Ceathrú Domhnach den Bhliain 2023
Previous24. An Cúigiú Domhnach den Cháisc 2023
Next26. Deascabháil an Tiarna 2023
© 2026 Cumann na Sagart. Gach ceart ar cosaint.
  • Baile
  • Eolas Fúinn
    • Stair agus Aidhm
    • Bunreacht Chumann Na Sagart
    • Coiste
  • Léachtaí & Machnaimh
    • Leachtai An Aifrinn
    • Carúil Nollag
  • Na Sacraimintí
    • Seacht Sacraimintí Na hEaglaise
    • An Baisteadh
      • Ord an Bhaiste: Aon Leanbh Amháin
      • Ord an Bhaiste: Mórán Leanaí
      • Leanbh Baiste A Thabhairt Chun Na hEaglaise
    • Sacraimint An Chóineartaithe
      • Ullmhú Don Chóineartú
      • An Cóineartú
    • Sacraimint Na hEocairiste
      • An Eocairist
    • Sacraimint Na háithrí Agus An Athmhuintreais
      • Gnás An Athmhuintearais Do Dhuine Aonair
      • Gnás An Athmhuintearais Do Mhórán Aithríoch
      • Moladh Trócaire Dé
    • Sacraimint Ola Na nEaslán
      • An Lóin Shíoraí
      • Duine Atá Ag Fáil Bháis A Chur Faoi Choimirce Dé
      • Fiosrú Agus Comaoineach Na Neaslán
      • Gearrghnás Chomaoineach Na nEaslán
      • Gnás An Ungtha Le Linn Aifrinn
      • Gnás Na Sacraimintí don Té Atá Ag Saothrú An Bháis
      • Gnás Ungadh Easláin
      • Téacsanna Le hAghaidh Gnásanna Na Neaslán
      • Gnáthghnás Chomaoineach Na nEaslán
    • Sacraimint An Oird Choisricthe
    • Sacraimint An Phósta
      • An Pósadh
    • An Pósadh
      • Treoracha
      • Léachtaí
      • An Searmanas
  • Urnaí
  • Aifrinn Craolta
    • Aifrinn Domhnaigh I nGaeilge
  • Leabhair
    • An Sagart
    • Foilseacháin Ábhair Spioradálta
    • Timire an Chroí Naofa
    • An Síoladóir Nua 1
    • An Síoladóir Nua 2
  • Teagmháíl

Log in

Lost your password?

Or
Create an account

Register

A link to set a new password will be sent to your email address.

Your personal data will be used to support your experience throughout this website, to manage access to your account, and for other purposes described in our privacy policy.

Or
Log in