Duine Atá Ag Fáil Bháis A Chur Faoi Choimirce Dé

DUINE ATÁ AG FÁIL BHÁIS A CHUR FAOI CHOIMIRCE DÉ

 

Is den charthanacht é go léireodh Críostaithe a gcomhbhá lena mbráthair nó lena siúr atá ag fáil bháis agus go nguífidís in éineacht leis (lei) chun Dé go ndéanfadh sé trócaire air (uirthi) agus go dtabhar-fadh sé dó (di) muinín a bheith aige (aici) as Críost.

Tugtar sa chaibidil seo urnaithe, liodáin, comhghártha, sailm agus sleachta as an mbíobla ina gcuirtear anam an duine atá ag fáil bháis faoi choimirce Dé. Má tá a mheabhair fós ag an duine atá ag fáil bháis, cabhróidh siadsan leis aithris a dhéanamh ar Chríost agus an lámh in uachtar a fháil ar an imní faoin mbás is dual don duine. Cabhróidh siad leis freisin glacadh leis an bhfulaingt agus leis an mbás le lándóchas sa bheatha neamhaí agus san aiséirí, mar scrios Críost ár mbásna lena bhás féin.
Fiú má tá an duine atá ag fáil bháis gan aithne gan urlabhra, tabharfaidh na paidreacha seo sólás dóibh sin atá i láthair agus cabhróidh siad leo tuiscint fháil ar an mbrí atá le bás an Chríostaí i rúndiamhair na cásca. Ní miste é sin a léiriú ar bhealach sofheicthe trí fhíor na croise a ghearradh ar chlár éadain an duine atá ag fail bháis, ar gearradh fíor na croise céanna air den chéad uair nuair a baisteadh é.

Ní miste urnaithe agus léachtaí a roghnú gan bhac astu seo a leanas, agus ní miste cinn eile a chur leo de réir mar is gá. Ba cheart iad a bheith ag feiliúint I gcónaí do bhail anama agus coirp an easláin agus ag feiliúint do na daoine atá i láthair. Ba cheart iad a rá de ghlór íseal mall le tost eatarthu. Go minic d’f heilfeadh sé ceann nó tuilleadh de na foirmlí gearra seo a rá in éineacht leis an othar agus, más gá, níor mhiste iad a athrá go híseal faoi dhó nó faoi thrí.

Díreach taréis bhás an othair, ní miste do chách dul ar a nglúine fad a deir duine acu sin atá i láthair nó sagart nó déagánach, má tá sé ann, an urnaí. Tá sé de dhualgas ar shagairt agus ar dhéagánaigh oiread cabhrach agus is féidir leo a thabhairt don té atá ag saothrú an bháis agus dá ghaolta, agus urnaithe na coimirce agus an urnaí taréis báis a rá. Is léiriú soiléir é, iad a bheith i láthair, cén bhrí atá ag bás an Chríostaí i gcomhaontacht leis an Eaglais. Nuair nach féidir leis an sagart nó an déagánach bheith i láthair i ngeall ar thromchúraimí pastaralacha eile, ba cheart dó a rá leis na tuataigh atá ag tabhairt aire don duine atá ag fáil bháis na paidreacha atá sa chaibidil seo nó paidreacha eile a rá. Ba cheart dó féachaint chuige ansin go gcuirfí téacs na bpaidreacha agus na léachtaí seo ar fáil dóibh.

 

TÉACSANNA GEARRA

 

Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn ? (Rómh 8, 35)

Cibé acu beo nó marbh dúinn, is leis an Tiarna sinn. (Rómh 14, 8)

Tá teach cónaithe síoraí againn ar neamh. (2 Cor 5,1)

Beimid i dteanna an Tiarna go deo. (1 Teas. 4, 17)

Feicimid Dia mar atá sé. (1 Eoin 3, 2)

Aistríodh ón mbás go beatha sinn mar go dtugaimid grá do na bráithre. (1 Eoin 3, 14)

Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna. (Salm 24,1)

Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú. (Salm 36, 1)

Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo. (Salm 26, 13)

Tá cíocras chun Dé bhithbheo ar m’anam. (Salm 41,3)

Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc, agus tú faram. (Salm 22, 4)

Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh. (Matha 25, 34)

Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas, a deir an Tiarna Íosa. (Lúc 23, 43)

Is iomaí áras i dteach m’Athar, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 14, 2)

Táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh, agus tógfaidh mé sibh chugam féin, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 14, 2-3)

Is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 17,24)

Gach duine a chreideann sa Mhac, beidh an bheatha shíoraí aige. (Eoin 6, 40)

Do do láimhse, a Thiarna, a thiomnaim m’anam. (Salm 30, 6a)

A Thiarna Íosa, glac chugat mo spiorad. (Gníomh. 7, .59)

A NaomhMhuire, a Mháthair Dé, guigh orm.
A Naomh Iósaef, guigh orm.
A Íosa, a Mhuire agus a Íósaef, bígí ag cuidiú liom ar uair mo bháis.

 

LÉACHTAÍ AS AN mBÍOBLA

Ní miste cuid de na léachtaí a roghnú astu sin a thugtar I gcaibidil 6 nó astu seo:

Léachtaí as an Seantiomna:

Íseáia 35, 3-4. 6c-7;
Iób 19, 23-27a.
Sailm: 22; 24, 1. 4b-ll; 90; 113, 1-8; 114, 3-5; 120, 1-4; 122.

Léachtaí as an Tiomna Nua:

1 Coraintigh 15, 1-4;
1 Eoin 4,16;
Apacailipsis 21, l-5a. 6-7.

Soiscéil:

Matha 25, 1-13;
Marcas 15, 33-37;
Marcas 16, 1-8;
Lúcás 22, 39-46;
Lúcás 23, 42-43;
Lúcás 24, 1-8;
Eoin 6, 37-40;
Eoin 14, 1-6. 23. 27.

Mura bhfuil an duine atá ag fáil bháis in ann chuig urnaithe fada, moltar (ach aird a choinneáil ar na cúinsí ar leith) go nguífeadh na daoine atá i láthair ar a shon trí liodán na naomh, nó cuid de, a rá leis an bhfreagra “guigh air (uirthi).” Ní miste naomhéarlamh nó naomhéarlaimh an duine féin nó a mhuintire a lua go háirithe. Ní miste dóibh roinnt paidreacha gnácha eile a rá freisin.
Nuair is léir nach fada uaidh an bás, ní miste do dhuine acu sin atá i láthair cuid de na paidreacha seo a leanas a rá, óir réitíonn siad leis an aigne is dual don Chríostaí i bhfianaise an bháis:

URNAITHE

A.

Gluais, a anam Chríostaí amach as an saol seo in ainm Dé, an tAthair uilechumhachtach a chruthaigh thú, in ainm Íosa Críost, Mac Dé bheo, a d’fhulaing ar do shon, in ainm an Spioraid Naoimh lenar líonadh thú. Ar láthair na síochána go raibh tú inniu, agus i Síón naofa in éineacht le Dia go raibh do chónaí in éineacht leis an Maighdean Muire Máthair Dé, le Iósaef naofa agus le hAingil agus le Naoimh uile Dé.

B.
A bhráthair (shiúr) dhílis,
cuirim thú faoi choimirce Dé a chruthaigh thú, ionas go bhfillfidh tú chun an Té úd a rinne thú as cré na talún.
Ag fágáil an tsaoil seo duit go dtaga Muire Máthair, na hAingil, is na Naoimh go léir i do dháil.
Críost a céasadh ar do shon, go saora sé thú. Críost a fuair bás ar do shon, go saora sé thú.
Go socraí Críost, Mac Dé bheo, i bpárthas thú.
Go nglaca an tAoire maith úd thú i measc a chaorach féin.
Go maithe sé do pheacaí go léir duit agus
go mbronna sé ionad i measc na bhfiréan ort.
Go bhfeice tú do Shlánaitheoir ansiúd aghaidh ar aghaidh agus go raibh radharc Dé mar ghairdeas agat trí shaol na saol.
Freagra: Amen.

C.

Sagart: Glac le do sheirbhíseach, a Thiarna, isteach in ionad an tslánaithe a bhfuil sé (sí) ag
súil leis.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, ó gach uile phian.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Naoi ón díle.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Abraham óna naimhde.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Iób óna phianta.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Maois ó láimh Fáró.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Dainéal ó phluais na leon.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú an triúr ógánach ó lasracha na tine
agus ó láimh an rí éagóraigh.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Súsanna ó na finnéithe bréige.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Dáibhí ó ionsaithe Sól agus Goliat.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Peadar agus Pól ón bpríosún.
Freagra: Amen.

Sagart: Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, trínár Slánaitheoir, Íosa Críost, a d’f hulaing an bás
ar ár son agus a bhronn orainn an bheatha shíoraí.
Freagra: Amen.

D.

A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an domhain, cuirimid do sheirbhíseach, A., faoi do choimirce agus guímid ar a s(h)on.
Le barr trócaire tháinig tú ar an domhan ar a s(h)on: glac leis (lei) anois isteach in aoibhneas do ríochta.
Bíodh gur pheacaigh sé (sí), níor shéan sé (sí) riamh an tAthair, an Mac ná an Spiorad Naomh, ach chreid sé (sí) i gcónaí agus rinne sé (sí) Dia an Cruthaitheoir a adhradh go dílis.

Ní miste an loinneog seo a chanadh nó a rá:

Go mbeannaítear duit, a Bhanríon bheannaithe, a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht is ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ortsa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbeartha Éabha;
is chugat a chuirimid suas ár n-osnaí
ag géarghol is ag caoineadh i ngleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua, agus, tar éis ár ndeoraíochta,
taispeáin dúinn Íosa, toradh beannaithe do bhroinne,
a Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis.

Ba cheart é seo a rá díreach taréis an bháis:
Sagart: A naomha Dé, bígí mar chúnamh aige (aici), a aingle an Tiarna, tagaigí ag fáiltiú
roimhe (roimpi).
Freagra: Tógaigí suas a (h)anam agus tugaigí i bhfianaise an Té is airde é (í).

Sagart: Ó ghlaoigh Críost ort, go nglaca sé thú chuige féin agus go dtreoraí na haingil thú
isteach in ucht Abraham.
Freagra: Tógaigí suas a (h)anam agus tugaigí i bhfianaise an Té is airde é (í).
Sagart: Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí an solas suthain air
(uirthi).
Freagra: Tógaigí suas a (h)anam agus tugaigí i bhfianaise an Té is airde é (í).

Sagart: Guímis,
Tiomnaímid duit, a Thiarna, ár mbráthair (siúr), A.
Ó tá sé (sí) taréis an saol seo a f hágáil go raibh sé (sí) beo de shíor i do láthair.
Le barr trócaire agus grá maith dó (di) aon pheacaí a rinne sé (sí) trí laige an nadúir dhaonna. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Ní miste téacs eile as deasghnátha na marbh a úsáid.

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0