Sacraimint An Oird Choisricthe

OIRNIÚ NA SAGART

Oirnitear sagairt le linn aifrinn. Tar éis an tsoiscéil san aifrinn cuirtear na hábhair sagairt faoi bhráid an Easpaig agus iarrtar air iad a oirniú ina sagairt. Toghann an t-easpag iad. Tugann sé teagasc don phobal agus go háirithe do na hábhair sagairt. Seo cuid dá theagasc:

A Phobal dílis:

Bronnfar gradam na sagartachta gan mhoill ar na mic
seo againne atá ina ngaolta agus ina gcairde agaibhse.
Machnaígí go haireach dá bhrí sin ar an gcéim san
Eaglais a bhainfidh siad amach.

Is fíor go bhfuil pobal naofa Dé ar fad páirteach sa
tsagartacht ríoga i gCríost. Mar sin féin roghnaigh ár
n-ardsagart féin, Íosa Críost, deisceabail áirithe chun
dualgas na sagartachta a chomhlíonadh go poiblí san
Eaglais thar ceann na ndaoine agus ina ainm féin.
Mar a chuir an tAthair amach é, chuir seisean na
hAspail amach sa domhan, ionas go leanfadh sé i
gcónaí, tríothusan agus trína gcomharbaí na hEaspaig
dá shaothar mar Mháistir, mar Shagart agus mar
Thréadaí. Ceaptar na sagairt mar chomhoibrithe ag
na hEaspaig; ceangailte leis na hEaspaig i ndualgas
na sagartachta glaoitear iad chun seirbhíse do phobal
Dé.

Tá ár mbráithre anseo tar éis an cheist a mheá go
stuama, agus tá siad le hoirniú ina sagairt, chun
seirbhís a dhéanamh do Chríost, Máistir, Sagart agus
Tréadaí. De bharr shaothar Chríost fásann a chorp.
an Eaglais, agus déantar de, pobal Dé, teampall
naofa. Is dual dóibh bheith cosúil le Críost, an
sárshagart síoraí, is dual dóibh bheith aontaithe le
sagartacht na nEaspag. Déanfar iad a choisreacan
ina bhfíorshagairt de chuid an Tiomna Nua, chun an
Soiscéal a chraobhscaoileadh, chun pobal Dé a
bheathú agus chun adhradh Dé a cheiliúradh go
háirithe trí íobairt an Tiarna…

Leis na hábhair sagairt

Mar fhocal scoir, a chlann mhac na páirte, déanaigí
saothar Chríost, Ceann agus Tréadaí na hEaglaise, de
réir bhur n-acmhainne. Bígí aontaithe le bhur nEaspag
agus umhal dó, agus bígi ag iarraidh pobal
Dé a aontú san aon teaghlach amháin, ionas go
mbeidh ar bhur gcumas iad a threorú trí Chríost san
Spiorad Naomh chun Dé an tAthair. Coinnígí sampla
an Tréadaí os comhair bhur súl i gcónaí; ní chun go
ndéanfaí freastal air a tháinig sé ach chun freastal
a dhéanamh, lena raibh imithe ar seachrán a lorg
agus a shlánú.

Ceistíonn an t-easpag na hábhair sagairt i dtaobh a
bhfonn chun dualgais na sagartachta a chomhlíonadh
le barr dílse agus grá. Fógraíonn siadsan a dtoilteanas
agus geallann siad a n-umhlaíocht.
Tugtar cuireadh don phobal guí, agus ansin deirtear:


LIODÁN NA NAOMH

A Thiarna, déan trócaire.
A Chríost, déan trócaire.
A Chríost, déan trócaire,
A Thiarna, déan trócaire.
A Thiarna, déan trócaire.
A NaomhMhuire, a Mháthair Dé guigh orainn
A Naomh Mícheál guigh orainn
A Naomhaingle Dé guigh orainn
A Naomh Iósaef guigh orainn
A Naomh Eoin Baiste guigh orainn
A Naomh Peadar agus Pól guigh orainn
A Naomh Aindrias guigh orainn
A Naomh Eoin guigh orainn
A Naomh Máire Mhaigdiléana guigh orainn
A Naomh Stiofán guigh orainn
A Naomh Lorcán guigh orainn
A Naomh lognáid Aintioch guigh orainn
A Naomh Úna guigh orainn
A Naomha Perpetua agus Felisitas guigh orainn
A Naomh Gréagóir guigh orainn
A Naomh Agaistín guigh orainn
A Naomh Atanáis guigh orainn
A Naomh Baisil guigh orainn
A Naomh Máirtín guigh orainn
A Naomh Beinidict guigh orainn
A Naomha Proinsias agus Doiminic guigh orainn
A Naomh Proinsias Xavier guigh orainn
A Naomh Eoin Máire Vianney guigh orainn
A Naomh Treasa Avila guigh orainn
A Naomh Caitríona Shiena guigh orainn
A Naomha uile Dé, idir fhir is mhná guigh orainn
Bí grástúil saor sinn, a Thiarna
Ó gach uile olc saor sinn, a Thiarna
Ó gach uile pheaca saor sinn, a Thiarna
Ón mbás síoraí saor sinn, a Thiarna
As ucht d’ionchollaithe saor sinn, a Thiarna
As ucht do bháis agus d’aiséirí saor sinn, a Thiarna
As ucht tuirlingt an Spioraid Naoimh saor sinn, a Thiarna

Stiúraigh agus caomhnaigh
d’Eaglais Naofa. impímid ort éisteacht linn

Coinnigh an Pápa agus eaglaisigh
uile de gach grád ar bhóthar
na naofachta. impímid ort éisteacht linn

Tabhair síocháin agus fíoraontú
do na náisiúin go léir. impímid ort éisteacht linn

Neartaigh agus buanaigh sinn
féin i mbun do sheirbhíse naofa. impímid ort éisteacht linn

Beannaigh an té seo atá tofa agat. impímid ort éisteacht linn

Beannaigh agus naomhaigh an
té seo atá tofa agat. impímid ort éisteacht linn

Beannaigh agus naomhaigh agus
coisric an té seo atá tofa agat. impímid ort éisteacht linn

A Íosa, Mac Dé Bheo. impímid ort éisteacht linn
A Chríost, éist linn. A Chríost Éist linn

A Chríost, bí ceansa agus éist linn. A Chríost Éist linn

AN PHAIDIR DHEIRIDH

A Thiarna Dia, iarraimid ort éisteacht linn. Cuir
beannacht an Spioraid Naoimh agus an neart a
ghabhann le grásta na sagartachta ar do sheirbhísigh
anseo. Ofrálaimid i do láthair iad lena gcoisreacan; go
dtuga tú do ghrásta go fial dóibh i gcónaí. Trí Chríost
ár dTiarna.

Pobal: Amen
Cuireann an tEaspag a lámha ar cheann gach duine atá
le hoirniú, gan aon rud a rá. Déanann na sagairt eile an rud céanna.

 

PAIDIR AN CHOISREACAIN

Foir orainn. a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia shíoraí uilechumhachtaigh údar
gach onóir agus bronntóir gach gradaim. ls tú a chruthaigh agus a
chaomhnaíonn gach uile ní. Chuir tú ord agus eagar orthu sa dóigh go
mbeadh an nádúr daonna ag dul chun foirfeachta i gcónaí.
Chuige sin bhunaigh tú deasghnátha chun líon na sagart agus na Lévíteach
a mhéadú, agus nuair a chuir tú ardsagairt i gceannas ar an bpobal thogh tú
fír i dtánaiste dóibh in ord agus i ngradam mar lucht páirte agus cúnta acu.
Mar an gcéanna spréigh tú an inspioráid a bhí ag Maois san fhásach chun
intinní an tseachtó saoi; bhain sé feidhm astu mar chúntóirí i measc an
phobail agus b’éasca dó sluaite gan áireamh a rialú dá bharr. Mar an gcéanna
líon tú clann mhac Árón den lánchumhacht a bhí ag a n-athair rompu, chun
go mbeadh siad ina sagairt fhiúntacha, le híobairtí an tslánaithe a ofráil agus
na deasghnátha a cheiliúradh. Trí dheonú Dé, a Thiarna, cheangail tú
múinteoirí creidimh leis na hAspail a bhí ag do Mhac agus líon siad an
domhan ar fad leis na teagascóirí tánaisteacha seo.

Ar an ábhar sin, a Thiarna iarraimid ort an chabhair chéanna a thabhairt
dúinne. Is laige sinn ná iad siúd go léir; is móide dá réir sin atá an chabhair
de dhíth orainn.

larraimid ort, a Athair uilechumhachtaigh, gradam na sagartachta a
bhronnadh ar do sheirbhísigh anseo. Déan spiorad na naofachta a athnuachan
iontu. Go bhfaighe siad ó do lámha féin, a Dhia, an dara grád sa chliarlathas
agus go dtuga siad treoir sa deabheatha le sampla a mbeatha féin.

Go mba chomhoibrithe fónta ag na heaspaig iad ionas go sroichfidh briathra
an tsoiscéil críocha an domhain agus go ndéanfar as na náisiúin uile, agus iad
bailithe le chéile i gCríost, aon phobal naofa Dé.

Trí Íosa Críost, do Mhac, ár dTiarna, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa,
mar aon leis an Spiorad Naomh ina Dhia, trí shaol na saol.

Pobal: Amen

UNGADH NA LÁMH
Cantar iomann e.g. Veni, Creator Spiritus nó Tar chugainn a Naomhsprid lch 42.

Fuair Íosa Críost ungadh ón Athair trí chumhacht an Spioraid Naoimh.
Go gcumhdaí Íosa thú leis an bpobal Críostaí a naomhú agus le híobairt a
ofráil chun Dé.


OFRÁIL NA dTABHARTAS

Glac le tabhartais an phobail naofa atá le hofráil chun Dé. Tabhair aire
don rud a dhéanann tú, déan aithris ar a bhfuil ar siúl agat agus bíodh
rúndiamhair na croise mar eiseamláir i do bheatha féin.

 

PÓG NA SÍOCHÁNA

Síocháin leat.
Agus leat féin.

Leantar ar aghaidh leis an aifreann


BEANNACHT SAGAIRT

Go gcuire Dia uilechunmhachtach,
an tAthair an Mac + agus an Spiorad Naomh,
a bheannacht ort agus go bhfana an bheannacht sin ort go brách.

Freagra: Amen

 

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0