Treoracha

Ar Tí Pósadh

Chuala go raibh sibh le pósadh!
Is iomaí rud atá ag cur tinnis oraibh dá bhrí sin — óstán a chur in áirithe, cuirí a thabhairt, grianghrafadóir a fháil, mí na meala a shocrú, seoraí an tsearmanais…
An searmanas? Ar dhein sibh aon mhachnamh air fós? An é atá ann, dár libh, tosach rómánsach lae bhur mbainise? Sin uile?
Cuimhnigí air seo:
Is é atá i searmanas dea-eagair pósta ná imeacht corraitheach nach ndéanfaidh sibh féin, ná aon duine a bheidh i láthair san eaglais, dearmad de an dá lá dhéag agus an fad a mhairfidh sibh.
Tá cúpla leid anseo daoibh le bhur searmanas a réiteach go fónta.

Cén fáth searmanas pósta?

Críostaithe sibh beirt?
Creideann sibh i nDia. Tá a fhios agaibh gurb é Dia a rinne sibh, a thug le cheile sibh, a dhealbhaigh bhur gcorp i dtreo gur feidir libh a cheile a ghraú sa phósadh, agus, más é toil Dé é, leanaí a thabhairt ar an saol.
Beidh sibh ag lorg beannacht Dé, más ea, ar bhur bhfiontar. Beidh sibh ag tnúth leis go mbeidh Dia faraibh, cibé rud atá i ndán daoibh — “más fearr, más measa, más bocht, más saibhir.” Cinntíonn sacraimint an phósta é sin go léir daoibh.

An rud príobháideach é an Pósadh Críostaí?

Ní libh féin amháin a bhaineann bhur bpósadh. Ní oileán, mar is eol daoibh, aon Chríostaí; ní mhairimid ar leithrigh linn féin. Bainimid le “pobal,” an comhluadar nó an pobal iontach sin, “An Eaglais,” “Pobal Dé.” Nuair a phósann beirt dár bpobal, dár nEaglais, bíonn baint aige linn go léir. Sin é an fáth go bpósann Críostaithe i láthair ionadaithe oifigiula dá bpobal eaglasta. Is iad an sagart agus na “finnéithe,” an bheirt a sheasann leis an lánúin, na hionadaithe i gceist.

An “Triú Pearsa” sa Phósadh Críostaí

Ní mór machnamh ar bhrí shearmanas an phósta. Cabhraíonn sé má chuimhnímid air go mbuailimid le Críost i ngach sacraimint, agus sa phósadh dá réir sin. Móidíonn sibh agus geallann sibh dílseacht bhuan agus aontacht dhoscartha dá chéile, agus bronnann sibh sacraimint an phósta ar a chéile. Féach nach é an sagart a bhronnann é, ach sibh féin; pósann sibh a chéile. Bíonn an Tríú Pearsa i láthair agus sibh ag pósadh a chéile; bíonn Íosa Críost i láthair agus a chumhacht agus a ghrásta ag dul i bhfeidhm oraibh, a chur ar bhur gcumas grá a thabhairt dá chéile, a bheith dílis dá chéile, fadhbanna a réiteach le chéile, cathuithe a shárú, bheith lách maiteach foighneach le chéile.
An nasc, an ceangal seo a dhéantar eadraibh sa phósadh, is sacraimint é, sacraimint agus comhartha buan.
Ní mór daoibh bhur saol a chaitheamh as seo amach, oiread agus is feidir, do réir an chaidrimh nua seo agaibh ar a chéile. Geallann an searmanas agus an tsacraimint go mairfidh Íosa in bhur dteannta le go mairfidh sibh bhur bpósadh go síoch grách le chéile. Is é croí an tsearmanais dá bhrí sin an “dearbhú toilteanais,” nó an “móidiú dá cheile.” Na gnása eile a ghabhann leis sin, bronnadh an fháinne, malartú nó bronnadh tabhartas siombalach eile, is cabhair bheag bhreise iad le bri na sacraiminte féin a shoiléiriú.

Aifreann an Phósta

Ní cuid riachtanach den phósadh féin é an t-aifreann. Tarlaíonn sé ar uairibh gur feiliúnaí nach mbeadh sé i gceist ar aon chor. Ach is é is gnáthaí sa tír seo inniu go gceiliúrtar sacraimint an phósta laistigh den aifreann. Nil bealach is fearr le buíochas a bhreith le Dia as ucht do rogha céile a bhronnadh ort, lena chabhair a lorg do do shaol pósta, le bhur bposadh a chur faoina choimirce, ná trí cheiliúradh an aifrinn ar na hintinní sin.

San Eaglais seachas san Óstán

B’fhéidir go mbeadh fonn ar chuid de na haíonna an searmanas san eaglais a sheachaint agus teacht chun an fháiltithe san óstán amháin. Déan iarracht ar iad go léir a mhealladh chun na heaglaise. Cén bronntanas is fearr a d’fhéadfaí a thabhairt daoibh ar an lá iontach seo ná guí libh agus oraibh agus sibh ag dearbhú bhur ngrá buan dá chéile i láthair Dé?


Ceiliúradh é an Pósadh

Lá de bhur saol é lá bhur bpósta! Lá ceiliúrtha faoi dhó. Is ceiliúradh iad na confetti, na beannachtaí gairdis agus comhghairdis, an béile, an spraoi. Sin taobh den scéal. Ach is ceiliúradh é an searmanas freisin, agus is é dáiríre an ceiliúradh ceart mar gur ceiliúradh é:
• ar a ndearna Dia ar bhur son trí bhás agus aiséirí a Mhic;
• ar bhur gcoinne le hÍosa Críost agus sibh ag malartú móid agus do bhur dtoirbhirt féin dá chéile i gcúnant dílseachta agus aontachta doscartha;
• ar bhur mbuíochas do Dhia as ucht bhur mbronnadh ar a chéile, agus as ucht bhur gcollaíochta;
• ar bhur mbuíochas do Dhia as ucht an ghrásta agus an nirt a bheidh agaibh i gconaí, sa sonas agus sa donas;
• ar an sampla nó an fhianaise a thabharfaidh sibh trí bhur ngrá dílis dá chéile i gcaitheamh bhur saoil;
• ar dhínit, ar áille, agus ar naofacht staid an phósta.
Beidh sé seo go léir le feiceáil sa searmanas féin. Bígí deimhin de go mbeidh an searmanas léite agus seanléite agaibh le chéile roimh ré.


AN SEARMANAS FÉIN

 

1. Fáilte
Cuireann an sagart fáilte romhaibh ag bhur n-ionad don searmanas nó ag an doras. Níor chóir moill rómhór a chur ar an gcóisir, ná ar fhoireann na heaglaise. Cuireann an sagart sibh ar bhur suaimhneas oiread agus is féidir agus tosaíonn ar an aifreann leis an nGníomh Aithrí mar is gnáth.

2. An tAitheasc
Is é atá san aitheasc ná míniú achomair ar nádúr an phósta a thugtar don lánúin díreach roimh cheiliúradh na sacraiminte, tar éis an homaile.

3. An Dearbhú Toilteanais
Is é seo croílár an tsearmanais. Móidíonn an bheirt agaibh dílseacht bhuan dá chéile. Le linn an dearbhaithe beireann sibh greim láimhe ar a chéile mar chomhartha go bhfuil sibh, gach duine agaibh, á b(h)ronnadh féin ar a chéile mar fhear céile agus mar bhean chéile.

4. Beannú na bhFáinní/an Fháinne
Cuireann an fáinne bhur ngrá agus bhur ndílseacht in iúl; níl pointe deiridh ar an bhfáinne, agus níl ar bhur ngrá ná ar bhur ndílseacht. Is gnáth go mbronnann an fear “ór agus airgead,” nó bonn siombalach, ar an mbrídeog. Ar uairibh malartaíonn an lánúin bronntanais shiombalacha lena chéile.

5. Ní miste daoibh anois, mar lánúin nuaphósta, urnaí a rá, urnaí a chumann sibh féin nó ceann ó leabhar na ndeasghnáth.

6. Beannaítear bhur bPósadh tar éis na Paidre san aifreann. Beannacht shollúnta í seo ag guí cabhair agus grásta Dé oraibh i gcaitheamh bhur saoil.

7. Tá sé le moladh go nglacfadh sibh comaoineach faoin dá ghné. Fleá naofa í an Eocairist, agus is naofa coisricthe freisin é bhur bpósadh.

8. Éilíonn an dlí sibhialta go síneodh an lánúin an fhoirm chláraithe. Ní cuid den phósadh eaglasta é an síniú seo, agus is fearr é a bheith scartha uaidh, sa sacraistí mar shampla, tar éis na ngnás.
(Ní cuid riachtanach de na deasghnátha é Beannacht an Phápa. Is é atá i gceist na cairt ornaideach, sinithe sa Roimh in ainm an Phapa, a chur in iúl go bhfuil sé ag cur a bheannacht ar an bpósadh. Is maith le lánúineacha áirithe í a fháil. Is gá í a iarraidh timpeall trí mhí roimh ré.)

Roghnú na Léachtaí, na nUrnaithe agus na Foirmle

Tá raidhse urnaithe, léachtaí agus foirmlí ann do dheasghnátha an phósta. Ba chóir daoibh bhur rogha féin a dhéanamh. Taispeánfaidh an sagart daoibh a bhfuil ar fáil sna leabhair dhifriúla, “Gnás an Phósta” agus an Leicseanáir. Tá foirmle ar leith Gaeilge in “Gnás an Phósta,” agus beannacht dheiridh ar leith. Tá na léachtaí go léir ar fáil anseo.
Léigí na téacsanna sula ndéanfaidh sibh bhur rogha. Bíonn fonn ar lánúineacha anois agus arís dréacht litríochta is gean leo a phléann le cúrsaí grá agus lánúnais a léamh. Ní ceadmhach a leithéid a léamh in áit an Scrioptúir Dhiaga, ach ní miste é a léamh mar léiriú nó mar chaoi chun machnaimh ar na leachtaí ón Scrioptúr.
Tá sé le moladh go mbeadh sibh páirteach leis ag réiteach Ghuí an Phobail. Tugtar sa triú roinn anseo samplaí de cé mar ba chóir a leithéid a chur le chéile. Beidh bhur gcló féin le cur agaibh ar na hachainíocha.

Roghnú Léitheoirí agus Cúntóirí

Is dócha gur mhaith gaolta nó cairde a bheith páirteach sna searmanais. Más léamh atá i gceist, ní mór do dhuine a bheith cumasach oilte agus ullamh go spioradálta agus go teicniúil.
Níor mhór do léitheoirí dul i dtaithí an léachtáin agus an chóras formhéadaithe roimh ré. Mura bhfuil taithí acu ar an eaglais i gceist, ba chóir dóibh cleachtadh a bheith acu inti.
Is fearr nach sibh féin a léifeadh. Ag éisteacht leis na léachtaí is dual daoibh a bheith. Is é bhur ngnó faoi leith ná an tsacraimint a bhronnadh ar a chéile. Is fearr leis go bhfágfaí iompar na n-ofrálacha faoi dhaoine eile – gaolta, b’fhéidir, nó cairde ar leith.


An Ceol

Cuirfidh ceol le braithstint áthais agus lúcháire na hócáide. Cinntigí, áfach, go n-oireann an ceol don ócáid shollúnta naofa seo. Le blianta beaga anuas, tá amhráin ghrá áirithe a oireann go seoidh do fháiltiú na bainise, agus bíonn siad á ngabhail san eaglais. Ní oireann siad ag an bpointe sin, agus goilleann siad ar an ócáid. Is chun Dia a mholadh an ceol, chun cur le háthas agus le háille, chun cabhrú libh féin agus le bhur n-aíonna an gnás a cheiliúradh agus a bheith páirteach ann go grách deabhóideach.
Taispeánfaidh an sagart daoibh an liosta de cheol agus iomainn a mholann an t-easpag; bíodh bhur rogha agaibh do réir na dtreoracha agus pléigí an scéal le cibé orgánaí nó ceoltóirí eile a bheidh páirteach.


Áiteanna san Eaglais

Sa sanctóir nó taobh leis is gnáth an lánúin a bheith. Má tá an Eaglais an-mhór, agus go mbraithfeadh na haíonna go mbeidís caillte inti, níor mhiste a iarraidh ar an sagart na suíocháin a chóiriú ar shlí éigin eile, nó feidhm a bhaint as cuid bheag den eaglais don searmanas. Cé gur gnách anois go dtéann na gaolta agus na haíonna ón dá thaobh ar leithrigh óna chéile sna suíocháin, b’fhearr go meascfaidís le chéile faoi mar a dhéanann siad ag an mbainis.
Sa searmanas féin, b’fhéidir gur mhaith libh aghaidh a thabhairt ar a chéile agus sibh ag agallamh a chéile. Bheadh sin níos nádurtha agus níos muinteartha, agus chuirfeadh sé in iúl gur sibhse, agus nach é an sagart, atá ag bronnadh na sacraiminte ar a chéile.

 

Pictiúir Cheamara agus Físe

Má bhíonn lucht ceamara agus físe á chur in áirithe agaibh, faighigí daoine a oibríonn go socair gan cur isteach ar imeachtaí. Cinntígí go dtéann siad i gcomhairle leis an sagart roimh ré agus go scaoilfidh siad uain phríobháideach, mar ghlacadh comaoineach, tharstu. Sa lá atá inniu ann níl aon leithscéal ann chun soilse cúnta a úsáid; is leor cibé solas atá sa séipéal de ghnáth. Níor chóir go gcuirfeadh teicneoirí isteach riamh ar shearmanas, agus bídís gléasta mar a oireann don ócáid.


Bláthanna

Is féidir do bhláthanna cur le spiorad áthais agus lúchaire na hócáide ach iad a bheith cóirithe go tuisceanach. Ní cabhair an iomarca díobh, ná iad a bheith in áiteanna ná hoireann dóibh—ag ceilt na haltóra ná an leachtáin, abair. Níor cheart bláthanna tacair ná a leithéid a bheith in úsáid, ná ribiní a bheith ar shuíocháin ná eile.
Is fearr ceist bhláthanna agus eile a phlé leis an sagart. Bíonn nósanna ar leith ina lán eaglaisí, ach is beag eaglais ná go mbíonn cosc iomlán san eaglais féin nó i gcóngar an dorais ar chonfetti.


Cleachtadh

Tá dianghá le cleachtadh. Gan é, tá baol útamála agus ní bheidh sibh féin ná an sagart ná na cúntoirí ar a suaimhneas. Ba chóir go mbeadh na finnéithe, na léitheoirí, na hamhránaithe, na ceoltóirí agus aon duine a bheidh pairteach sna searmanais i lathair ag an gcleachtadh. Is minic gurb é seo an t-am is caoithiúla do shacraimint an athmhuintearais.


Urnaí

Ná dearmaidigí an urnaí ag ullmhú daoibh. Seo urnaí a d’fhéadfadh sibh a rá le chéile.
A Dhia, a Athair na nGrás, Beirimid buíochas leat gach tráth,
Is go mór mór ag druideam leis an lá, Ina snaidhmfear sinn i mbarróg ghrá.
Cuir do bheannacht orainn araon, Le go ndéanfaimid do réir,
Nuair a phósfaimid a chéile, Ós do chomhair san eaglais naofa.
Bí fial le do ghrásta inár n-anam, Is le do ghrá inár gcroí go daingean.
Bíodh a fhios ag an saol mór feasta, Gur tú ár nDia, ár solas, ár mbeatha.
Sin é ár nguí chugat, a Dhia Athair, Trí Chríost do Mhac, ár dtaisce.
Amen, a Thiarna.

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0