Ord an Bhaiste: Aon Leanbh Amháin

Cuirtear Fáilte Roimh An Leanbh


Más féidir é, is ceart an baisteadh a dhéanamh ar an Domhnach, an lá a cheiliúrann an Eaglais rúndiamhair na Cásca. Ba cheart gur searmanas poiblí a bheadh sa bhaisteadh agus an pobal go léir i láthair, nó ar a laghad gaolta, cairde agus comharsana an linbh, agus páirt ghníomhach a glacadh acu sna deasghnátha.

Sé gnó an athar agus na máthar mar aon leis na carais Chríost an leanbh a chur i láthair na hEaglaise lena bhaisteadh.

Ní miste don phobal salm nó iomann a chanadh,le linn don cheiliúraí agus na freastalaithe siúl i dtreo dhoras na heaglaise nó pé áit eile san eaglais ina bhfuil na tuismitheoirí agus na carais Chríost ag feitheamh i dteannta an linbh. Bíonn ailb nó suirplis á caitheamh ag an gceiliúraí agus stoil de dhath oiriúnach agus cópa más maith leis.
Beannaíonn an ceiliúraí don phobal, go háirithe do na tuismitheoirí agus do na carais Chríost. I mbeagán focal meabhraíonn sé dóibh an lúcháir lenar fháiltigh na tuismitheoirí roimh an leanbh, ag glacadh leis mar bhronntanas ó Dhia, údar na
beatha, agus gurb é a thoil siúd anois a bheatha féin a bhronnadh ar an leanbh seo.

Ar dtús ceistíonn an ceiliúraí tuismitheoirí an linbh.

Ceiliúraí: Cad é an t-ainm is mian libh a thabhairt ar bhur leanbh ?
Tuismitheoirí: N.

Ceiliúraí: Cad é atá sibh a iarraidh ar Eaglais Dé do N.?
Tuismitheoirí: An baisteadh.

Is ceadmhach don cheiliúraí malairt focal a úsáid sa chomhrá seo. Má tá duine éigin eile, de réir nós na háite, i dteideal ainm a thabhairt ar an leanbh, is ceadmhach dó freagra a thabhairt in áit na dtuismitheoirí ar an gcéad cheist.
Is ceadmhach do na tuismitheoirí malairt focal a úsáid sa dara freagra e.g., “creideamh”, “grásta Chríost,” “cead isteach san Eaglais”, “an bheatha shíoraí”.

Labhraíonn an ceiliúraí na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh leis na tuismitheoirí:

Ceiliúraí: An dtuigeann sibh, agus sibh ag iarraidh go mbaistfí bhur leanbh, go bhfuil sibh á ghlacadh de dhualgas oraibh féin é (í) a oiliúint sa chreideamh chun go gcomhlíonfadh sé (sí) na haitheanta agus go dtabharfadh sé (sí) grá do Dhia agus dá c(h)omharsana mar a mhúin Críost dúinn?
Tuismitheoirí: Tuigimid.

Casann an ceiliúraí ansin ar na carais Chríost agus labhraíonn na focail seo leanas leo, nó focail atá gaolmhar dóibh:

Ceiliúraí: An bhfuil sibh Sásta cabhrú le tuismitheoirí an linbh seo a ndualgas a chomhlíonadh?
Carais Chríost: Táimid sásta.

Leanann an ceiliúraí ar aghaidh:
A N., cuireann an pobal Críostaí céad fáilte romhat. In ainm an phobail sin gearraim fíor na croise céasta ort agus ina dhiaidh sin gearrfaidh do thuismitheoirí (agus do charais Chríost) fíor chrois Chríost ár Slánaitheoir ort mar an gcéanna.
Cuireann sé fíor na croise, agus é in a thost, ar éadan an linbh. Tugann sé cuireadh ansin do na tuismitheoirí déanamh amhlaidh agus más cuí, do na carais Chríost freisin.
Tugann an ceiliúraí cuireadh do na tuismitheoirí, do na carais Chríost agus don phobal uile páirt a ghlacadh i liotúirge an bhriathair. Más féidir é beidh mórshiúl chun na háite ina léifear an scrioptúr agus ní miste iomann a chanadh le linn an mhórshiúil sin.

Ceiliúradh Bhriathar Dé

Léachtaí ón Scrioptúr agus Aitheasc
Léitear ceann nó dhó de na dréachtaí seo leanas ón Scrioptúr. Ní miste do chách suí síos.

1. Eoin 3: 1-6
Bhí ar na Fairisinigh duine darbh ainm Nicodémas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuig Íosa san oíche, agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a rabbí, gur oide thú a tháinig ó Dhia, óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” D’fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil!”
Dúirt Nicodémas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”
D’fhreagair Íosa: “Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ó Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé. An ghin a gineadh ón nádúr is nádúr í; An ghin ón Spiorad is osnádúr í.

Níor mhiste an véarsa seo leanas a rá idir na léachtaí:
Labhair Íosa leo arís más ea:
“Is mise” ar sé “solas an tsaoil.
An té a leanfaidh mise,
ní shiúlfaidh sé sa dorchacht
ach beidh aige solas na beatha.” (Eoin 8: 12).

2. Matha 28: 18-20.
Tháinig Íosa chuig na deisceabail agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imigí dá bhrí sin agus déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag muineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.

3. Marcas 1:9-11.
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh san lordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

4. Marcas 10: 13-16.
Agus bhíodar ag tabhairt na leanaí chuig Íosa chun go sínfeadh sé a lámh orthu, agus bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéata air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Tar éis na léitheoireachta tugann an ceiliúraí aitheasc gearr uaidh ina míníonn sé don phobal brí na léachtaí. Beidh sé d’aidhm aige a dtuiscint ar rúndiamhair an bhaiste a dhoimhniú agus go háirithe na tuismitheoirí agus na carais Chríost a spreagadh chun glacadh go fonnmhar leis na dualgais a chuirfidh sacraimint seo an bhaiste orthu.

Tar éis an aithisc, nó le linn nó fiú tar éis an liodáin, moltar go mbeadh tamall ciúnais ina nguifeadh cách ina chroí féin ar chuireadh ón gceiliúraí. Níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh ansin.

Guí An Phobail

Ansin deirtear guí an phobail:

Ceiliúraí: A bhráithre liom,* iarraimis trócaire ár dTiarna Íosa Críost don leanbh seo a bhaistfear ar ball, dá t(h)uismitheoirí agus dá* c(h)arais Chríost agus do gach aon duine baiste.
*Tá cead ag an gceiliúraí focail eile d’úsáid má thuigtear dó iad a bheith níos oiriúnaí ar an ócáid e.g., “a chairde”, “a dhaoine muinteartha”. Tá an tsaoirse chéanna aige ina leithéidí céanna d’áiteanna sa liotúirge.

Léitheoir: De thoradh ar rúndiamhair do bháis agus d’aiséirí, a Thiarna, tabhair beatha nua sa bhaisteadh don leanbh seo agus seol isteach i d’Eaglais é (í).
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: De thoradh ar an mbaisteadh agus ar an gcóineartú cuir ar a c(h)umas tú a leanúint go dílis agus fianaise a thabhairt go seasmhach ar son do shoiscéil.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Tabhair do thuismitheoirí agus do charais Chríost an linbh seo bheith ina n-eiseamláir dó (di) sa chreideamh.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Coimeád a t(h)eaghlach go buan i do ghrá.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Athnuaigh grásta an bhaiste ionainn go léir.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Tugann an ceiliúraí cuireadh don phobal na naoimh a ghuí.
A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé guigh orainn.
A Naomh Eoin Baiste guigh orainn.
A Naomh lósaef guigh orainn.
A Naomh Peadar agus PóI guigí orainn.

Níor mhiste ainmneacha naomh eile a chur sa liodán seo, go háirithe pátrúin an linbh atá le baisteadh agus pátrún na heaglaise nó an cheantair. Críochnaíonn an liodán:

A Naomha uile Dé guígí orainn.

Paidir An Eacsairciste augus An tUngadh Roimh An mBaisteadh

Tar éis an liodáin deir an ceiliúraí:
(a) A Dhia shíoraí uilechumhachtaigh, chuir tú do Mhac ar an saol seo chun cumhacht an diabhail, an t-ainspiorad, a dhíbirt asainn, agus chun an duine a shaoradh ón dorchadas agus é a sheoladh isteach i ríocht iontach do sholais. larraimid go humhal ort, dá* bhrí sin, an leanbh seo a shaoradh ó pheaca an tsinsir agus do theampall féin a dhéanamh de (di) ina lonnóidh an Spiorad Naomh. Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Malairt paidre don Eacsaircisteadh:
(b) A Thiarna Dia uilechumhachtaigh, chuir tú d’Aon Mhac ar an saol seo chun an duine a shaoradh ó bhraighdeanas an pheaca agus chun saoirse do chlann mhac a thabhairt dó.
Beidh ar an leanbh seo aghaidh a thabhairt ar chathuithe an tsaoil agus ar chleasa an diabhail.
larraimid go humhal ort é (í) a thabhairt slán ón bpeaca de thoradh ar bhás agus ar aiséirí do Mhic.
Cumhdaigh é (í) le grásta Chríost agus cosain é (í) ar a b(h)ealach tríd an saol.
Trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Leanann an ceiliúraí ar aghaidh:

Go raibh neart Chríost an Slánaitheoir do do chumhdach; dá chomhartha sin ungaimid thú le hola an tslánaithe in ainm Chríost a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
Pobal: Amen.

Ungann sé brollach an linbh le hola na gcaiticiúmanach.

Téann siad chun na baistealainne ansin nó chun an tsanctóra más ann atá an baisteadh le déanamh.

Ceilúradh An Bhaiste

Ar theacht chun an umair dóibh meabhraíonn an ceiliúraí don phobal, i mbeagán focal, scéim iontach Dé gurbh é a dheonú an duine a naomhú idir chorp agus anam tríd an uisce. Úsáideadh sé na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh:

Guímis, a bhráithre liom, go dtuga an Tiarna Dia uilechumhachtach beatha nua don leanbh seo trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh.
nó:
Is eol daoibh, a bhráithre liom, go roinneann Dia a bheatha féin go fial trí shacraimint an uisce orthu siúd a chreideann ann. Impímis le chéile air, dá bhrí sin, a ghrásta a dháileadh as an umar seo ar an leanbh seo atá tofa aige.


larrtar ar Dhia an t-uisce a bheannú

Ag casadh dó chun an umair tugann sé an bheannacht seo leanas (nuair nach tráth na Cásca a bhíonn i gceist):

(a) A Dhia, de thairbhe do chumhachta dofheicthe baineann tú feidhm as comharthaí sofheicthe chun éachtaí a chur i gcrích. Bhain tú feidhm as an uisce chun grásta an Bhaiste a Iéiriú roimh ré.
A luaithe is a bhí an domhan cruthaithe agat, chuaigh do Spiorad ag foluain os cionn na n-uiscí chun go mbronnfadh sé cumas an bheannaithe ar an uisce ag an am sin féin.
Rinne tú íomha na hathbhreithe den díle chun a thaispeáint gur trí chumhacht an uisce a chuirfí deireadh leis na duáilcí agus tús ar na suáilcí.
Thug tú clann Abráhám thar Mhuir Rua anonn de chosa tirime chun iad a shaoradh ón mbraighdeanas san Éigipt agus chun pobal nua a bhunú a bheadh ina shamhail de phobal an bhaiste. Bhaist Eoin do Mhac in uisce na lordáine agus rinne an Spiorad Naomh é a ungadh. Nuair a céasadh ar an gcrois é tháinig uisce chomh maith le fuil amach as a chliathán. Agus tar éis dó éirí ó na mairbh chuir sé na deisceabail uaidh á rá leo: “Imígí, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh. Féach, a Dhia, ar d’Eaglais agus oscail umar an bhaiste di. Tugadh an Spiorad Naomh a ghrásta don uisce seo chun go nglanfar an duine a rinneadh ar do dheilbh ó gach uile pheaca agus go n-athghinfear é trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh i sacraimint seo an bhaiste.
Buaileann an ceiliúraí a lámh dheas ar an uisce agus deir sé.
Tagadh cumhacht an Spioraid Naoimh anuas ar uisce an umair seo, a Dhia, chun go mbeadh páirt in aiséirí Chríost ag gach aon duine dá dtugtar páirt ina bhás sa bhaisteadh. Tri Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Le linn tráth na Cásca fiú má tá ar an láthair uisce baiste a coisreacadh ar Bhigil na Cásca, mar sin féin iarrtar ar Dhia an t-uisce a bheannú chun nach mbeadh téamaí an bhuíochais agus na himpí in easnamh sa bhaisteadh. Úsáidtear an fhoirmle seo:

Ceiliúraí: A Dhia na Trócaire, trí uisce an bhaiste chuir tú beatha nua do chlainne féin ag borradh ionainn.
Pobal: Moladh le Dia (nó a léithéid céanna de gháir mholta).

Ceiliúraí: D’aontaigh tú le chéile i do Mhac Íosa Críost gach duine a baisteadh in uisce agus sa Spiorad Naomh.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Shaor tú sinn agus líon tú sinn le Spiorad do ghrá chun go mbainfimis aoibhneas as do shíocháin.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Roghnaíonn tú na daoine a baisteadh i dtreo is go bhfógróidis soiscéal Chríost go lúcháireach os comhair an tsaoil.
Pobal: Moladh le Dia.

Ceiliúraí: Ghlaoigh tú ar do leanbh N. chun uisce seo an ghlanta agus na hathbhreithe agus chun creideamh na heaglaise i dtreo is go mbeadh an bheatha shíoraí aige (aici). Beannaigh an t-uisce seo lena mbaistfear é (í).
Trí Chríost ár Thiarna.
Pobal: Amen.

Má tá uisce an bhaiste beannaithe cheana féin, fágann an Ceiliúraí an phaidir dheireanach sin ar lár agus deir sé:

Ceiliúraí: Ghlaoigh tú ar do leanbh N. chun uisce seo an ghlanta agus chun creideamh na hEaglaise i dtreo is go mbeadh an bheatha shíoraí aige (aici). Trí rúndiamhair an uisce choisricthe seo stiúir é (í) chun athbhreithe spioradálta.
Pobal: Amen.

 

Diúltú Don Diabhal Agus Admháil An Chreidmh

Labhraíonn an ceiliúraí mar leanas leis na tuismitheoirí agus leis na carais Chríost:

A thuismitheoirí agus a charasa Chríost liom: De thoradh ar shacraimint an bhaiste tabharfaidh Dia trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh beatha nua don leanbh seo atá tugtha anseo agaibh. Beidh sé de dhualgas oraibhse ansin é (í) a oiliúint sa chreideamh sa chaoi go gcoimeádfar slán ó smál an pheaca an bheatha nua seo ann (inti) agus go neartófar í ó lá go lá. Dá bhrí sin, má tá sibh réidh as ucht bhur gcreidimh chun an dualgas seo a ghlacadh oraibh féin, tugaigí bhur mbaisteadh féin chun cuimhne, diúltaigí arís don pheaca agus admhaígí bhur gcreideamh in Íosa Críost: mar is é seo creideamh na hEaglaise agus is ann a bhaistear an leanbh.

Ceistíonn an ceiliúraí na tuismitheoirí agus na carais Chríost:

Ceiliúraí: An ndiultaíonn sibh do Shátan ?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliúraí: Agus dá oibreacha go léir?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Diúltaímid.

Ceiliuraí: Agus dá chleasa go léir?
Tuismitheoirí: Diúltaímid.

Éilíonn an ceiliúraí ansin admhail chreidimh faoi thrí ó na tuismitheoirí agus na carais Chríost:
Ceiliúraí: An gcreideann sibh i nDia an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh in Íosa Críost, a AonMhac-san, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

Ceiliúraí: An gcreideann sibh sa Spiorad Naomh, sa Naomh- Eaglais chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Creidimid.

Tugann an ceiliúraí agus an pobal a dtacaíocht féin don admháil chreidimh sin:
Ceiliúraí: Is é seo ár gcreideamh. Is é seo creideamh na hEaglaise. Ábhar mórtais dúinn é a admháil in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Is féidir foirmle eile a úsáid ina ionad sin, nó fós d’fhéadfadh an pobal a gcreideamh a chur in iúl trí iomann oiriúnach a chanadh.

An Baisteadh

Tugann an ceiliúraí cuireadh don teaghlach teacht chun an umair bhaiste. Ceistíonn sé na tuismitheoirí agus na carais Chríost mar leanas:
Ceiliúraí: Táimid go léir tar éis creideamh na hEaglaise a fhógairt. An mian libh go mbaistfí N. sa chreideamh seo?
Tuismitheoirí agus carais Chríost: Is mian.

Baisteann sé an leanbh ag rá dó: A N., baistim thú in ainm an Athar, Tumann sé an leanbh san uisce nó doirteann sé uisce air. agus an Mhic, Tumann sé an leanbh nó doirteann uisce air an dara huair. agus an Spioraid Naoimh. Tumann sé an leanbh nó doirteann uisce air an triú huair. Tar éis an leanbh a bhaisteadh moltar go gcanfadh an pobal gáir mholta.

Más le doirteadh uisce a dhéantar an baisteadh b’fhearr gur i mbachlainn na máthar (nó an athar) a choimeádfaí an leanbh. Ach má cheaptar gur chóir cloí leis an nós atá ann faoi láthair is ceadmhach don mháthair bhaistí (nó don athair baistí) an leanbh a choimeád. Más le tumadh a dhéantar an baisteadh, tógann an mháthair nó an t-athair (an mháthair bhaistí nó an t-athair baistí) an leanbh as an umar.

An tUngadh Le Criosma

Deir an ceiliúraí:
Dia uilechumhachtach, Athair ár dTiarna Íosa Críost, tá sé tar éis tú a shaoradh ón bpeaca agus tú a athghiniúint trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Ungann sé thú anois le criosma an tslánaithe chun go mbainfeá an bheatha shíoraí amach mar bhall de phobal Chríost, an Sagart, an Fáidh agus an Rí.
Pobal: Amen.
Ansin ungann an Ceiliúraí, agus é ina thost, an leanbh i mbaithis a chinn le criosma.

An tInfheistiú Le héadach Geal

Deir an ceiliúraí:
A N., rinneadh créatúr nua díot agus chuir tú Críost umat féin. Bíodh an t-éadach geal seo ina chomhartha ar do ghradam mar Chríostaí. Coinnigh an gradam sin gan smál agus tú á neartú trí bhriathar agus trí shampla do mhuintire nó go mbainfidh tú an bheatha shíoraí amach.
Pobal: Amen.
Cuirtear ball éadaigh bán ar an leanbh ansin. Ní cheadaítear ach an dath sin mura n-éilíonn nós áitiúil malairt datha. Moltar go gcuirfeadh an teaghlach féin an ball éadaigh ar fáil.

Bronnadh Na Coinnle Lasta

Tógann an ceiliúraí coinneal na Cásca agus deir sé:
Glacaigí solas Chríost.
Lasann duine éigin ón teaghlach (e.g., an t-athair nó an t-athair baistí) coinneal an linbh ó choinneal na Cásca. Deir an ceiliúraí:
A thuismitheoirí agus a charasa Chríost, tugtar daoibhse an solas seo. Cumhdaigí é don leanbh chun go mairfeadh sé (sí) mar dhuine de chlann an tsolais agus solas Chríost á stiúradh i gcónaí. Go bhfana sé (sí) dílis don chreideamh ionas go mbeidh sé (sí) réidh chun dul in éineacht leis na naoimh in airicis an Tiarna ar neamh.

Cuireann an ceiliúraí a ordóg ar chluasa agus ar bhéal an linbh agus deir sé:
Thug an Tiarna Íosa éisteacht do na bodhair agus labhairt do na bailbh. Go gcuire sé ar do chumas gan mhoill a bhriathar a thuiscint agus an creideamh a fhogairt chun onóra agus chun glóire Dé, ár nAthair.
Pobal: Amen.

Na Deasghnátha Deiridh

Mura ndearnadh an baisteadh féin sa sanctóir bíonn mórshiúl anois chun na haltóra agus iompraítear coinneal lasta an linbh sa mhórshiúl seo. Níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh.

An Phaidir

Seasann an ceiliúraí os comhair na haltóra agus labhraíonn sé leis na tuismitheoirí, leis na carais Chríost agus leis an bpobal, na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh:
A bhráithre liom, tá Dia tar éis beatha nua a bhronnadh ar an leanbh seo sa bhaisteadh. Tugtar duine de chlann Dé air (uirthi) agus is duine de chlann Dé é (í) dáiríre. Bronnfar iomláine an Spioraid Naoimh air (uirthi) sa chóineartú, tiocfaidh sé (sí) i láthair altóir an Tiarna chun an tAifreann a cheiliúradh agus chun corp Chríost a ghlacadh agus i gcomhthionól na hEaglaise tabharfaidh sé (sí) a (h)Athair ar Dhia. Is sinne clann altrama Dé. Thar ceann an linbh seo abraimis an phaidir a mhúin Íosa féin dúinn:

Cuireann an pobal uile a nguth le guth an cheiliúraí ag rá nó ag canadh dóibh:

Ár nAthair atá ar neamh
go naofar d’ainm,
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a níthear ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
Agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú,
ach saor sinn ó olc.

An Bheannacht

Beannaíonn an ceiliúraí an mháthair, agus an leanbh ina bachlainn aici, ansin an t-athair agus ar deireadh an pobal uile:

Ceiliúraí: Tugann an Tiarna uilechumhachtach ábhar mór lúcháire do na máithreacha Críostaí trína Mhac a rugadh ó Mhuire Ógh, sa mhéid go bhfuil dóchas acu go mbainfidh a leanaí aoibhneas na beatha síoraí amach. Go mbeannaí sé máthair an linbh seo anois agus í ag gabháil buíochais leis as ucht na clainne atá tugtha aige di, agus go dtuga sé di féin agus dá clann bheith ag gábháil buíochais leis de shíor in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach údar na beatha ar an saol abhus agus ar neamh. Go mbeannaí sé athair an linbh seo chun go mba é seo, in éineacht lena bhean, is túisce a thabharfaidh oiliúint sa chreideamh don leanbh, le briathar agus le dea-shampla.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach a thug an bheatha nua dúinn trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Go mbeannaí sé a chlann mhac agus iníonacha atá anseo i láthair chun go mba bhaill bheo dá phobal iad i gcónaí agus i ngach áit. Go mbronna sé a shíocháin orthu go léir in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac, agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

Tar éis na beannachta níor mhiste don phobal iomann oiriúnach a chanadh. Pé áit bhfuil sé mar nós an leanbh nuabhaiste a thabhairt chun altóir na Maighdine Muire, leantar de más cuí.

 

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0