Leanbh Baiste A Thabhairt Chun Na hEaglaise

Cuirtear Fáilte Roimh An Leanbh

 

Ní miste don phobal salm nó iomann a chanadh le linn don cheiliúraí agus na freastalaithe siúl i dtreo dhoras na heaglaise nó pé áit eile san eaglais ina bhfuil na tuismitheoirí agus na carais Chríost ag feitheamh i dteannta an linbh. Bíonn ailb nó suirplis á caitheamh ag an gceiliúraí agus stoil de dhath oiriúnach agus cópa más maith leis.
Beannaíonn an ceiliúraí don phobal, go háirithe do na tuismitheoirí agus do na carais Chríost. Molann sé iad as an leanbh a bhaisteadh gan mhoill, gabhann sé buíochas le Dia agus tréaslaíonn sé leis na tuismitheoirí a s(h)láinte a bheith faighte arís ag an leanbh.
Ar dtús ceistíonn an ceiliúraí na tuismitheoirí:

Ceiliúraí: Cad é an t-ainm atá tugtha agaibh ar bhur leanbh ?
Tuismitheoirí: N.

Ceiliúraí: Cad é atá sibh a iarraidh anois ar Eaglais Dé do N. ós rud é go bhfuil sé (sí) baiste cheana féin ?
Tuismitheoirí: larraimid go dtabharfaí le fios don phobal uile go bhfuil glactha leis (lei) san Eaglais.

Má tá duine éigin eile, de réir nós na háite, i dteideal ainm a thabhairt ar an leanbh is ceadmhach dó freagra a thabhairt in áit na dtuismitheoirí ar an gcéad cheist.
Is ceadmhach do na tuismitheoirí malairt focal a úsáid sa dara freagra e.g., “gur Críostaí é (í)”, “gur baisteadh é (í)”.

Labhraíonn an ceiliúraí na focail seo leanas nó focail atá gaolmhar dóibh leis na tuismitheoirí:
Ceiliúraí: An dtuigeann sibh agus an leanbh baiste seo á thabhairt agaibh chun na hEaglaise, go bhfuil sibh á ghlacadh de dhualgas oraibh féin é (í) a oiliúint sa chreideamh chun go gcomhlíonfadh sé (sí) na haitheanta agus go dtabharfadh sé (sí) grá do Dhia agus dá c(h)omharsana mar a mhúin Críost dúinn?
Tuismitheoirí: Tuigimid.

Casann an ceiliúraí ansin ar na carais Chríost agus labhraíonn na focail seo leanas leo ná focail atá gaolmhar dóibh:
Ceiliúraí: An bhfuil sibh Sásta cabhrú le tuismitheoirí an linbh seo a ndualgas a chomhlíonadh ?
Carais Chríost: Táimid Sásta.

Leanann an ceiliúraí ar aghaidh:
A N., cuireann an pobal Críostaí céad fáilte romhat. Gabhann siad buíochas le do thuismitheoirí agus anois tugann siad fianaise go bhfuil glactha leat san Eaglais. In ainm an phobail seo gearraim comhartha Chríost ort, an té sin a bhronn beatha nua ort sa bhaisteadh agus a rinne ball dá Eaglais díot. Gearrfaidh do thuismitheoirí (agus do charais Chríost) fíor na croise ort mar an gcéanna.

Cuireann sé fíor na croise, agus é ina thost, ar éadan an linbh. Tugann sé cuireadh ansin do na tuismitheoirí déanamh amhlaidh agus, más cuí, do na carais Chríost freisin.

Tugann an ceiliúraí cuireadh do na tuismitheoirí, do na carais Chríost, agus don phobal uile páirt a ghlacadh i liotúirge an bhriathair. Más féidir é beidh mórshiúl chun na háite ina léifear an Scrioptúr agus ní miste iomann a chanadh le linn an mhórshiúil sin.

CEILIÚRADH BHRIATHAR DÉ

Léachtaí ón Scrioptúr agus Aitheasc
Léitear ceann nó dhó de na dréachtaí seo leanas ón Scrioptúr. Ní miste do chách suí síos. Is féidir sailm nó véarsaí a rá idir na léachtaí.

1. EOIN 3: 1-6.
Bhí ar na Fairisínigh duine dárbh ainm Nicodémas, uachtarán ar na Giúdaigh. Tháinig an duine seo chuig Íosa san oíche agus dúirt leis: “Tá a fhios againn, a rabbi, gur oide thú a tháinig ó Dhia, óir ní féidir le haon duine na comharthaí seo a dhéanann tú a dhéanamh gan Dia a bheith leis.” D’fhreagair Íosa: “Amen, Amen,” ar sé leis, “mura nginfear duine athuair ní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
Dúirt Nicodémas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d’fheadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?” D’fhreagair Íosa:
“Go deimhin féin a deirim leat, mura ngintear duine ó uisce agus ó Spiorad, ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
An ghin a gineadh ón nádúr is nádúr í; An ghin ón Spiorad is osnádúr í.

2. MATHA 28: 18-20.
Tháinig Íosa chuig na deisceabail agus labhair sé leo: “Tá gach údarás tugtha domsa ar neamh agus ar talamh. Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile, á mbaisteadh in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh, ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”

3. MARCAS 1: 9-11.
Lá de na laethanta sin tháinig Íosa ó Nazarat sa Ghailíl agus fuair baisteadh san lordáin ó Eoin. Agus an túisce a tháinig sé aníos as an uisce chonaic sé na flaithis ag oscailt ó chéile agus an Spiorad mar a bheadh colm ag teacht anuas air. Agus tháinig glór ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

4. MARCAS 10: 13-16.
Agus bhíodar ag tabhairt na leanaí chuig Íosa chun go sínfeadh sé a lámh orthu, agus bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéata air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.” Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

Tar éis na léitheoireachta tugann an ceiliúraí aitheasc gearr uaidh ina míníonn sé don phobal brí na léachtaí. Beidh sé d’aidhm aige a dtuiscint ar rúndiamhair an bhaiste a dhoimhniú agus go háirithe na tuismitheoirí agus na carais Chríost a spreagadh chun glacadh go fonnmhar leis na dualgais a chuireann sacraimint an bhaiste orthu.
Tar éis an aithisc. nó le linn nó fiú tar éis an liodáin, moltar go mbeadh tamall ciúnais ina nguífeadh cách ina chroí féin ar chuireadh ón gceiliúraí. Níor mhiste iomann oiriúnach a chanadh ansin.

 

GUÍ AN PHOBAIL
Ansin deirtear guí an phobail.
Ceiliúraí: larraimis trócaire agus gean ár dTiarna Íosa Críost don leanbh seo, dá t(h)uismitheoirí, dá c(h)arais Chríost agus do gach aon duine baiste.
Léitheoir: Go gcuire an leanbh seo a b(h)uíochas in iúl do Dhia as an mbaisteadh a ghlac sé* (sí) agus an tsláinte a fuair sé (sí) ar ais uaidh.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go raibh sé (sí) i gconaí ina b(h)all beo de d’Eaglais.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go ndéana sé (sí) do shoiscéal-sa a éisteacht agus a leanúint agus go dtuga sé (sí) fianaise bhuan ina thaobh.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go dtaga sé (sí) go lúcháireach chun altóir na híobartha.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go dtuga sé (sí) de réir mar mhúin tusa, grá dá T(h)iarna Dia agus dá c(h)omharsana.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go bhfása sé (sí) i naofacht agus in eagna trí bhriathra agus dea-shampla na gCríostaithe.
Pobal: A Thiarna, éist linn.

Léitheoir: Go maire do lucht leanúna san aon chreideamh agus i gcárthanacht le chéile.
Pobal: A Thiarna, éist linn,

Tugann an ceiliúraí cuireadh don phobal na naoimh a ghuí:
A Naomh Mhuire, a Mháthair Dé Guigh orainn.
A Naomh Eoin Baiste Guigh orainn.
A Naomh Iósaef Guigh orainn.
A Naomh Peadar agus PóI Guígí orainn.
Níor mhiste ainmneacha naomh eile a chur sa liodán seo, go háirithe patrún an linbh atá le baisteadh agus patrún na heaglaise nó an cheantair. Críochnaíonn an liodán:
A Naomha uile Dé guígí orainn.

Tar éis an liodáin deir an ceiliúraí:
A Athair ár dTiarna Íosa Críost, foinse na beatha agus an ghrá go léir, rinne cúram na dtuismitheoirí seo dá leanbh tú a ghlóiriú. Déanann tú féin cúram de leanaí nuair a bhíonn siad i mbaol, agus sa bhaisteadh léiríonn tú thú féin mar Shlánaitheoir dóibh. Gabhann an Eaglais buíochas leat anois agus guíonn sí thú i dtaobh do sheirbhísigh N. Thóg tú an leanbh seo ó ríocht an dorchadais isteach i do sholas glórmhar féin. Trí shacraimint an bhaiste rinne tú mac (iníon) altrama de (di) agus teampall an Spioraid Naoimh. Cabhraigh leis (léi) i gcónaí i ndeacrachtaí an tsaoil seo. Sa chomhrac úd chun do ríochtsa a bhaint amach neartaigh é (í) de shíor le cumhacht Chríost an Slánaitheoir. Trí Chríost ár dTiarna.

DEASGHNÁTHA BREISE:

AN tUNGADH LE CRIOSMA
Deir an Ceiliúraí:
Dia uilechumhachtach, Athair ár dTiarna Íosa Críost, tá sé tar éis tú a shaoradh ón bpeaca agus tú a athghiniúint trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Ungann sé thú anois le criosma an tslánaithe chun go mbainfeá an bheatha shíoraí amach mar bhall de phobal Chríost an Sagart, an Fáidh agus an Rí.
Ansin ungann an ceiliúraí, agus é ina thost, an leanbh i mbaithis a c(h)inn le criosma.

AN tINFHEISTIÚ LE hÉADACH GEAL
Deir an Ceiliúraí:
A N., rinneadh créatúr nua díot agus chuir tú Críost umat féin. Bíodh an t-éadach geal seo ina chomhartha ar do ghradam mar Chríostaí. Coinnigh an gradam sin gan smál agus tú a neartú trí bhriathar agus trí shampla do mhuintire nó go mbainfidh tú an bheatha shíoraí amach. Pobal: Amen.

BRONNADH NA COINNLE LASTA
Tógann an ceiliúraí coinneal na Cásca agus deir sé: Glacaigí solas Chríost.
Lasann duine ón teaghlach (e.g., an t-athair nó an t-athair baistí) coinneal an linbh ó choinneal na Cásca. Deir an Ceiliúraí:
A thuismitheoirí agus a charasa Chríost, tugtar daoibhse an
solas seo. Cumhdaígí é don leanbh chun go mairfeadh sé (sí)
mar dhuine de chlann an tsolais agus solas Chríost a stiúradh i
gcónaí. Go bhfana sé (sí) dílis don chreideamh ionas go mbeidh
sé (sí) réidh chun dul in éineacht leis na naoimh in airicis an
Tiarna ar neamh.

NA DEASGHNÁTHA DEIRIDH
AN PHAIDIR
Seasann an ceiliúraí os comhair na haltóra agus labhraíonn sé leis na tuismitheoirí, leis na carais Chríost agus leis an bpobal uile sna focail seo leanas ná i bhfocail atá gaolmhar dóibh:
A bhráithre liom, tá Dia tar éis beatha nua a bhronnadh ar an leanbh seo sa bhaisteadh. Tugtar duine de chlann Dé air (uirthi) agus is duine de chlann Dé é (í) dáiríre. Bronnfar iomláine an Spioraid Naoimh air (uirthi) sa chóineartú; tiocfaidh sé (sí) i láthair altóir an Tiarna chun an tAifreann a cheiliúradh agus chun corp Chríost a ghlacadh agus i gcomhthionól na hEaglaise tabharfaidh sé (sí) a (h)Athair ar Dhia. Is sinne clann altrama Dé. Thar ceann an linbh seo abraimis an phaidir a mhúin Íosa féin dúinn:

Cuireann an pobal uile a nguth le guth an cheiliúraí ag rá dóibh:

Ár nAthair atá ar neamh
go naofar d’ainm
go dtaga do ríocht,
go ndéantar do thoil ar an talamh
mar a níthear ar neamh.
Ár n-arán laethúil tabhair dúinn inniu,
agus maith dúinn ár bhfiacha,
mar a mhaithimidne dár bhfeichiúna féin,
agus ná lig sinn i gcathú
ach saor sinn ó olc.

AN BHEANNACHT
Beannaíonn an ceiliúraí an mháthair, agus an leanbh ina bachlainn aici; ansin an t-athair agus ar deireadh an pobal uile:
Ceiliúraí: Tugann an Tiarna uilechumhachtach ábhar mór lúcháire do na máithreacha Críostaí trína Mhac a rugadh ó Mhuire Ógh, sa mhéid go bhfuil dóchas acu go mbainfidh a leanaí aoibhneas na beatha síoraí amach. Go mbeannaí sé máthair an linbh seo anois agus í ag gabháil buíochais leis as ucht na clainne atá tugtha aige di, agus go dtuga sé di féin agus dá clann bheith ag gabháil buíochais leis de shíor in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is é an Tiarna Dia uilechumhachtach údar na beatha ar an saol abhus agus ar neamh. Go mbeannaí sé athair an linbh seo, chun go mba é seo, in éineacht lena bhean, is túisce a thabharfaidh oiliúint sa chreideamh don leanbh, le briathar agus le dea-shampla.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Is ó an Tiarna Dia uilechumhachtach a thug an bheatha nua dúinn trí chumhacht an uisce agus an Spioraid Naoimh. Go mbeannaí sé a chlann mhac agus iníonacha atá anseo i láthair chun go mba bhaill bheo dá phobal iad i gcónaí agus i ngach áit.
Go mbronna sé a shíocháin orthu go léir in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

Ceiliúraí: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, an tAthair, an Mac, agus an Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

Tar éis na beannachta níor mhiste don phobal iomann oiriúnach a chanadh. Pé áit a bhfuil sé mar nós an leanbh a thabhairt chun altóir na Maighdine Muire, leantar de, más cuí.
Baintear feidhm as na deasghnátha thuas freisin nuair a thugtar leanbh chun na heaglaise tar éis do dheacrachtaí eile (e.g. géarleanúint, easaontas idir na tuismitheoirí) bac a chur ar an mbaisteadh féin a cheiliúradh san eaglais. Ina léithéid sin de chás ba cheart don cheiliúraí a chuid míniúchán, na léachtaí, guí an phobail, srl., a chur in oiriúint do scéal an linbh.

 

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0