An Cóineartú

Bronnann an t-easpag an Cóineartú le linn Aifrinn. Bíonn paidreacha ar leith in Aifreann an chóineartaithe.

URNAÍ:

A Dhia na cumhachta agus trócaire, deonaigh an
Spiorad Naomh a theacht, seilbh a thógáil orainn,
agus teampall foirfe a ghlóire a dhéanamh dínn.
Sin é ár nguí chugat trínár dTiarna…

Bíonn léachtaí ar leith freisin (An Leicseanáir V, lgh 160-9).
Bronntar an tSacraimint tar éis an tSoiscéil.
Cuirtear na hiarrthóirí i láthair an easpaig. Tugann seisean a leithéid seo d’aitheasc:

Tháinig an Spiorad Naomh anuas ar na haspail lá Cincíse, mar a bhí geallta ag an Tiarna dóibh. Fuair siad an chumhacht chun an Spiorad Naomh a bhronnadh ar dhaoine eile mar dhlaoi mhullaigh ar a mbaisteadh. Léimid an méid sin in Gníomhartha na nAspal: Nuair a leag Naomh Pól a lámha orthu siúd a bhí baiste, tháinig an Spiorad Naomh anuas orthu agus labhair siad i dteangacha éagsúla agus i dtairngreachtaí.

Tá an chumhacht chéanna ag na heaspaig, comharbaí na n-aspal. Is féidir leo an Spiorad Naomh a thabhairt, go pearsanta nó trí na sagairt atá ceaptha acu chuige, dóibh siúd atá baiste.

Lenár linn féin ní gnáth go mbíonn bua teangacha mar chomhartha ar theacht an Spioraid Naoimh. Ach insíonn ár gcreideamh dúinn go bhfuil sé tagtha.

Líonann sé ár gcroíthe de ghrá Dé. Tugann sé aontacht chreidimh dúinn inár ngairmeacha éagsúla. Gan fhios dúinn féin bíonn sé ag obair istigh ionainn chun an Eaglais a naomhú agus a aontú.

A phobal na páirte, nuair a bhronnfar an Spiorad Naomh oraibh, beidh comhartha spioradálta oraibh. Cuirfidh sé i gcosúlacht le Críost sibh. Déanfaidh sé baill níos foirfe den Eaglais díbh. Nuair a rinne Eoin Baiste Críost a bhaisteadh, tugadh ungadh an Spioraid Naoimh dó agus cuireadh i mbun a shaothair é chun tine an Spioraid a lasadh ar fud an domhain. Baisteadh sibhse cheana, agus anois gheobhaidh sibh cumhacht an Spioraid Naoimh agus gearrfar comhartha na croise ar bhur n-éadan. Caithfidh sibh fianaise a thabhairt os comhair an tsaoil ar pháis, ar bhás agus ar aiséirí Chríost. Caithfidh sibh aithris a dhéanamh ar Chríost i ngach áit. Is iomaí grásta a thugann Críost don Eaglais, Pobal Dé. Roinneann an Spiorad
ar na baill iad chun Corp Mistiúil Chríost a thógáil san aontacht agus sa charthanacht.

Bígí in bhur mbaill bheoga den Eaglais mar sin. Faoi threoir an Spioraid Naoimh tagaigí i gcabhair ar an uile dhuine. Sin mar a rinne Críost. Ní chun go ndéanfaí freastal air a tháinig seisean, ach chun freastal a dhéanamh ar dhaoine eile.

Sula dtagann an Spiorad Naomh anuas oraibh, cuimhnígí anois ar an gcreideamh a d’admhaigh sibh sa bhaisteadh nó a d’admhaigh bhur dtuismitheoirí agus bhur gcarais Chríost in éineacht leis an Eaglais.

ATHNUACHAN GHEALLÚINTÍ AN BHAISTE
Seasann na hiarrthóirí, agus fiafraíonn an t-easpag díobh:

Easpag: An ndiúltaíonn sibh do Shátan, dá oibreacha go léir agus dá chleasa go léir ?
Iarrthóirí: Diúltaím.

Easpag: An gcreideann sibh i nDia an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir
neimhe agus talún ?
Iarrthóirí: Creidim.

Easpag: An gcreideann sibh in Íosa Críost, a aonMhacsan, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an athar ?
Iarrthóirí: Creidim.

Easpag: An gcreideann sibh sa Spiorad Naomh, Tiarna agus bronntóir na beatha, a thiocfaidh anuas oraibh inniu i sacraimint an Chóineartaithe mar a tháinig sé anuas ar na haspail lá Cincíse?
Iarrthóirí: Creidim.

Easpag : An gcreideann sibh sa NaomhEaglais Chaitliceach, i gcomaoin na naomh, I maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
Iarrthóirí: Creidim

Aontaionn an t-easpag leis an admháil chreidimh sin acu, agus fógraionn creideamh na hEaglaise:
Easpag: Is é seo ár gcreideamh. Is é seo creideamh na hEaglaise. Ábhar mórtais dúinn é a admháil in Íosa Críost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

DUL FAOI LÁIMH EASPAIG
Seasann an t-easpag os comhair an phobail agus na sagairt atá ag cuidiú leis in aice leis. Cuireann sé a bhosa le chéile agus deir (nó canann) sé:

Easpag: A phobal Dé na páirte tríd an mbaisteadh rugadh an chlann seo athuair chun na beatha síoraí agus rinne Dia an tAthair uilechumhachtach, clann altrama díobh. Iarraimis air an Spiorad Naomh a dháileadh anuas orthu go caoin chun iad a neartú le flúirse a bhronntanas agus iad a chur i gcosúlacht, trína ungadh, le Críost Mac Dé.

Seal tosta chun urnaí

Leagann an t-easpag (agus na sagairt atá ag cuidiú leis) a lámha ar na hiarrthóirí go léir.
Deir (nó canann) an t-easpag ina aonar:

Easpag: A Dhia uilechumhachtaigh, Athair ár dTiarna Íosa Críost, shaor tú do chlann
anseo ón bpeaca le huisce agus leis an Spiorad Naomh agus bhronn tú beatha
nua orthu. Tabhair dóibh an Spiorad Naomh, a Thiarna mar threoraí agus
mar shólásaí. Tabhair dóibh spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad an
bhreithiúnais agus an nirt, spiorad an eolais agus an ghrá, spiorad na
hurraime duit féin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

AN tUNGADH

Tumann an t-easpag a ordóg sa chriosma, agus gearrann fíor na croise ar chlár éadain an iarrthóra, á rá:

Easpag: A A., séalaím thú le bronntanas an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen.
Easpag: Síocháin leat.
Freagra: Agus leat féin.

IOMANN
Tar chugainn a Naoimhsprid bheannaithe,
Comhairligh sinn in am ‘s i dtráth;
Treoraigh sinn ar ród na beatha seo,
Is stiúraigh sinn go ríocht na ngrás.

Líon ár gcroí de ghrásta charthain,
A Naoimhsprid dhiaga shólásaigh;
Tabhair dúinn foighne neart is eagna,
Go rabhaimid choíche cóir le cách.

Tabhair dúinn tuiscint is creideamh láidir,
Fios ár ndualgas is eagla Dé;
Go rabham i gcónaí dílis cráifeach,
Is saor ó pheaca i rith ár saoil.

Fan inár bhfochair, a Sprid na fírinne,
Trí gach buaireamh, olc is baol;
Ar gach contúirt, tabhair dúinn dídean,
Go sroichfeam cuan i bParthas Dé.

 

GUI AN PHOBAIL

Easpag: A chlann na páirte, guímis go humhal chun Dé, an tAthair
Uilechumhachtach. Bímis aontaithe san urnaí, mar atáimid aontaithe sa
chreideamh, sa dóchas agus sa ghrá a thagann ón Spiorad Naomh.
Déagánach: Guímis ar son na bhfíréan seo atá neartaithe le bronntanas an Spioraid Naoimh. Dhia, daingnigh a gcreideamh agus méadaigh a gcarthanacht, ionas go dtuga siad fianaise ina mbeatha do Chríost ár dTiarna. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Déagánach: Guímis ar son a dtuismitheoirí agus a gcarais Chríost, a thug chun an chreidimh iad. Go spreaga siadsan ar bhóthar Chríost iad le briathar agus le gníomh. A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Déagánach: Guímis ar son NaomhEaglais Dé, mar aon lenár bPápa A., lenár nEaspag A.,
agus leis na heaspaig uile. Go n-aontaí an Spiorad Naomh I gcreideamh agus
i gcarthanacht í, agus go raibh sí ag méadú agus ag fás nó go dtaga an Tiarna
faoi ghlóir. A Thiarna éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Déagánach: Guímis ar son an domhain go hiomlán. Aon Chruthaitheoir agus aon Athair amháin atá ag an uile dhuine. Go n-aithní siad a chéile mar bhráithre, gan beann ar an gcine ná ar an náisiún ar díobh iad, agus go gcaithe siad a ndúthracht ar lorg ríocht Dé, a thugann síocháin agus lúcháir tríd an Spiorad Naomh. A Thiarna, éist linn.
Pobal: A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Easpag: A Dhia, chuir tú an Spiorad Naomh anuas ar na haspail, agus tríothusan agus trína gcomharbaí bhronn tú ar an gcuid eile de na fíréin é. Éist lenár n-urnaí, agus mar a thug tú toradh fónta ar sheanmóireacht na n-aspal, tabhair an toradh céanna anois freisin i gcroíthe na bhfíréan. Sin é ár nguí trí Chríost ár dTiarna.

 

LIOTÚIRGE NA hEOCAIRISTE
An Urnaí ar leith os cionn na nOfrálacha

Táimid páirteach a Thiarna I gcuimhneachán pháis do Mhic trínar thuill sé an Spiorad Naomh a theacht orainn. Glac go ceansa lenár n-urnaithe agus deonaigh go rachaimid níos mó i gcló do Mhic agus go dtabharfaimid breis fianaise air de shíor. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

 

PREAFÁID AN AIFRINN

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin is cuí agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus I ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uile-
chumhachtaigh shíoraí. Óir nuair a bhí sacraimint na Cásca á cur i gcrích agat, bhronn tú ar an lá seo an Spiorad Naomh ar an muintir a ndearna tú clann altrama díobh i bpáirt le do Mhac; agus nuair a bhí an Eaglais á breith de chéaduair, phréamhaigh an Spiorad sin eolas ar an diagacht i gcroí na gciníocha go léir; d’aontaigh sé na teangacha uile dá éagsúla iad i ndearbhú an aon chreidimh.

Uime sin tá an saol mór ag déanamh gairdeas lúcháire ar fud an domhain. Tá sluaite neimhe agus na cumhachtaí aingeal ag canadh duan do do ghlóir, á rá gan stad:
Pobal: Is naofa..

PAIDIR EOCAIRISTEACH

LOINNEOG DON CHOMAOINEACH
An mhuintir in bhur measc a fuair soilsiú, a bhlais an tíolacadh neamhaí, agus a rinneadh rannpháirteach sa Spiorad Naomh, bíodh lúcháir oraibh go léir sa Tiarna.

IARGOMAOINEACH
Easpag: A Thiarna, an mhuintir a d’ungaigh tú leis an Spiorad Naomh, chothaigh tú
iad le sacraimint do Mhic. Tar i gcabhair orthu feasta le do bheannacht agus
saor iad ó gach anachain: go gcuire siad lúcháir ar an eaglais lena naofacht
agus go gcuire siad chun cinn mbearta agus lena ndéirc. Sin é ár nguí chugat
trí Chríost ár dTiarna.
Pobal: Amen.

AN BHEANNACHT
In ionad na gnáthbheannachta úsáidtear an bheannacht seo (nó an urnaí os cionn an phobail).

Easpag: Bhronn Dia an tAthair uilechumhachtach beatha nua oraibh le huisce agus
leis an Spiorad Naomh agus rinne sé clann altrama díbh. Go dtuga seisean a
bheannacht daoibh agus go gcoinní sé sibh faoina choimirce agus a ghrá.
Pobal: Amen.

Easpag: Gheall losa Críost, aon Mhac Dé, go bhfanfadh Spiorad na ffrinne lena Eaglais
go brách. Go dtuga seisean a bheannacht daoibh agus go neartaí sé sibh lena
chumhacht chun an fíorchreideamh a fhógairt.
Pobal: Amen.

Easpag: Las an Spiorad Naomh tine an ghrá i gcroíthe na ndeisceabal. Go dtuga
seisean a bheannacht daoibh agus go dtreoraí sé sibh slán i dteannta a chéile
isteach i ríocht Dé.
Pobal: Amen.

Easpag: Go mbeannaí Dia uile chumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

URNAÍ OS CIONN AN PHOBAIL
Ní miste urnaí os cionn an phobail a rá in ionad na beannachta sin thuas.

Déagánach: Cromaigí bhur gceann go mbeannófar sibh.

Síneann an tEaspag a lámha amach os cionn an phobail agus deir (nó canann) sé:

Easpag: Tabhair chun foirfeachta, a Dhia, an obair a thosaigh tú ionainn. Coinnigh
bronntanais an Spioraid Naoimh beo i gcroíthe na bhfíréan. Ná bíodh aon
náire orthu Críost, a céasadh ar an gcrois, a fhógairt os comhair an tsaoil. Go
ndéana siad a thoil le dílseacht agus le grá. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár
dTiarna.
Pobal: Amen.
Easpag: Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh,
Athair, Mac + agus Spiorad Naomh.
Pobal: Amen.

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0