Gnás An Athmhuintearais Do Dhuine Aonair

AN AITHRÍ

 

GNÁS AN ATHMHUINTEARAIS DO DHUINE AONAIR

Sampla
In ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.

Sagart: Shoilsigh Dia ár gcroíthe go léir. Go dtuga sé duit do chuid peacaí a aithint go fíor agus muinín a chur ina thrócaire.
Aithríoch: Amen

BRIATHAR DÉ Á LÉAMH
Chuala Íosa iad agus dúirt: ‘Ní ag na daoine slána a bhíonn gá le lia ach na daoine tinne. Ní miste daoibh a chiall siúd a fhoghlaim: “Trócaire is áil liom agus ní iobairt’. Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a tháinig mé a ghlaoch. (Mth 9:12-13).’

 

PEACAÍ Á nADMHÁIL AGUS BREITHIÚNAS AITHRÍ Á GHLACADH
Aithríoch: Admhaím do Dhia etc.
Cuireann an t-aithríoch a pheacaí i bhfaoistin, Cabhraíonn an sagart leis. Spreagann sé é chun aithrí a dhéanamh ina chionta agus cuireann i gcuimhne dó gurb é toradh shacraimint na haithrí go bhfaigheann an Críostaí bás agus go n-éiríonn sé in éineacht le Críost agus ar an gcaoi sin go ndéantar é a athnuachan I rúndiamhair na Cásca. Ansin cuireann an sagart
breithiúnas aithrí ar an aithríoch, agus glacann seisean leis sin chun leorghníomh a dhéanamh agus chun a bheatha a leasú.

PAIDIR AN AITHRÍGH AGUS AN ASPALÓID

Cuireann an t-aithríoch a chroíbhrú i bhfriotal:
A Dhé na n-aingeal do dhealbhaigh tuile is taoide,
Os léir duit m’aigne is gur agat ‘tá fios mo smaointe,
Dá réir sin maith dom gach peaca de mo chionta daoirse,
Ina n-éiric glacsa gach peannaid dár fhulaing Íosa.

Leathann an sagart a lámha amach os cionn an aithrígh agus deir:

Thug Dia, Athair na trócaire, an domhan chun athmhuintearais leis féin trí bhás agus aiséirí a Mhic, agus chuir sé an Spiorad Naomh inár measc chun na peacaí a mhaitheamh. Trí fhriotháil na hEaglaise go dtuga sé maithiúnas agus síocháin duit. Agus tugaimse maithiúnas duit i do pheacaí in ainm an Athar agus an Mhic + agus an Spioraid Naoimh.

Aithríoch: Amen.

MOLADH DÉ AGUS SLÁN LEIS AN AITHRÍOCH

Sagart: Gabh buíochas le Dia, toisc gur maith é.
Aithríoch: Maireann a thrócaire de shíor.
Sagart: Go hiomlán bí ceart le do chomharsa ar fad i do ghníomh is i do mhéin,
ls tabhair dóibh le searc gach dea-shampla maith dá bhféadfair féin,
Is na haitheanta beacht, coimeád iad le gean do Rí na naomh.
Is mar aithríoch glan bí go croíbhrúch geal, faoi smacht go séimh.

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0