Gnás An Athmhuintearais Do Mhórán Aithríoch

GNÁS AN ATHMHUINTEARAIS DO MHÓRÁN AITHRÍOCH
MAR AON LE FAOISTIN AGUS ASPALÓID AONAIR

DEASGHNÁTHA TOSAIGH

LOINNEOG

Triallaimis go muiníneach go dtí ríchathaoir na ngrásta go bhfaighimid ann trócaire agus grá mar chabhair dúinn in am ár riachtanais.

BEANNÚ
Sagart: Cabhair is cairde is grásta ó Dhia chugaibh,
Cabhair gach lá ó tá sibh á iarraidh,
Sacraimint na haithrí ‘s go neartaí Dia libh.
Bhur n-anam ar choimrí Mhuire an Bhantiarna.
PAIDIR
Sagart: Guímis, a bhráithre, go dtabharfaidh Dia fiorghrásta torthúil na haithrí dúinn,
ó ghlaoigh sé ar ais orainn chuige féin.
Guíonn cách os íseal.
Sagart: Achainímid ort a Thiarna éisteacht le hurnaí na ndaoine atá ag agairt ort;
maith a bpeacaí dóibh siúd a admhaíonn duit iad; agus as ucht do
cheansachta tabhair maithiúnas agus síocháin dúinne mar an gcéanna.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.


CEILIÚRADH BHRIATHAR DÉ

AN CHÉAD LÉACHT

Sliocht as leabhar Irimiá Fáidh (c.2).
Athnuachan a dhéanamh ar bhur spiorad agus ar bhur n-aigne.
Cuimhním ar dhíograis d’óige,
do ghean brídeoige
an t-am ar shiúil tú i mo dhiaidh san fhásach,
i bhfearann nár cuireadh.
Bhí Isráél coisricthe don Tiarna,
céadtorthaí a fhómhair.
Ní raibh aon duine dár bhlais de nár íoc as,
tháinig an anachain orthu,
a deir an Tiarna.
Thug mé sibh go tír thorthúil
chun a torthaí agus a maitheas a ithe;
ach níor luaithe sibh ann gur thruailligh sibh mo dhúiche,
go ndearna sibh m’oidhreacht fuafar.
Níor fhiafraigh na sagairt riamh: ‘Cá bhfuil an Tiarna?’
An drong a riarann an DIí, ní aithníonn siad mé.
D’éirigh na prionsaí amach i m’aghaidh;
rinne na fáithe tairngreacht trí Bál
agus leanadar nithe gan tairbhe.
Bíodh uafás oraibh, a neamha;
mar gheall air sin bíodh uamhan oraibh.
Crithigí le scanradh, a deir an Tiarna.
Mar rinne mo phobalsa dhá olc:
thréigeadar mise, foinse an uisce bheo,
agus thochladar dabhcha dóibh féin, dabhcha pollta
nach gcoinníonn uisce.

Salm le Freagra (30:1-6)
Fr. Saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.

Ortsa, a Dia atá mo thriall:
Nár náirítear mé go síoraí;
Saor mé i d’fhíréantacht.
Fr. Saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.

Crom chugam do chluas.
Brostaigh chun m’fhuascailte.
Bí i do charraig choimirce dom,
I do dhaingean cosanta do mo tharrtháil.
Fr. Saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.

Oir is tú mo charraig is mo dhaingean,
Agus déanfar mé a sheoladh is a riaradh as ucht d’ainm.
Scaoilfir mé ón ngaiste a cuireadh i bhfearas romham,
Oir is tú mo dhídean.
Fr. Saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.

Isteach i do lámha a bheirim mo spiorad:
saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.
Fr. Saorfar mé, a Thiarna, a Dhia dhílis.

 

AN DARA LÉACHT
Sliocht as litir Naomh Pól chuig na hEifísigh (2:4-10)
Nuair a bhí sibh marbh tri bhur gcionta, slánaíodh sibh tríd an ngrásta.

A bhráithre, tá Dia lán de thrócaire, mar, le barr grá dúinne, bheoigh sé sinn i bpáirt le Críost nuair a bhíomar marbh ag ár gcionta – is in aisce a slánaíodh sibh – thóg sé sinn ó mhairbh agus chuir sinn inár suí sna flaithis i bpáirt le hÍosa Críost. Rinne sé amhlaidh d’fhonn a léiriú do na haoiseanna atá le teacht a ollmhéid atá stór a ghrásta agus a chineáltacht a bhí sé linne i bpáirt le hÍosa Críost. Mar is lena ghrásta a slánaíodh sibh trí chreideamh. Ní uaibh
féin an slánú seo: is tabhartas é ó Dhia. Agus ní luach saothair é, i dtreo nach údar mórtais é do dhuine ar bith. Is de dhéantús Dé sinn: cruthaíodh sinn i bpáirt le hÍosa Críost chun ár saol a thabhairt I mbun na ndea-oibreacha a bhí ullamh roimh ré dúinn ag Dia.

Comhgháir an tSoiscéil (Eo. 8:12)
An té a leanfaidh mise ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, agus beidh aige solas na beatha

SOISCÉAL (Eo. 8:1-11)
An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh cloch léi.
San am sin chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg. Bhí sé ar an bhfód arís sa teampall go moch ar maidin agus tháinig na daoine go léir chuige agus shuigh sé síos agus thosaigh air iad a theagasc.
Thug na scríobhaithe agus na Fairsínigh bean ar rugadh uirthi in adhaltranas agus chuir siad ina seasamh i lár baill í agus dúirt siad leis: ‘A Mháistir, rugadh ar an mbean seo i gcoir féin an adhaltranais. D’ordaigh Maois dúinn sa dlí bás a imirt ar a leithéidí seo le clocha. Cad deir tú más ea?’. Dúirt siad an chaint sin á phromhadh, chun go mbeadh rud éigin acu le cur ina leith. Ach chrom Íosa síos agus thosaigh sé ag scríobh lena mhéar ar an talamh. Os rud é nach ndeachaigh aon stad orthu ach á cheistiú, d’éirigh sé suas agus dúirt leo: ‘An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh cloch léi.’ Agus chrom sé síos arís agus bhí ag scríobh ar an talamh. Arna chloisteáil sin dóibh d’imíodar leo ina nduine is ina nduine ag tosú leis na seanóirí agus ag dul síos go dtí deireadh; agus fágadh Íosa ina aonar agus an bhean ina seasamh i lár baill. D’éirigh Íosa suas agus dúirt sé léi: ‘A bhean, cá bhfuil siad ? Nár dhaor aon duine thú ? Ní dhearna aon duine, a dhuine uasail,’ ar sí. Dúirt Íosa léi: ‘Ná ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná déan peaca arís as seo amach.

Tugann an Sagart aitheasc. Ansin scrúdaíonn cách a gcoinsias. Ní miste don Sagart cabhrú leo le guí nó le comhairle.

DEASGHNÁTH AN ATHMHUINTEARAIS
Téann gach éinne ar a nglúine.

Sagart: A bhráithre, admhaígí bhur bpeacaí agus guígí ar son a chéile ionas go
slánófar sibh.

Cách: Admhaím do Dhia uilechumhachtach…
Sagart: A Rí na ngrásta, is dána dom amharc ort suas,
ls nach bhfuil oíche nó lá nach dtarraingim fuil as do ghrua;
D’fhulaing tú an pháis is an bás dár gceannach go crua.
Ach mura leigheastar mé láithreach gan spás, tá an t-anam seo uait.
Tabhair grásta na fíoraithrí dúinn.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Maith dom i dtráth fad táim sa saol.
mar mhaithimse do chách le grá duit féin.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Lig braon ó do Naomh Spiorad beannaithe anuas,
a scaoilfidh an croí seo atá ina carraig le cruas.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Ná féach, a Thiarna, i ndiaidh mo locht,
is ní bhead bocht ó anocht go brách.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Iompaigh liom, is iompód leat
is nár iompaíod uait arís go brách.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: A rí na rí, a rí na cruinne,
a rí a bhí, a bheidh is atá,
go maithir dúinn is dá bhfuil uile.
Gabh ár nguí a rí na ngrás.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Bí inár dtimpeall, más luí dúinn,
más seasamh, más suan.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Freagair mé a Chríost, a chara mo chroí,
an charraig seo i mo chroí corraigh í;
is ó mo dhearca lig síos sruth aithrí
a bhéarfadh go críoch Pharthais mé.
Tabhair croí dom le go gcaoinfinn mo choirthe gach uair,
Is go mba dhídean dom do phianta lá breithiúnais an Luain.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Ó bhun na croise glaoim suas,
a Íosa, a Thiarna, claon anuas.
Freagra: Éist linn, achainímid ort.

Sagart: Guímid Dia ár nAthair, de réir mar a mhúin Críost dúinn a dhéanamh,
ionas go scaoilfeadh sé ár bpeacaí dínn, agus go saorfadh sé sinn ó gach olc.

Ár nAthair atá ar neamh…
Sagart: Bí láimh le do chlann, a Thiarna, agus iad ag admháil a gcionta i bhfianaise na
hEaglaise. Saor ón uile pheaca iad trí idirghuí na heaglaise sin.
Freagra: Amen.

FAOISTIN AGUS ASPALÓID AONAIR
Téann na haithrígh go dtí na sagairt atá ceapaithe chun faoistin a éisteacht agus cuireann a bpeacaí i bhfaoistin chucu; leagtar breithiúnas aithrí orthu; fágtar ar lár gach ní eile is gnách san fhaoistin aonair ach go ndeir an sagart:

Sagart: Thug Dia, Athair na trócaire an domhan chun athmhuintearais leis féin trí bhás
agus aiséirí a Mhic, agus chuir sé an Spiorad Naomh inár measc chun peacaí a
mhaitheamh. Trí fhriotháil na nEaglaise go dtuga sé maithiúnas agus síocháin
duit. Agus tugaimse maithiúnas duit i do pheacaí in ainm an Athar agus an
Mhic + agus an Spioraid Naoimh.
Freagra: Amen.

 

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0