Gnáthghnás Chomaoineach Na nEaslán

AN BEANNÚ
Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A.

Sagart: Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.
Freagra: Agus leat féin.


Nó:
B.

Sagart: Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).
Freagra: Agus leat féin.

Nó:
C.

Sagart: Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé
agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
Freagra: Agus leat féin.

Nó:
D.

Sagart: Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus onár dTiarna Íosa Críost.
Freagra: Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

Nó:

Freagra: Agus leat féin.
Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.

CROITHEADH AN UISCE CHOISRICTHE
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo á rá aige:

Sagart: Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh
rannpháirteach thú (sibh) i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.

 

DEASGHNÁTHA NA hAITHRÍ
Éisteann an sagart faoistin an othair, más gá é sin.
Nuair nach n-éistear faoistin an othair nó go bhfuil daoine eile ann atá leis an gcomaoineach a ghlacadh, tugann an sagart cuireadh don othar agus dóibh sin ar fad atá i láthair páirt a ghlacadh i ndeasghnátha na haithrí:

A.
Sagart: A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach
sa cheiliúradh seo.
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:
Freagra: Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar
le gníomh agus le faillí
buaileann siad a n-ucht
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
Críochnaíonn an sagart:
Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagraíonn cách:
Freagra: Amen.



Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:

B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

Sagart: Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithimidne do chách le grá duit féin. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo ‘tá ina
charraig le cruas.
A Chríost déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Ó bhun na croiche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
C.
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

Sagart: Déan trócaire orainn, a Thiarna.
Freagra: Toisc gur pheacaíomar i do choinne.
Sagart: Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
Freagra: Agus tabhair dúinn do shlánú.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn,
go maithe sé ár bpeaca dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

Nó:
D
Fanann cách tamall gear ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:
Sagart: Thug tú an slanú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
Freagra: A Chríost, déan trócaire.

Sagart: Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca.
A Thiarna, déan trócaire.
Freagra: A Thiarna, déan trócaire.

Sagart: Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn,
go maithe sé ár bpeaca dúinn,
agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagra: Amen.

 



SLIOCHT AS AN mBÍOBLA

Ní miste don sagart nó do dhuine acu sin atá i láthair sliocht as an mBíobla a léamh. Mar shampla:

A. Eoin 6, 54-55 6, 54-59
“An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach. Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola. (An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola, cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, is beo é tríom. Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.Ní hionann is an manna gur ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.” Dúirt Íosa na nithe sin i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg).

B. Eoin 14, 6
Dúirt Íosa le Tomás: “Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.”

C. Eoin 14, 23
Dúirt Íosa: “Má bhíonn grá ag duine dom, cóinneoidh sé mo bhriathar, -agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid ár n-áras aige.”

D. Eoin 15, 4
Dúirt Íosa: ‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi mura bhfana sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfana sibh ionamsa.”

E. 1 Coirintigh 11,26
Gach uair, go deimhin a itheann sibh an t-arán seo, agus a olann sibh as an gcailís seo, is é bás an Tiarna atá á fhógairt agaibh go dtí go dtaga sé.

F. Eoin 14, 27
Dúirt Íosa: “Fagaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.”

G. Eoin 15, 5
Dúirt Íosa: “Mise an fhíniúin, sibhse na géaga. An té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.”

H. 1 Eoin 4, 16
Is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia, agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.

Níor mhiste don sagart gearrmhíniú a thabhairt ar an sliocht ansin.

 

AN PHAIDIR
Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
Sagart: Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
Leanann cách ar aghaidh:
Freagra: Ár nAthair ….

AN CHOMAOINEACH
Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:
Sagart: Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair
cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
Freagra: A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon,
ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.
Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
Sagart: Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraíonn an t-othar:
Freagra: Amen.
agus glacann an chomaoineach. Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

 

NA DEASGHNÁTHA DEIRIDH
Deir an sagart an urnaí dheiridh:
A
Sagart: Guímis,
A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh.
Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin.
Sin í ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Nó:
B
Sagart: Guímis,
A Athair, thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca. Fógraimídne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo:
Go raibh do shlánú ag dul i méid ionainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Nó:
C
Sagart: Guímis.
A Dhia, ár nAthair, thug tú dúinn bheith páirteach san aon aran agus san aon chailís.
Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go háthasach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

Nó:
D
Sagart: A Thiarna Dia, gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn,
agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú
orainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Freagra: Amen.

 



Beannaíonn an sagart an t-othar agus na daoine eile atá i láthair le comhartha na croise a ghearradh os a gcionn leis an bpioscas, má tá aon chuid den naomhshacraimint fágtha ann, nó le foirmle acu seo thíos:

A
Sagart: Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
Freagra: Amen.
Sagart: Go leigheasa Dia an Mac thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slanaí sé d’anam.
Freagra: Amen.

Sagart: Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
Freagra: Amen.
(Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir,
Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen).

Nó:
B
Sagart: Críost ionat do do chumhdach, Críost romhat do do threorú,
Críost i do dhiaidh do do neartú.
Freagra: Amen.

Sagart: Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
Freagra: Amen.
(Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir,
Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Freagra: Amen).

Nó:
C
Sagart: Beannacht Dé uilechumhachtaigh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh,
oraibh agus go bhfana libh go deo.
Freagra: Amen.

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0