Deasgnatha na Marbh

GLACTAR LEIS AN gCORP SAN EAGLAIS


S.
A Thiarna, thóg tú Lazaras ó mhairbh.

Tabhair maithiúnas dár ndeartháir (ndeirfiúr) agus tabhair ionad faoi shíocháin dó (di).

 

P. Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas

suthain air (uirthi). Tabhair maithiúnas dár ndeartháir (ndeirfiúr)

agus tabhair ionad sosa faoi shíocháin dó (di).

 

S. Guímis: Éist, a Thiarna, lenár nguí agus dáil do thrócaire ar anam do sheirbhísigh, A., atá glaoite agat anois as an saol seo. Réitigh áit dó (di) i gcomhluadar na naomh i bhflaitheas na glóire.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Sliocht as an Soiscéal naofa de réir N. Eoin — 14:1-6

San am sin dúirt Íosa:
‘Ná bíodh buaireamh ar bhur gcroí; creideann sibh i nDia; creidigí ionamsa leis. Is iomaí áras i dteach m’Athar. Mura mbeadh, d’inseoinn daoibh é. Óir táim ag dul ag cur áit i gcóir daoibh, agus má théim agus áit a chur i gcóir daoibh, tiocfaidh mé arís agus tógfaidh mé sibh chugam féin: i dtreo, an áit ina mbeidh mise go mbeidh sibhse chomh maith. Tá eolas na slí agaibh mar a bhfuilim ag dul.’
Dúirt Tomás leis: ‘A Thiarna, ní eol dúinn cá bhfuil tú ag dul agus cén chaoi is féidir dúinn eolas na slí a bheith againn?’
Dúirt Íosa leis: ‘Is mise an tSlí, an Fhírinne, agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.’

Guí an Phobail

Dia, an tAthair uilechumhachtach, S. thóg sé a Mhac, Íosa Críost, ó mhairbh. Le lándóchas iarraimid air a phobal, idir bheo agus mhairbh, a shlánú.Sa bhaisteadh gealladh an bheatha shíoraí dár ndeartháir (ndeirfiúr), A.
Tabhair dó (di), a Thiarna, páirt a bheith aige (aici) i gcomaoin na naomh go deo. A Thiarna, éist linn.

 

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P.

 

Chaith A. arán na beatha síoraí, corp Chríost. Tóg suas é (í), aS.

Thiarna, ar lá an luain. A Thiarna, éist linn.

P.A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Guímid ar ár ndeartháireacha agus ár ndeirfiúracha, ar ár ngaolta agus orthu siúd go léir ab ionúin linn agus a bhí go maith dúinn. A Thiarna, tabhair dóibh an luach saothair atá tuillte acu. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P

 

 

S. Guímid orthu sin go léir a fuair bás agus iad ag súil leis an aiséirí.

Tabhair áit shoilseach dóibh, a Thiarna, i do láthair féin. A

Thiarna, éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.P

 

Guímid orthu sin go léir atá tagtha le cheile anseo le lánchreid-S.

eamh chun tú a adhradh. A Thiarna, aontaigh le chéile sinn i do

ríocht ar neamh. A Thiarna, éist linn.

P. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. A Thiarna, éist lenár n-urnaithe ar son ár ndeartháireacha agus

ár ndeirfiúracha atá marbh. Tabhair maithiúnas dóibh ina

bpeacaí go léir agus tabhair iomlán do shlánaithe dóibh. Sin é ár

nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

 

Amen. P.

Is minic a deirtear deichniúr den Choróin Mhuire. Ní miste an clabhsúr a chur ar an searmanas leis an bpaidir seo:

Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air (uirthi). Go bhfaighe a (h)anam agus anamacha na bhfíréan go léir trócaire ó Dhia agus cónaí faoi shuaimhneas.S.

Amen. P

AIFREANN NA MARBH

Loinneog don lontróid

Go n-osclaí an Tiarna geataí Pharthais dó ionas go bhfillfeadh sé ar an tír dhúchais úd nach bhfuil an bás ach an t-aoibhneas síoraí i réim ann.

Urnaí

A Dhia, is tú foinse thrócaire na bpeacach agus shonas na naomh. Tabhair do do sheirbhíseach A., atá á thórramh agus á adhlacadh le hómós againn anois, páirt le do thofaigh sa luach saothair síoraí. Luan an aiséirí, deonaigh go scaoilfear go hiomlán é ó chuibhreacha an bháis agus go bhfaighidh sé radharc buan ar do ghnúis. Sin é ár nguí chugat trínar dTiarna.

 

An Chead Leacht

Sliocht as leabhar na hEagna — 3:1-6, 9

Ghlac sé leo ina n-íobairt lándóite

Tá anamacha na bhfíréan i láimh Dé agus ní bhainfidh piolóidí leo choíche. Ba dhóigh le lucht na díchéille go raibh siad marbh agus measadh gur thubaiste ab ea a mbás agus gurbh ionann agus díothú a n-imeacht uainn. Ach is amhlaidh atá siad faoi shuaimhneas anois. Óir bíodh gur fhulaing siad pionós os comhair an tsaoil, bhí siad lán dóchais go mairfidís go deo. Tar éis dóibh beagán smachtaithe afhulaingt bronnfar morán tíolaicí orthu.

Mar chuir Dia féachaint orthu agus fuair sé a dhíol iontu. Thástáil sé iad mar ór i bhfoirnéis agus ghlac sé leo ina n-íobairt lándóite. Na daoine a chuireann a muinín ann, tuigfidh siad an fhírinne agus na daoine a fhanann dílis dó, cónóidh siad ina fhochair faoi ghrá; mar faigheann a mhuintir thofa grásta agus trócaire uaidh.

Salm le Freagra

Freagra

Is é an Tiarna m’aoire,

ní bheidh aon ní de dhith orm.

1. Is é an Tiarna m’aoire,

ní bheidh aon ní de dhith orm.

Cuireann sé i mo luí mé

i móinéar féir ghlais.

Seolann sé ar imeall an uisce mé,

mar a bhfaighim suaimhneas. Fr

Seolann sé mé ar rianta díreacha mar gheall ar a ainm.
Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais,
níor bhaol liom an t-olc agus tú faram le do shlat is do bhachall chun sólás a thabhairt dom. Fr2.

3. Cóiríonn tú bord chun béile dom

i bhfianaise mo naimhde.

Ungann tú mo cheann le hola;

tá mo chupán ag cur thar maoil. Fr

4. Leanfaidh cineáltas is fabhar mé gach uile lá de mo shaol.

I dteach an Tiarna a mhairfidh mé go brách na breithe. Fr

 

An Dara Léacht

Sliocht as litir N. Pól chuig na Rómhánaigh — 8:31-35, 37-39

Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn?

A bhráithre, má tá Dia inár bpáirt, nach cuma cé a bheidh inár gcoinne? Nuair nár lig sé uaidh a mhac féin ach é a thabhairt suas ar mhaithe linne go léir, cuma nach mbronnfadh sé gach grásta eile orainn chomh maith? Agus cé a dhéanfaidh pobal tofa Dé a chúisiú? Nuair atá Dia dár saoradh, cé a dhéanfaidh ár ndaoradh? An é Críost a dhéanfaidh é, an té a fuair bás agus a tógadh ó mhairbh agus atá fósar dheis Dé ag idirghuí ar ár son?

Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn? Trioblóid an ea? Nó cruatan, nó géarleanúint, nó gorta, nó nochtacht, nó guais, nó an claíomh féin? Sna cúrsaí seo go léir, beirimid an bua go caithréimeach le cabhair an té úd a thug grá dúinn. Mar táim cinnte dearfa de nach bhféadfaidh bás ná beatha, aingil na prionsaí ná cumhachtaí, nithe atá ann anois ná nithe atá le teacht, an domhan thuas ná an domhan thíos, ná dúil chruthaithe ar bith eile sinn a scaradh ó ghrá Dé atá faighte againn in Íosa ár dTiarna.


Alleluia

Alleluia, alleluia!

Mise an tAiséirí agus an Bheatha, a deir an Tiarna.

An té a chreideann ionamsa,

ní bhfaighidh sé bás choíche.

Alleluia!


Soiscéal

Sliocht as an Soiscéal naofa de reir N. Eoin — 11:17-21

Mise an tAiséirí agus an Bheatha.

Nuair a tháinig Íosa go Beatáine, fuair sé Lazaras agus é ceithre lá cheana féin sa tuama. Bhí Beataine timpeall dhá mhíle ó Iarúsailéim. Bhí cuid mhór Giúdach tagtha ag triall ar Mharta agus ar Mháire chun sólás a chur orthu i ndiaidh a ndearthár. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach ina choinne. D’fhan Máire ina suí sa teach. Dúirt Marta ansin le hÍosa:
‘A Thiarna, dá mbeifeása anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás. Ach tá a fhios agam anois féin, cibé ní a iarrfaidh tú ar Dhia, go dtabharfaidh Dia duit é.’
Dúirt Íosa léi: ‘Éireoidh do dheartháir arís.’
‘Tá a fhios agam,’ arsa Marta leis, ‘go n-éireoidh sé arís san aiséirí an lá deireanach.’
Dúirt Íosa léi: ‘Mise an tAiséirí agus an Bheatha; an té a chreideann ionamsa, fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh, agus gach duine a bhíonn beo agus a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche. An gcreideann tú an méid sin?’
‘Creidim, a Thiarna,’ ar sí. ‘Creidim gur tú Críost, Mac Dé—an té a tháinig isteach sa saol.’

GUÍ an Phobail

 

Guímis: A phobal Dé, guímis le chéile ar son ár ndearthár (ndeirféar) atá marbh. Guímis freisin ar son na heaglaise, ar son síochana sa domhan agus ar ár son féin. S.

Guímis chun an Athar ar son baill uile na hEaglaise. Go dtuga sé

saol sona síochanta dóibh abhus agus glóir na bhflaitheas dóibh

thall. A Thiarna, éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.F .

Guímis go saora Dia ár ndeartháir (ndeirfiúr) A. ón bpionós agus S.

ón dorchadas. A Thiarna éist linn.

F. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

S. Guímis go dtuga Dia lúcháir dó (di) i bpáirt lena chuid naomh go

léir. A Thiarna éist linn.

A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.F.

Os cionn na nOfrálacha

Tabhair lámh chúnta, a Thiarna, do do sheirbhíseach a n-ofrálaimid an tAifreann seo mar chúiteamh duit ar a shon lá a adhlactha. Má lean aon smál peaca de, nó má thruailligh aon locht daonna é, maith dó agus déan glan firéanta é. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Preafáid

Is ceart agus is cóir dúinn, go deimhin, is cuí agus is tairbheach, buíochas a ghabháil leat de shíor agus i ngach áit, a Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí, trí Chríost ár dTiarna.

Ghlac seisean leis an mbás d’fhonn an cine daonna a shaoradh ón mbás; thoiligh sé bás a fháil leis féin d’fhonn go mairimisne duitse amháin go brách.

Uime sin, mar aon le cór na nAingeal, molaimid thú agus fógraímid le háthas:

Is naofa, naofa, naofa thú . . .

Loinneog don Chomaoineach

Táimid ag súil leis an Tiarna, Íosa Críost an Slánaitheoir, an té a chuirfidh athrú crutha ar ár gcorp suarach, á mhúnlú i gcosúlacht a choirp ghlórmhair féin.

largomaoineach

Deonaigh, a Dhia uilechumhachtaigh, go nglanfar tríd an íobairt seo anam do sheirbhísigh A. a d’fhág slán leis an saol seo (inniu); go saorfar é óna pheacaí agus go raibh suaimhneas síoraí an aiséirí aige. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Nuair a bhíonn an tsochraid díreach i ndiaidh an Aifrinn, fágtar an beannú agus na deasghnátha deiridh ar lár.


FÁGTAR SLÁN LEIS AN DUINE MARBH AGUS CUIRTEAR

FAOI CHOIMIRCE DÉ É

S. Le dóchas in Íosa Críost tá corp ár ndearthár (ndeirféar), A., á chur san uaigh againn. larraimid go humhal ar Dhia, dá bhfónann gach dúil, an corp faonlag seo a thógáil faoi ghlóir isteach i gcomhluadar na naomh agus é a áireamh ar shluaite na bhfíréan.

Go dtuga Dia breithiúnas trócaireach air (uirthi), go maithe sé a p(h)eacaí dó (di) agus go saora sé ón mbás é (í). Go dtreoraí an tAoire fónta é (í) chun athmhuintearais leis an Athair agus go bhfaighe sé (sí) aoibhneas go deo mar aon leis na naoimh i láthair an Rí shíoraí.

Fanann cách ina dtost agus iad ag guí ar feadh tamaill bhig. Croitear uisce coisricthe ar an gcorp agus túistear é.

S. Cabhraigí leis (lei) a naomha Dé. Tagaigí faoina d(h)éin, a aingle an Tiarna.

Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é (í).F .

S. Críost a ghlaoigh ort, go bhfailtí sé romhat, agus go stiúra aingil an Tiarna go hucht Ábraham thú.

Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é (í).F.

S. Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí solas suthain air (uirthi).

Fáiltigí roimh a (h)anam agus tugaigí i láthair an Te is airde é (í)F.

 

 

A Thiarna, déan trócaire.S.

A Thiarna, déan trócaire.F.

A Chríost, déan trócaire.S.

A Chríost, déan trócaire.F.

S. A Thiarna, déan trócaire.

A Thiarna, déan trócaire.F.

Urnaí

A Athair na trócaire, cuirimid anam ár ndearthár (ndeirféar) faoi do choimirce. (Gabhaimid buíochas leat as an gcineáltas go léir a bhronn tú ar do sheirbhíseach agus é (í) sa saol seo. Bíodh an méid sin mar chomhartha againn ar do mhórmhaitheas féin, agus ar chomaoin na naomh i gCríost.) S.

Éist go trócaireach, lenár n-urnaithe, a Thiarna. Oscail geataí na bhflaitheas do do sheirbhíseach, agus cuidigh linne ar an saol seo sólás a thabhairt dá chéile le neart ár gcreidimh, go dtí go rachaimid go léir faoi dhéin Chríost agus go mbeimid in éineacht leatsa agus lenár ndeartháir (ndeirfiúr) go deo. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

Amen.F.

atá an corp á thabhairt chun siúil.I ndiaidh na hurnaí ní’miste na loinneoga seo a rá nó a chanadh fad

Go dtreoraí na haingil isteach sna flaithis thú, go bhfáiltí na mairtírigh romhat agus go ndéana siad thú a thionlacan go cathair naofa Iarúsailéim.

Nó:

Go bhfáiltí sluaite na n-aingeal romhat agus, i dteannta Lazaras a bhí go dearóil tráth, go bhfaighe tú suaimhneas síoraí.

Nó:

Mise an t-aiséirí agus an bheatha: An té a chreideann ionamsa,

fiú amháin má fhaigheann sé bás, mairfidh, agus gach duine beo a chreideann ionamsa, ní bhfaighidh sé bás choíche.

Ní miste sailm nó vearsaí feiliúnacha eile a chanadh leis na loinneoga sin.

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0