Gnás na nEaslán

FIOSRÚ AGUS COMAOINEACH NA NEASLÁN

I. FIOSRÚ NA nEASLÁN

An grá atá ag Críost agus ag an Eaglais do na heasláin, ba cheart go mbeadh an grá céanna sin ag gach aon Chríostaí dóibh. Ba cheart dóibh, mar sin, an grá sin a léiriú oiread agus is féidir leo agus dul á bhfiosrú, sólás an Tiarna a thabhairt dóibh agus cabhair ina ngátar a thairiscint dóibh go muinteartha.

Iad sin a thugann aire do na heasláin, sagairt go háirithe, ba cheart dóibh labhairt leo le briathra an chreidimh agus a mhíniú dóibh cén bhrí i rúndi-amhair an tslánaithe atá lena mbíonn le fulaingt ag an duine. Ba cheart dóibh a áiteamh orthu freisin go bhfuil siad aontaithe, de bharr a gcreidimh, lenar fhulaing Críost agus gur féidir leo tríd an urnaí rud naofa a dhéanamh dá dtinneas agus neart a fháil chun cur suas lena bhfuil á fhulaingt acu.

Is é cúram ar leith na sagart na heasláin a spreagadh chun sacraimintí na faoistine agus na heocairiste a ghlacadh (ar cheart dóibh iad a ghlacadh go minic má tá siad i riocht a dhéanta) agus, go háirithe, chun sacraimintí na hola agus an lóin shíoraí a ghlacadh ag an am cuí.
Ba cheart na heasláin a ghríosú chun bheith ag guí nuair atá siad ina n-aonar, nó in éineacht lena muintir, lena gcairde nó leo sin atá ag tabhairt aire dóibh. Ba ceart dóibh agus iad ag guí tarraingt go háirithe ar na scrioptúir agus machnamh a dhéanamh ar na codanna sin ina dtráchtar ar rúndiamhair na fulaingte daonna i gCríost agus ina shaothar. Ba cheart freisin leas a bhaint as paidreacha den chineál sin atá le fáil i measc na salm agus i dtéacsanna eile. Ba cheart do shagairt cuidiú leis na heasláin guí mar sin, agus ba chóir dóibh bheith ullamh i gcónaí guí in éineacht leo.

Nuair atá sagart ag fiosrú na n-easlán, níor mhiste dó mar aon leis an othar agus leo sin atá i láthair liotúirge gearr an bhriathair a chumadh mar fhoirm fheiliúnach urnaí. Níor mhiste, de réir mar is féidir, paidreacha ó na sailm nó paidreacha eile nó liodáin a usáid chomh maith le briathar Dé féin. Ina dhiaidh sin ar fad ba cheart don sagart an t-othar a bheannú agus ba cheart dó a lámha a leagan air, má tá sé sa riocht chuige sin.


II. COMAOINEACH NA nEASLÁN

Ba cheart do shagairt féachaint chuige go dtugtar gach aon seans do na heasláin agus do sheandaoine, fiú mura bhfuil siad go dona tinn nó ag saothrú an bháis, an chomaoineach a ghlacadh go minic agus fiú gach lá, más féidir, go háirithe le linn na Cásca. Tig leo an chomaoineach a ghlacadh am ar bith i rith an lae.

An t-othar nach bhfuil in ann an chomaoineach a ghlacadh faoi ghné aráin, ní miste dó í a ghlacadh faoi ghné fíona amháin.

Iad siúd atá ag tabhairt aire do na heasláin, ní miste dóibh an chomaoineach a ghlacadh in éineacht leo, ar an gcoinníoll go dtugtar aird ar fhorálacha an dlí.

Nuair a thugtar an eocairist le roinnt lasmuigh den eaglais, ba chóir í a iompar i bpioscas nó in árthach beag druidte den chineál sin. Ba cheart don mhinistir a bheith gléasta, agus ba cheart dó an eocairist a iompar ar bhealach a réitíonn le nós na háite.
Iad sin atá ina gconaí in éineacht leis an othar nó iad sin atá ag tabhairt aire dó, ba chóir a rá leo bord agus línéadach anuas air a ullmhú i seomra na leapa, a bhféadfaí an naomhshacraimint a leagan air. Más é an nós é, ba cheart freisin soitheach uisce choisrichthe agus disréad nó craoibhín chomh maith le coinnle a chur ar fáil.

GNÁTHGHNÁS CHOMAOINEACH NA NEASLÁN

AN BEANNÚ

Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A
S. Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.

Nó:

B
S. Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).

Nó:

C
S. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
C. Agus leat féin.

Nó:

D

S. Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus onár dTiarna Íosa Críost.
C. Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

Nó:

C. Agus leat féin.
Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.

CROITHEADH AN UISCE CHOISRICTHE

Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo á rá aige:

S. Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh rannpháirteach thú (sibh) i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.

 

DEASGHNÁTHA NA hAITHRÍ

Éisteann an sagart faoistin an othair, más gá é sin.
Nuair nach n-éistear faoistin an othair nó go bhfuil daoine eile ann atá leis an gcomaoineach a ghlacadh, tugann an sagart cuireadh don othar agus dóibh sin ar fad atá i láthair páirt a ghlacadh i ndeasghnátha na haithrí:

A
S. A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:
C. Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar
le gníomh agus le faillí (buaileann siad a n-ucht)
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.
Críochnaíonn an sagart:
S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
Freagraíonn cách:
C. Amen.

Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:

B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
S. Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithimidne do chách le grá duit féin. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo ‘tá ina charraig le cruas. A Chríost déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Ó bhun na croiche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Nó:

C

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
S. Déan trócaire orainn, a Thiarna.
C. Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

S. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
C. Agus tabhair dúinn do shlánú.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Nó:

D

Fanann cách tamall gear ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:
S. Thug tú an slanú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeaca dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

SLIOCHT AS AN mBÍOBLA

Ní miste don sagart nó do dhuine acu sin atá i láthair sliocht as an mBíobla a léamh. Mar shampla:

A Eoin 6, 54-55 nó 6, 54-59
“An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola.
(An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola, cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann. Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, is beo é tríom. Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.Ní hionann is an manna gur ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.” Dúirt Íosa na nithe sin i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg).

B Eoin 14, 6
Dúirt Íosa le Tomás:
“Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.”

C Eoin 14, 23
Dúirt Íosa:
“Má bhíonn grá ag duine dom, cóinneoidh sé mo bhriathar, -agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige, agus déanfaimid ár n-áras aige.”

D Eoin 15, 4
Dúirt Íosa: ‘Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi mura bhfana sí san fhíniúin, sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfana sibh ionamsa.”

E 1 Coirintigh 11,26
Gach uair, go deimhin a itheann sibh an t-arán seo, agus a olann sibh as an gcailís seo, is é bás an Tiarna atá á fhógairt agaibh go dtí go dtaga sé.

F Eoin 14, 27
Dúirt Íosa:
“Fagaim síocháin agaibh; tugaim mo shíocháin daoibh. Ní thugaim daoibh í mar a thugann an saol í. Ná bíodh bhur gcroí buartha agus ná bíodh eagla air.”

G Eoin 15, 5
Dúirt Íosa:
“Mise an fhíniúin, sibhse na géaga. An té a fhanann ionamsa, agus mise ann, tugann seisean toradh mór uaidh; óir gan mise, ní féidir daoibh aon ní a dhéanamh.”

H 1 Eoin 4, 16
Is feasach dúinn agus creidimid an grá atá ag Dia dúinn. Is grá é Dia, agus an té a mhaireann sa ghrá maireann i nDia agus maireann Dia ann.

Níor mhiste don sagart gearrmhíniú a thabhairt ar an sliocht ansin.

 

AN PHAIDIR

Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
S. Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh. Leanann cách ar aghaidh:
C. Ár nAthair ….

AN CHOMAOINEACH

Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:
S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
C. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.
Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
S. Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraíonn an t-othar:
Amen.
agus glacann an chomaoineach. Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

NA DEASGHNÁTHA DEIRIDH

Deir an sagart an urnaí dheiridh:

A
S. Guímis.
A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh.
Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin.
Sin í ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Nó:

B
A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca. Fógraimídne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo: Go raibh do shlánú ag dul i méid ionainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Nó:

C

A Dhia, ár nAthair,
thug tú dúinn bheith páirteach san aon aran agus san aon chailís. Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go háthasach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Nó:

D
A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C Amen.

Beannaíonn an sagart an t-othar agus na daoine eile atá i láthair le comhartha na croise a ghearradh os a gcionn leis an bpioscas, má tá aon chuid den naomhshacraimint fágtha ann, nó le foirmle acu seo thíos:

A

S. Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
Fr. Amen.

S. Go leigheasa Dia an Mac thú.
Fr. Amen.

S. Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
Fr. Amen.

S. Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slanaí sé d’anam.
Fr. Amen.

S. Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
Fr. Amen.

(Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Fr. Amen).

Nó:

B

S. Críost ionat do do chumhdach, Críost romhat do do threorú,
Críost i do dhiaidh do do neartú.
Fr. Amen.

S. Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
Fr. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
Fr. Amen).

Nó:

C
S. Beannacht Dé uilechumhachtaigh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, oraibh agus go bhfana libh go deo.
Fr. Amen.

GEARRGHNÁS CHOMAOINEACH NA nEASLÁN

Úsáidtear an gearrghnás seo nuair a riartar an chomaoineach i seomraí éagsula san áras céanna, mar shampla, in ospidéal. Ní miste codanna den ghnáthghnás a chur leis de réir mar a fheileann sé.
Má theastaíonn ó na heasláin a bhfaoistin a dhéanamh, éisteann an sagart a bhfaoistin agus tugann aspalóid dóibh ag am oiriúnach sula dtosaíonn sé ag riaradh na comaoineach.
Cuirtear tús leis an ngnás san eaglais nó san aireagal nó sa chéad seomra. Deir an sagart an loinneog seo thíos:

S. Nach naofa atá an séire seo ina nglacaimid Críost: tugann sé a pháis chun cuimhne dúinn, líonann ár n-anam le grásta agus tugann dúinn geallúint na glóire atá le teacht.

Níor mhiste duine a mbeadh coinneal á hiompar aige bheith ag tionlacan an tsagairt. Deir sé leis na daoine ar fad atá in aonseomra nó le gach duine acu ar leith:

S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.

An té atá leis an gcomaoineach a ghlacadh deir sé é seo aon uair amháin:
C. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Glacann sé an chomaoineach mar is gnáth.
Is féidir an urnaí dheiridh a rá san eaglais nó san aireagal nó sa seomra deiridh. Fágtar an bheannacht ar lár.

A
S. Guímis.
A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uile-chumhachtaigh shíoraí, tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh. Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Fr. Amen.

B

S. A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca.
Fógraimidne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo : Go dté do shlanú i dtreis ionainn i gcónaí.
Sin í ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Fr. Amen.

Nó:

C
S. A Dhia, ár nAthair,
thug tú dúinn bheith páirteach san aon arán agus san aon chailís. Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go háthasach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Fr. Amen.

Nó:

D
S. A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
Fr. Amen.

 

GNÁS UNGADH EASLÁIN
AN GNÁTHGHNÁS

 

ULLMHÚCHÁN DON CHEILIÚRADH

Sula gcuireann an sagart an ola ar othar, ba cheart dó fiafraí cén bhail atá air sa chaoi go mbeidh sé in ann an ceiliúradh a leagan amach go sásúil, agus na léachtaí ón mbíobla agus na paidreacha a roghnú. Más féidir é, ba cheart dó an t-ullmhúchán seo a dhéanamh in éineacht leis an othar nó lena mhuintir agus ba cheart dó lena linn sin brí na sacraiminte a mhíniú dóibh.

Nuair atá gá leis, ba cheart don sagart faoistin an othair a éisteacht, más féidir é, sula gceiliúrtar an t-ungadh. Sa chás go ndéanann an t-othar a fhaoistin ag an am a gcuirtear an ola air, ba cheart é sin a dhéanamh le linn na ngnásanna tosaigh. Nuair nach mar sin atá, ba chóir gnás na haithrí a cheiliúradh.

An t-othar nach bhfuil ag coinneáil na leapa, ní miste an ola a chur air san eaglais nó in áit chuí eile. Ba cheart cathaoir nó ionad a ullmhú dó, agus ba chóir go mbeadh slí dá ghaolta is dá chairde chun go mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa cheiliúradh.

In ospidéil ba cheart don sagart cuimhneamh ar na heasláin eile: an mbeidís in ann páirt a ghlacadh sa cheiliúradh ? An bhfuil siad an-tnáite ar fad ? An ngoillfeadh sé orthu sa chás nach Caitlicigh iad ?

Ní miste feidhm a bhaint as an ngnás seo thíos nuair a chuirtear an ola ar go leor othar i dteannta a chéile. Sa chás sin leagann an sagart a lámha orthu agus cuireann an ola orthu ina nduine agus ina nduine agus baineann sé feidhm as an bhfoirmle a ghabhann leis sin. Déantar gach rud eile aon uair amháin, agus baintear feidhm as an uimhir iolra sna paidreacha.

DEASGHNATHA TOSAIGH

Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A
S. Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.

Nó:

B
Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).

Nó:

C
S. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
C. Agus leat féin.

Nó:

D
S. Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.

Nó:

C. Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

Nó:

C. Agus leat féin.

Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo á rá aige:

S. Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh rannpháirteach thú (sibh i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.

Ansin labhraíonn sé lena bhfuil i láthair agus na focail seo nó focail mar iad á n-úsáid aige:

S. A chlann ionúin,
Táimid tagtha le chéile in ainm ár dTiarna Íosa Críost a leigheas na heasláin agus a d’fhulaing oiread sin ar ár son. Tá sé anseo inár measc anois agus deir sé linn trí Shéamas aspal: “Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar shean-óirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”
Cuirimis ár mbráthair (siúr), A., faoi choimirce ghrásta agus chumhacht Chríost chun go bhfaighidh sé (sí) faoiseamh agus slánú.

Nó is féidir leis an phaidir seo a rá :

S. A Thiarna Dia, dúirt tú linn trí Shéamas d’aspal:
“Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn.
Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”
larraimid ort go humhal bheith linne atá bailithe le chéile anseo i d’ainm. Cosain le do thrócaire ár mbráthair (siúr), A., atá tinn.
(agus na heasláin eile ar fad atá anseo i láthair). Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

 

DEASGHNATHA NA hAITHRÍ

Mura bhfuil aon duine ag iarraidh a fhaoistin a dhéanamh, leantar ar aghaidh le deasghnátha na haithrí. Tosaíonn an sagart mar seo:

A
S. A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:

C. Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar, le gníomh agus le faillí, (buaileann siad a n-ucht)
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Críochnaíonn an sagart:

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:

B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

S. Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithmidne do chách le grá duit féin. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo atá ina charraig le cruas. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Ó bhun na croíche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Nó:

C

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

S. Déan trócaire orainn, a Thiarna.
C. Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

S. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
C. Agus tabhair dúinn do shlánú.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

D
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:

S. Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

LÉACHT AS AN mBÍOBLA

Léann duine acu sin atá i láthair nó an sagart féin sliocht gearr as an mbíobla:
A bhráithre, éistigí le briathra an tsoiscéil naofa de réir N. Matha.

8, 5-10. 13.
Nuair a bhí Íosa tar éis dul isteach i Cafarnáum, tháinig taoiseach céad chuige ag achainí air:

“A Thiarna,” ar seisean, “tá mo ghiolla ina luí sa bhaile ina phairilíseach agus é á chrá go léanmhar.”

Dúirt Íosa leis: “Rachaidh mé ann á leigheas.”

Ach dúirt an taoiseach céad á fhreagairt:

“A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí. Ná déan
ach an focal a rá agus beidh mo ghiolla leigheasta. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh !’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar !’ agus tagann,
agus le mo sheirbhíseach ‘Déan seo !’ agus déanann.”
Nuair a chuala Íosa é, bhí ionadh air, agus dúirt leo seo a bhí á leanúint:

“Deirim libh go firinneach, ní bhfuair mé a leithéid seo de chreideamh ag duine ar bith in Isráél.”

Dúirt sé leis an taoiseach céad ansin:
“Imigh leat; agus bíodh agat de réir mar a chreid tú.”

Agus ar an nóiméad sin féin, leigheasadh an giolla.

Ní miste sliocht feiliúnach eile a roghnú m.sh. uimh. 153-229 thíos. Má fheileann sé, ní miste don sagart gearrmhíniú a thabhairt ar an téacs.

 

AN LIODÁN

Ní miste an liodán seo thíos a rá anois, nó tar éis don sagart an ola a chur ar an othar, nó am éigin eile, más amhlaidh is feiliúnaí. Ní miste don sagart an téacs a chóiriú nó a ghiorrú.

A
S. A bhráithre, iarraimis le barr creidimh ar Dhia éisteacht lenár n-urnaithe ar son ár mbráthar (siúrach), A.
A Thiarna, tar agus tabhair sólás do thrócaire agus do ghrá do A., trí bhrí an Ungtha naofa seo. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair slán é (í) ón uile olc. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair faoiseamh óna bpianta do na heasláin ar fad (atá i láthair). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Saor A. ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr,) A., ar a leagaimid ár lámha i d’ainmse. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

 

LIODÁIN EILE :

B
S. Thóg tú ar lagar agus d’iompar tú ár ndóláis. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Ghlac tú trua don slua agus chuaigh tú ina measc ag déanamh maitheasa agus ag leigheas na n-easlán. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. D’ordaigh tú do d’aspail a lámha a leagan ar na heasláin i d’ainm.
A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

Nó:

C

S. Guímis chun an Tiarna ar son ár mbráthar (siúrach) atá tinn, agus ar a son siúd a thugann aire do na heasláin agus a dhéanann freastal orthu. Féach go ceansa ar ár mbráthair (siúr) atá tinn.
A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Neartaigh arís é (í). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair faoiseamh óna p(h)ianta dó (di). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Saor é (í) ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Neartaigh na heasláin ar fad le do ghrásta. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr) ar a leagaimid ár lámha i d’ainmse. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Ansin leagann an sagart a lámha ar cheann an othair gan dada a rá.

 

BEANNÚ NA hOLA

Nuair a chaithfidh an sagart an ola a bheannú i rith an ghnáis , leanann sé air:

A
S. Guímis.
A Thiarna Dia, a Athair na n-uile shólás, chuir tú do Mhac, Íosa Críost, ar an saol seo chun na heasláin a leigheas. Éist leis an urnaí a dhéanaimid le barr creidimh agus cuir an Spiorad Naomh, an Sólásaí, anuas ar an ola seo. Is í toradh chrann na holóige í agus chuir tú ar fáil dúinn í chun ár gcorp a leigheas. Cuir do bheannacht ar gach aon duine ar a gcuirtear an ola seo. Saor iad ón tinneas agus ón bpian agus tabhair dóibh sláinte choirp, intinne agus anama.
Beannaigh an ola seo dúinn, a Thiarna, in ainm Íosa Críost, do Mhac, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

Nó:

B

S. Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
C. Moladh go deo le Dia.

S. A Thiarna Dia, éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo atá ceaptha le bheith ina híocshláinte do do mhuintir.
Iad sin a nguímid le barr creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go leigheastar a n-easláintí go léir. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C Amen.

 

URNAÍ BHUÍOCHAIS

Má tá an ola beannaithe cheana féin, deir an sagart an urnaí bhuíochais seo os a cionn:
S. Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh.
Chuir tu do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí a leigheas.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
C. Moladh go deo le Dia.

S. A Thiarna Dia, le barr creidimh cuirfear an ola naofa seo ar do shearbhónta. Tabhair faoiseamh dó (di) óna p(h)ianta agus neartaigh é (í) ina lagar. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

 

AN tUNGADH

Tógann an sagart an ola ansin agus cuireann sé ar chlár éadain agus ar lámha an othair í, á rá aon uair amháin:
S. Tríd an ungadh naofa seo agus trína chaointrócaire féin go gcuidí an Tiarna leat le grásta an Spioraid Naoimh.
C. Amen.

S. An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
C. Amen

 

URNAÍ TAR ÉIS AN UNGTHA

Ansin deir an sagart ceann de na hurnaithe seo:

A
S. Guímis. A Thiarna Íosa Críost, ár Slánaitheoir, le cumhacht an Spioraid Naoimh leigheas ár mbráthair (siúr) atá tinn agus saor é (í) ó gach easláinte choirp agus anama. As ucht do thrócaire maith dó (di) a p(h)eacaí agus tabhair sláinte iomlán dó (di) sa chaoi go mbeidh sé (sí) in ann fónamh duit arís. Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

Nó:

B
S. A Thiarna Íosa Críost, ghlac tú lenár nádúr chun na heasláin a leigheas agus chun an cine daonna a shlánú.
Éist linn agus sinn ag guí go dtabharfaí sláinte choirp agus anama dár mbráthair (siúr) atá tinn agus ar ar chuireamar an ola naofa i d’ainmse.
Go mba údar sóláis dó (di) do choimirce agus go mba údar sláinte dó (di) do neart. (Go mba údar dóchais dó (di) a t(h)inneas mar gur tríd a aontaíodh leat i do pháis é (í).) Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

URNAITHE EILE MAR A D’FHEILFEADH DON BHAIL ATÁ AR AN OTHAR :

C
I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
S. Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bharr na seanaoise. Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó(di) chun é (í) a neartú sa chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách méid do ghrá dúinn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Nó:

D

S. A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é(í) agus tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

Nó:

E
Don té atá ar an dé deiridh:
S. A Athair róchineálta, is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá agus ní dhiúltaíonn tú maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anam agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac, a chloígh an bás, agus a réitigh dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

 

AN PHAIDIR

Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
S. Guímis chun an Athair faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
Leanann cách ar aghaidh:
C. Ár nAthair ….

 

AN CHOMAOINEACH

Má tá an t-othar leis an gcomaoineach a ghlacadh, riartar air í tar éis na Paidre, agus déantar é sin de réir Ghnás Chomaoineach na nEaslán. Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:

S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain. Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.

Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
C. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
S. Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).

Freagraíonn an t-othar :
Amen.

agus glacann an chomaoineach. Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

Deir an sagart an urnaí dheiridh:

 

A
Guímis.
A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uile-chumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh. Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Nó:

B
S. A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca. Fógraímidne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, faoi chló na sacraiminte seo: Go dté do shlánú i dtreis ionainn i gcónaí. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Nó:

C
S. A Dhia, ár nAthair, thug tú dúinn bheith páirteach san aon aran agus san aon chailís. Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go lúcháireach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Nó:

D
S. A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna. Amen.

Beannaíonn an sagart an t-othar agus na daoine eile atá i láthair le comhartha na croise a ghearradh os a gcionn leis an bpioscas, má tá an naomhshacraimint fágtha ann, nó le foirmle acu seo thíos:

 

AN BHEANNACHT

Cuirtear deireadh leis an ngnás le beannacht an tsagairt:

S. Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
C. Amen.

S. Go leigheasa Dia an Mac thú.
C. Amen.

S. Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
C. Amen.

S. Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slánaí sé d’anam.
C. Amen.

S. Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen.)

Nó:

B
S. Críost ionat do do chumhdach.
C. Amen.

S. Críost romhat do do threorú, Críost i do dhiaidh do do neartú.
C. Amen.

S. Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uiiechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen.)

 

GNÁS AN UNGTHA LE LINN AIFRINN

 

Nuair atá an t-othar in ann dó, agus go háirithe nuair atá sé leis an gcomaoineach a ghlacadh, ní miste an ola a chur air le linn Aifrinn, san eaglais, nó, le cead an easpaig, in áit fheiliúnach i dteach an othair nó san ospidéal.
Nuair atá an ola le cur ar othar le linn Aifrinn, caitheann an sagart éidí bána agus léann sé Aifreann na n-easlán. Ar Dhomhnaigh na hAidbhinte, an Charghais agus na Cásca agus ar shollúntais, ar Chéadaoin an Luaithrigh agus ar dhálaigh na Seachtaine Móire, léitear Aifreann an lae, ach úsáidtear an leagan ar leith den bheannacht deiridh .

Tógtar léachtaí an Aifrinn as an Leicseanáir (V, Lgh. 261-3) nó as Gnás an Ungtha, mura gceapann an sagart go mbeadh sé níos fearr don othar agus do na daoine eile atá i láthair léachtaí eile a thoghadh.
Nuair nach bhfuil cead Aifreann na nEaslán a léamh, ní miste ceann amháin de na léachtaí le thoghadh astu siúd atá luaite thuas, ach amháin a linn Tréan na Cásca, Lá Nollag, ar an Eipeafáine, Deardaoin Deascabhála, Domhnach Cincíse, ar Fhéile Chorp Chríost agus ar shollúntas atá ina lá saoire fógartha.
Tar éis an tsoiscéil agus na seanmóra is ea a chuirtear an ola ar an othar.
a) Sa tseanmóir ba cheart don cheiliúraí a léiriú go dtráchtann an téacs naofa ar bhrí na heasláinte i stair an tslánaithe agus ar an ngrásta a leanann sacraimint an ungtha. Ba cheart dó cuimhneamh, áfach, ar an mbail atá ar an othar agus ar chúinsí na ndaoine eile atá i láthair.
b) Ba cheart tús a chur le ceiliúradh an ungtha leis an liodán, nó leis na lámha a leagan ar an othar más tar éis an ungtha a léitear an liodán nó Guí an Phobail. Beannaítear an ola ansin, má tá sé sin le déanamh. Mura bhfuil, deirtear urnaí an bhuíochais os cionn na hola. Ansin cuirtear an ola ar an othar.
c) Deirtear Guí an Phobail ansin murar léadh an liodán roimh an ungadh, agus ar deireadh thiar deirtear an urnaí tar éis an ungtha. Leantar ar aghaidh leis an Aifreann ansin agus tugtar na tabhartais chuig an altóir. Ní miste don othar agus don phobal ar fad an chomaoineach a ghlacadh faoin dá ghné.

 

CEILIÚRADH AN UNGTHA NUAIR ATÁ POBAL MÓR I LÁTHAIR

 

Ní miste an gnás seo thíos a usáid ar oilithreachtaí nó ag cruinnithe móra eile de chuid na deoise, na cathrach, an pharóiste nó chumann na n-easlán.
Ní miste an gnás céanna seo a usáid in ospidéil, má f heileann sin ar uaire.
Má tá an ola le cur ar a lán othar le chéile le cead an easpaig ní foláir don easpag nó dá f hear ionaid féachaint chuige go gcomhlíontar na forálacha go léir faoi dhisciplín an ungtha naofa, faoin ullmhúchán pastarálach agus faoin gceiliúradh liotúirgeach.
Más gá é, is é cúram an easpaig na sagairt a ainmniú chun an tsacraimint a bhronnadh.
Nuair atá ungadh na n-easlán le ceiliúradh i láthair pobail, ba cheart é sin a dhéanamh in eaglais nó in áit fheiliúnach éigin eile mar ar féidir leis na heasláin agus leis na daoine eile teacht le chéile go furasta.
Ba cheart ullmhúchán feiliúnach pastarálach a thabhairt do na heasláin atá leis an tsacraimint a ghlacadh, d’easláin eile agus do dhaoine slána a bheidh i láthair.
Ba cheart iad sin ar fad atá i láthair a spreagadh le páirt iomlán a ghlacadh sa cheiliúradh agus chuige sin ba cheart leas a bhaint as iomainn fheiliúnacha a spreagfadh iad chun guí in éineacht agus a léireodh lúcháir sin na cásca a bhaineann ó cheart leis an tsacraimint seo.

 

AN CEILIÚRADH LASMUIGH DEN AIFREANN

 

Othair a bhfuil an ola le cur orthu agus a dteastaíonn uathu a bhfaoistin a dhéanamh, ba cheart go ndéanfaidís é sin sula gceiliúrtar an t-ungadh.
Ag tús an ghnáis fáiltíonn an sagart roimh na heasláin. Ba cheart go léireofaí san fháiltiú sin an cúram a rinne Críost de na heasláin agus ionad na n-easlán i bpobal Dé.
Ní miste gnás na haithrí a cheiliúradh ansin.
Ceiliúrtar briathar Dé ansin. Ní miste léacht amháin nó tuilleadh as an mbíobla a léamh agus iomainn a rá. Ní miste na léachtaí a thoghadh astu sin a thugtar thíos, ach ní miste cinn eile a thoghadh dá bhfeilfidís níos fearr do na heasláin agus do na daoine eile atá i láthair. Tugtar seanmóir ansin, agus ina diaidh siúd ní miste do chách fanacht tamall ina dtost.
Cuirtear tús le ceiliúradh na sacraiminte leis an liodán nó leis na lámha a leagan ar na heasláin. Nuair atá foirmle an ungtha cloiste uair amháin ar a laghad acu sin atá i láthair, ní miste iomainn fheiliúnacha a rá fad atá an ola á cur ar na heasláin. Má deirtear Guí an Phobail tar éis an ungtha, cuirtear deireadh léi leis an urnaí tar éis an ungtha nó leis an bPaidir agus ní miste do chách í sin a chanadh.
Má tá níos mó ná aon sagart amháin i láthair, leagann gach sagart acu a lámha ar roinnt de na heasláin agus cuireann an ola orthu agus foirmle na sacraiminte á rá aige. Deir an príomhcheiliúraí na hurnaithe.
Tugtar an bheannacht roimh na deasghnátha deiridh agus ní miste deireadh a chur leis an gceiliúradh le hiomann cuí.

 

AN CEILIÚRADH LE LINN AIFRINN

 

Fáiltítear roimh na heasláin ag tús an Aifrinn tar éis an bheannaithe. Ceiliúrtar briathar Dé agus gnás an ungtha mar atá thuas.

AN LÓN SÍORAÍ

An sagart paróiste agus sagairt eile ar a bhfuil cúram spioradálta na n-easlán, ba cheart dóibh féachaint chuige go dícheallach go riartar corp agus fuil Chríost mar lón síoraí orthu siúd atá i mbaol báis. Ba cheart am feiliúnach a thoghadh chun ullmhúchán pastarálach a thabhairt don othar, dá mhuintir agus dóibh siúd atá ag tabhairt aire dó. Chuige sin ba cheart cuimhneamh ar na daoine féin atá i gceist agus ar na cúinsí.
Ní miste an lón síoraí a riaradh le linn Aifrinn ach cead a fháil ón easpag an eocairist a cheiliúradh chuige sin, nó lasmuigh den Aifreann, de réir na ngnásanna agus na bhforálacha seo thíos.
Iad sin nach bhfuil in ann an chomaoineach a ghlacadh faoi ghné an aráin, ní miste dóibh í a ghlacadh faoi ghné an fhíona amháin.
Mura gceiliúrtar an tAifreann i láthair an othair, ba cheart fuil Chríost a choinneáil i gcailís a mbeadh clúdach cuí uirthi agus í a chur sa taibearnacal tar éis an Aifrinn. Ba cheart an fhuil naofa a iompar chuig an othar i soitheach atá dúnta go dlúth sa chaoi nach mbeadh aon bhaol ann go ndóirtfí í. Ba cheart don sagart bealach cuí a thoghadh leis an gcomaoin-each a riar faoin dá ghné a d’fheilfeadh don chás áirithe a bheadh i gceist. Má tá cuid den fhuil fágtha tar éis na comaoineach, ba cheart don sagart í a ó1 agus an chailís a ghlanadh.
Ní miste do gach aon duine atá páirteach sa cheiliúradh an chomaoineach a ghlacadh faoin dá ghné.

AN LÓN SÍORAÍ Á RIAR LE LINN AIFRINN

Nuair a riartar an lón síoraí le linn Aifrinn, is féidir Aifreann na hEocairiste Rónaofa nó Aifreann an Lóin Anama a léamh (An Leabhar Aifrinn, lgh 339-40, 303). Caitheann an sagart éidí bána. Ar Dhomhnaigh na hAidbhinte, an Charghais agus na Cásca, ar shollúntais, Céadaoin an Luaithrigh, agus ar dhálaigh na Seachtaine Móire, léitear Aifreann an lae. Is féidir an bheannacht deiridh ar leith nó an ghnáthbheannacht ag deireadh an aifrinn a thabhairt.
Tógtar na léachtaí as an Leicseanair (V, lgh 272-5) nó astu siud a thugtar thíos, mura gceapann an sagart go mbeadh sé níos fearr don othar agus do na daoine eile atá i láthair léachtaí eile a thoghadh.
Nuair nach bhfuil cead Aifreann móideach a léamh, ní miste ceann amháin de na léachtaí a thoghadh astu siúd atá luaite thuas, ach amháin le linn Tréan na Cásca, Lá Nollag, ar an Eipeafáine, Déardaoin Deascabhála, Domhnach Cincíse, ar Fhéile Chorp Chríost agus ar shollúntas atá ina lá saoire fógartha.
Má tá gá leis, éisteann an sagart faoistin an othair sula léann sé an tAifreann.
Ceiliúrtar an tAifreann mar is gnáth. Ba cheart don sagart cuimhneamh ar na nithe seo leanas:
a) Más féidir é, ba cheart seanmóir ghearr a thabhairt tar éis an tsoiscéil ar an téacs naofa, ina míneofaí tábhacht agus brí an lóin shíoraí. Ba cheart cuimhneamh, áfach, ar an mbail atá ar an othar agus ar chúinsí na ndaoine eile atá i láthair.
b) Má tá an t-othar le admháil an chreidimh a athnuachan, ba cheart don sagart iarraidh air é sin a dhéanamh tar éis an tsoiscéil. Má dhéantar amhlaidh, ní deirtear an Chré.
c) Ní miste Guí an Phobail a chur i bhfeiliúint don cheiliúradh áirithe atá i gceist nó úsáid a bhaint as an gceann a thugtar thíos. Ní miste Guí an Phobail a fhágáil ar lár má tá an t-othar tar éis admháil an chreidimh a dhéanamh agus go bhfuil an baol ann go dtuirseofaí an iomarca é.
d) Ní miste don sagart agus dóibh siúd atá i láthair comhartha na síochána a thabhairt don othar ag an bpointe san Aifreann gur gnáth é sin a dhéanamh.
e) Ní miste don othar agus do na daoine eile atá i láthair an chomaoineach a ghlacadh faoin dá ghné. Nuair a riarann an sagart an chomaoineach ar an othar baineann sé feidhm as an bhfoirmle don lón síoraí.
f) Ní miste don sagart an bheannacht ar leith a thabhairt ag deireadh an Aifrinn agus an fhoirmle don lánlogha dóibh sin atá ag saothrú an bháis a chur léi.

AN LÓN SÍORAÍ Á RIAR LASMUIGH DEN AIFREANN

Ba cheart don sagart a fháil amach an dteastaíonn ón othar a fhaoistin a dhéanamh, agus sa chás go dteastaíonn, ba cheart dó a fhaoistin a éisteacht, más féidir é, sula riarann sé an lón síoraí air. Sa chás go ndéanann an t-othar a fhaoistin le linn an cheiliúrtha, ba cheart é sin a dhéanamh le linn na ngnásanna tosaigh. Nuair nach mar sin atá, nó go bhfuil daoine eile ann leis an gcomaoineach a ghlacadh, ba chóir gnás na haithrí a cheiliúradh.

DEASGHNÁTHA TOSAIGH

Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A
S. Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.

Nó:

B
S. Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).

Nó:

C
S. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
C. Agus leat féin.

Nó:

D

S. Grásta libh agus siochain ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
C. Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

Nó:

 

C. Agus leat féin.


Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo á rá aige:
S. Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trina ndearnadh rannpháirteach thú (sibh) i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.

Ansin labhraíonn an sagart leo sin atá i láthair sna focail seo nó i bhfocail atá ag teacht níos fearr leis an mbail atá ar an othar:
S. A chlann ionúin,
sular fhág ár dTiarna Íosa Críost an saol seo agus é ag filleadh ar a Athair, thug sé sacraimint seo a choirp agus a chuid fola dúinn. Is gealltanas ar ár n-aiséirí féin é an lón síoraí seo, corp agus fuil Chríost, atá ina údar misnigh agus nirt dúinn agus sinn ag fágáil an tsaoil seo chun dul chuig an Athair ar ár seal féin. Guímís mar sin ar son ár mbráthar (siúrach) agus sinn aontaithe leis (léi) i ngrá Chríost.

Éisteann an sagart faoistin an othair, más gá é sin. In am an riachtanais ní miste don othar faoistin ghinearálta a dhéanamh.
Nuair nach n-éistear faoistin an othair nó má tá daoine eile ann atá leis an gcomaoineach a ghlacadh, tugann an sagart cuireadh don othar agus dóibh sin ar fad atá i láthair páirt a ghlacadh i ndeasghnátha na haithrí:

S. A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

A
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:

C. Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom, le smaoineamh agus le briathar
le gníomh agus le faillí (buaileann siad a n-ucht)
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
Ar an ábhar sin,
impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Críochnaíonn an sagart:
S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

 

Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:

B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

S. Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithimidne do chách le grá duit féin. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo ‘tá ina charraig le cruas. A Chríost déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Ó bhun na croíche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas.
A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Nó:

C
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:

S. Déan trócaire orainn, a Thiarna.
C. Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

S. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
C. Agus tabhair dúinn do shlánú.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Nó:

D
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile mar aon leis an Kyrie:
S. Tug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn,

AN LOGHA

Tar éis na faoistine nó deasghnátha na haithrí ní miste don sagart an lánlogha dóibh sin atá ag saothrú an bháis a bhronnadh ar an othar:

A
S. Trí na cumhachta atá tugtha ag an bPápa dom tugaim duit lánlogha agus maithiúnas i do pheacaí go léir, in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
C. Amen.

Nó:

B
Trí pháis agus aiséirí Chríost go saora Dia uilechumhachtach thú ó gach uile phionós ar an saol abhus agus ar an saol thall. Go n-osclaí sé geataí na bhflaitheas duit agus go bhfáiltí romhat isteach in aoibhneas na beatha síoraí. Amen.

SLIOCHT AS AN mBÍOBLA

Tá sé an-fheiliúnach go léifeadh duine acu sin atá i láthair nó an sagart féin sliocht gearr as an mbíobla, mar shampla:

A
Eoin 6, 54-55 nó 6, 54-59
“An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola, tá an bheatha shíoraí aige, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.
Is bia go fíor mo chuid feola agus is deoch go fíor mo chuid fola, (An te a itheann mo chuid feola agus a ólann mo
chuid fola, cónaíonn sé ionamsa agus cónaímse ann.
Amhail mar a chuir an tAthair beo mise uaidh, agus mar is beo mise tríd an Athair, mar an gcéanna, an té a itheann mise, is beo é tríom.
Is é seo an t-arán a tháinig anuas ó neamh.
Ní hionann is an manna gur ith bhur n-aithreacha é agus go bhfuil siad marbh; an té a itheann an t-arán seo,
mairfidh sé go deo.”
Dúirt Íosa na nithe sin i gCafarnáum agus é ag teagasc sa tsionagóg).

B
Eoin 14, 6

Dúirt Íosa le Tomás:
“Is mise an tSlí, an Fhírinne agus an Bheatha. Ní thagann aon duine go dtí an tAthair ach tríomsa.”

C
Eoin 14, 23
Dúirt Íosa:
“Má bhíonn grá ag duine dom, coinneoidh sé mo bhriathar, agus beidh grá ag m’Athair dó, agus tiocfaimid chuige,
agus déanfaimid ár n-áras aige.”

Eoin 15, 4
Dúirt Íosa:
“Fanaigí ionamsa, agus mise ionaibh. Faoi mar nach féidir don ghéag toradh a thabhairt uaithi féin, mura bhfana sí san fhíniúin sin mar nach féidir daoibhse, mura bhfana sibh ionamsa.”

E
1 Coirintigh 11, 26
Gach uair a itheann sibh an t-arán seo, agus a ólann sibh as an gcailís seo, is é bás an Tiarna atá á fhógairt agaibh go dtí go dtaga sé.

Ní miste sleachta feiliúnacha eile a thoghadh astu sin a thugtar thíos. Má fheileann sé, ní miste don sagart gearrmhíniú a thabhairt ar an téacs.

ADMHÁIL CHREIDIMH AN BHAISTE

An admhál chreidimh a rinne an t-othar nuair a baisteadh é, níor mhiste dó í a athnuachan sula nglacann sé an lón síoraí. Labhraíonn an sagart cúpla focal mínithe i dtosach agus ansin cuireann sé na ceisteanna seo:

S. An gcreideann tú i nDia an tAthair uile-chumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún?
C. Creidim.

S. An gcreideann tú in Íosa Críost, a Aonmhacsan, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar ?
C. Creidim.

S. An gcreideann tú sa Spiorad Naomh, sa NaomhEaglais chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí?
C. Creidim.

Má tá an t-othar in ann dó, deirtear liodán gairid sna focail seo nó i bhfocail mar iad. Freagraíonn an t-othar, má tá sé in ann, agus na daoine eile atá i láthair:

S. A chlann ionúin, guímis chun an Tiarna Íosa d’aonchroí.
A Thiarna Íosa, ghráigh tú sinn go deireadh agus thug thú féin suas don bhás chun go mbeadh an bheatha againne. Guímid ar son ár mbráthar (siúrach). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Dúirt tú linn:
“An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola, tá an bheatha shíoraí aige.”
Guímid ar son ár mbráthar (siúrach). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Thug tú cuireadh dúinn chun an tséire sin nach mbaineann dólás ná pian, buairt ná scarúint leis. Guímid ar son ár mbráthar (siúrach). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

AN LÓN SÍORAÍ

Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá :
S. Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh.
Leanann cách ar aghaidh:
C. Ár nAthair ….
Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:
S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
C. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.
Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá :

S. Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraíonn an t-othar: Amen.

Deir an sagart láithreach nó tar éis dó an chomaoineach a riar:
S. Go gcumhdaí an Tiarna Íosa Críost thú agus go dtuga sé slán chun bheatha shíoraí thú.
Freagraionn an t-othar: Amen.

Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

 

DEASGHNÁTHA DEIRIDH

Deir an sagart an urnaí dheiridh:

A
S. Guímís.
A Athair, is é do Mhac, Íosa Críost, ár mbealach, ár bhfírinne agus ár mbeatha.
Cuireann ár mbráthair (siúr), A., é (í) féin faoi do choimirce le lánmhuinín as do gheallúintí. Déan é (í) a athnuachan le corp agus fuil do Mhic agus tabhair slán isteach i do ríocht é (í) faoi shíocháin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Urnaithe eile:

B
S. AThiarna, is tú údar na sláinte síoraí dóibh siúd a chreideann ionat.
Rinne tú ár mbráthair (siúr), A., a athnuachan le bia agus deoch ó na flaithis. Go dtaga sé (sí) slán chun ríocht an tsolais agus na beatha.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Nó:

C
S. A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) tar éis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh.
Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Ansin beannaíonn sé an t-othar agus iad siúd ar fad atá i láthair:

A
S. Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen.

Ní miste úsáid a bhaint as an mbeannacht nó an t-othar a bheannú le comhartha na croise a ghearradh os a chionn leis an bpioscas, má tá aon chuid den naomhshacraimint fágtha ann.

B

S. Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
C. Amen.

S. Go leigheasa Dia an Mac thú.
C. Amen.

S Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
C Amen.

S. Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slánaí sé d’anam.
C. Amen.

S. Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
C. Amen.

(Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen).

nó:

C

S. Críost ionat do do chumhdach.
C. Amen.

S. Críost romhat do do threorú. Críost i do dhiaidh do do neartú.
C. Amen.

S. Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen).

D

S. Beannacht Dé uilechumhachtaigh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, oraibh agus go bhfana libh go deo.
C. Amen.

COMHARTHA NA SÍOCHÁNA

Ní miste don sagart agus do na daoine eile atá i láthair comhartha na síochána a thabhairt don othar.

 

GNÁS NA SACRAIMINTÍ DON TÉ ATÁ AG SAOTHRÚ AN BHÁIS

GNÁS LEANÚNACH NA hAITHRÍ, AN UNGTHA AGUS AN LÓIN SHÍORAÍ

Ba cheart don sagart a fháil amach an dteastaíonn ón othar a fhaoistin a dhéanamh, agus má theastaíonn, ba cheart í a éisteacht sula gcuirtear an ola ar an othar agus sula riartar an lón síoraí air. Má éistear a fhaoistin i rith an cheiliúrtha, ba cheart é sin a dhéanamh roimh an ungadh. Mura n-éistear í, ba cheart ghnás na haithrí a cheiliúradh.
Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis, ba cheart an ola a chur air le haon ungadh amháin agus an lón síoraí a riar air láithreach. Nuair is mó fós an baol ba cheart riail uimh. 30 a leanúint agus an lón síoraí a riar air láithreach gan an ola a chur air sa chaoi go mbeidh corp Chríost, gealltanas an aiséirí á neartú agus é ag imeacht as an saol seo. Tá sé de dhualgas ar na fíréin atá ag saothrú an bháis an chomaoineach naofa a ghlacadh.
Más féidir é, níor cheart an cóneartú i mbaol an bháis agus ungadh na n-easlán a chomóradh san aon ghnás leanúnach amháin, le heagla go mbeadh míthuiscint ann faoin dá shacraimint i ngeall ar an dá ungadh. Más gá é, áfach, ceiliúrtar an cóneartú díreach sula mbeannaítear ola na n-easlán agus ní leagtar lámha ar an othar le linn gnás an Ungtha.

 

DEASGHNÁTHA TOSAIGH

Caitheann an sagart na héidí cuí. Téann sé suas go dtí an t-othar agus beannaíonn go muinteartha dósan agus do na daoine eile atá i láthair. Ní miste dó an beannú seo a úsáid:

A

S. Go raibh síocháin sa teach seo agus ag a gcónaíonn ann.

nó:

B

S. Go raibh síocháin an Tiarna leat (libh).

C

S. Grásta ár dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
C. Agus leat féin.

nó:

D

S. Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
C. Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

nó:

C. Agus leat féin.

Ansin leagann sé an naomhshacraimint ar an mbord, agus adhrann cách í.
Nuair is féidir é, ní miste don sagart uisce coisricthe a chroitheadh ar an othar agus ar an seomra, agus na focail seo nó focail atá le fáil i ríotas ar leith á rá aige:

S. Go gcuire an t-uisce seo i gcuimhne duit (daoibh) an baisteadh trína ndearnadh rannpháirteach thú (sibh) i bpáis agus in aiséirí Chríost a shlánaigh sinn.
Más gá é, labhraíonn an sagart go muinteartha leis an othar agus ullmhaíonn é chun na sacraimintí a cheiliúradh. Má tá sé feiliúnach, ní miste dó sliocht gearr as an soiscéal a léamh a spreagfadh an t-othar chun aithrí a dhéanamh agus chun grá a thabhairt do Dia. Nó ní miste dó an t-othar a theagasc sna focail seo nó i bhfocail a réiteodh níos fearr leis an mbail atá ar an othar:

S. A chlann ionúin,
tá ár dTiarna Íosa Críost in éineacht linn i gcónaí. Déanann sé beatha a phobail a athnuachan trí ghrásta na sacraimintí; tugann sé cumhacht do na sagairt a bpeacaí a mhaitheamh dóibh sin a dhéanann aithrí; agus tugann sé sólás do na heasláin tríd an ungadh naofa. Dóibh sin atá ag súil lena theacht athuair, tugann sé a chorp agus a chuid fola mar lón síoraí chun dóchas na beatha síoraí a neartú iontu. Dá bhrí sin, guímis le barr grá ar son ár mbráthar (siúrach) ar a mbronnfaimid na trí shacraimint seo.

AN AITHRÍ

Éisteann an sagart faoistin an othair, más gá é sin. In am an riachtanais, ní miste í a bheith ina faoistin ghinearálta.
Nuair nach n-éistear faoistin an othair nó go bhfuil daoine eile ann atá leis an gcomaoineach a ghlacadh, tugann an sagart cuireadh don othar agus dóibh sin ar fad atá i láthair páirt a ghlacadh i ndeasghnátha na haithrí:

S. A bhraithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

A
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir siad:
C. Admhaím do Dhia uilechumhachtach agus daoibhse, a bhráithre,
gur pheacaigh mé go trom le smaoineamh agus le briathar
le gníomh agus le faillí
buaileann siad a n-ucht
trí mo choir féin, trí mo choir féin, trí mo mhórchoir féin.
AR an ábhar sin, impím ar NaomhMhuire síorÓgh, ar na haingil agus ar na naoimh,
agus oraibhse, a bhráithre, guí ar mo shon chun an Tiarna Dia.

Críochnaíonn an sagart:
S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Leaganacha eile de dheasghnátha na haithrí:

B
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
S. Maith dúinn i dtráth fad táimid sa saol, mar mhaithimidne do chách le grá duit féin. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Lig braon ó do NaomhSpiorad beannaithe anuas a scaoilfidh an croí seo ‘tá ina charraig le cruas. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Ó bhun na croíche glaoimid suas; A Íosa, a Thiarna, claon anuas.
A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

nó:

C

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
S. Déan trócaire orainn, a Thiarna.
C. Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

S. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
C. Agus tabhair dúinn do shlánú.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

nó:

D
Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile maraon leis an Kyrie:
S. Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

AN LOGHA

Tar éis na faoistine nó deasghnátha na haithrí ní miste don sagart an lánlogha dóibh sin atá ag saothrú an bháis a bhronnadh ar an othar:

A
S. Trí na cumhachta atá tugtha ag an bPápa dom tugaim duit lánlogha agus maithiúnas i do pheacaí go léir, in ainm an Athar agus an Mhic agus an Spioraid Naoimh.
C. Amen.

nó:

B
S. Trí pháis agus aiséirí Chríost go saora Dia uilechumhachtach thú ó gach uile phionós ar an saol abhus agus ar an saol thall.
Go n-osclaí sé geataí na bhflaitheas duit agus go bhfáiltí romhat isteach in aoibhneas na beatha síoraí.
C. Amen.

ADMHÁIL CHREIDIMH AN BHAISTE

Má tá an t-othar in ann dó, déantar admháil chreidimh an bhaiste agus deirtear liodán gearr, agus freagraíonn an t-othar, má tá sé in ann, agus na daoine eile atá i láthair.
Labhraíonn an sagart cúpla focal mínithe i dtosach agus ansin cuireann sé na ceisteanna seo:

S. An gcreideann tú i nDia an tAthair uilechumhachtach, cruthaitheoir neimhe agus talún?
C. Creidim.

S. An gcreideann tú in Íosa Críost, a Aonmhacsan, ár dTiarna, a rugadh ó Mhuire Ógh, a céasadh, a fuair bás agus a adhlacadh, a d’éirigh ó mhairbh, agus atá anois ina shuí ar dheis an Athar ?
C. Creidim.

S. An gcreideann tú sa Spiorad Naomh, sa NaomhEaglais chaitliceach, i gcomaoin na naomh, i maithiúnas na bpeacaí, in aiséirí na colainne agus sa bheatha shíoraí ?
C. Creidim.

AN LIODÁN

Ní miste na foirmlí seo leanas a athrú chun friotal níos fearr a chur ar achainí an othair agus na ndaoine atá i láthair.
S. A chlann ionúin, guímis ar son ár mbráthar (siúrach), A., go neartaí an Tiarna é (í) lena shacraimintí. A Dhia ár nAthair, féach ar ár mbráthair (siúr) agus feicfidh tú faoina c(h)ló do Mhac agus é ag fulaingt. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair aire dó (di) i gcónaí chun go mbeidh do ghrá ina ábhar sóláis dó (di). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Bronn air (uirthi) do shíocháin is do neart. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Má cheiliúrtar sacraimint an chóneartaithe sa ghnás leanúnach céanna seo, leanann an sagart air mar atá leagtha síos ag deireadh an chaibidil. Sa chás sin ni leagtar na lámha ar an other ach beannaíonn an sagart an ola, más gá sin, agus cuireann ar an othar í.

SACRAIMINT AN UNGTHA

Leagann an sagart a lámha ar cheann an othair gan dada a rá. Nuair a chaithfidh an sagart an ola a bheannú, deir sé :

A
S. Beannaigh an ola seo, a Thiarna, agus beannaigh ár mbráthair (siúr) atá breoite ar a gcuirfimid í.

LEAGANACHA EILE :

B
S. Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
C. Moladh go deo le Dia.

S. A Thiarna Dia,
éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo atá ceaptha le bheith ina híocshláinte do do mhuintir.
Iad sin a nguímid le barr creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go bhfaighe siad leigheas ina n-easláintí go léir. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

C
S. Guímis.
A Thiarna Dia, a Athair na n-uile shólás, chuir tú do Mhac, Íosa Críost, ar an saol seo chun na heasláin a leigheas.
Éist leis an urnaí a dhéanaimid le barr creidimh agus cuir an Spiorad Naomh, an Sólásaí, anuas ar an ola seo.
Is í toradh chrann na holóige í agus chuir tú ar fáil dúinn í chun ár gcorp a leigheas.
Cuir do bheannacht ar gach aon duine ar a gcuirtear an ola seo.
Saor iad ón tinneas agus ón bpian agus tabhair dóibh sláinte choirp, intinne agus anama.
Beannaigh an ola seo dúinn, a Thiarna, in ainm Íosa Críost, do Mhac, a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
Amen.

URNAÍ BHUÍOCHAIS

Má tá an ola beannaithe cheana féin, ní miste don sagart an urnaí bhuíochais a rá os a cionn:
S. Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. Chuir tú do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slanaithe.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí a leigheas.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
C. Moladh go deo le Dia.

S. A Thiarna Dia,
le barr creidimh cuirfear an ola naofa seo ar do shearbhónta.
Tabhair faoiseamh dó (di) ina p(h)ianta agus neartaigh é (í) ina lagar.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

AN tUNGADH

Tógann an sagart an ola ansin agus cuireann í ar chlár éadain agus ar lámha an othair, á rá aon uair amháin:
S. Tríd an ungadh naofa seo agus trína mhórghrá féin duit go gcuidí an Tiarna leat le grásta an Spioraid Naoimh.
C. Amen.

S. An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
C. Amen.

AN PHAIDIR

Leis na focail seo nó le focail mar iad iarrann an sagart ar a bhfuil i láthair an Phaidir a rá:
S. Guímis chun an Athar faoi mar a mhúin ár Slánaitheoir dúinn a dhéanamh. Leanann cách ar aghaidh:
C. Ár nAthair ….

AN LÓN SÍORAÍ

Taispeánann an sagart an naomhshacraimint dá bhfuil i láthair, á rá:
S. Seo é Uan Dé, seo é an té a thógann peacaí an domhain.
Is méanar dóibh siúd a fuair cuireadh chun séire an Uain.
Deir an t-othar agus iad sin ar fad atá le comaoineach a ghlacadh:
A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon, ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam.

Téann an sagart chuig an othar agus ardaíonn an naomhshacraimint os a chomhair, á rá:
S. Corp Chríost (nó: Fuil Chríost).
Freagraionn an t-othar: Amen.

Deir an sagart láithreach nó taréis dó an chomaoineach a riar:
S. Go gcumhdaí an Tiarna Íosa Críost thú agus go dtuga slán thú isteach sa bheatha shíoraí. Freagraíonn an t-othar: Amen.

Ansin glacann an chuid eile an chomaoineach mar is gnáth.
I ndiaidh na comaoineach glanann an sagart an t-árthach mar is gnáth. Níor mhiste do chách tamall a chaitheamh ina dtost.

DEASGHNÁTHA DEIRIDH

Deir an sagart an urnaí dheiridh:

A
S. Guímis.
A Athair, is é do Mhac, Íosa Críost, ár mbealach, ár bhfírinne agus ár mbeatha. Cuireann ár mbráthair (siúr), A., é (í) féin faoi do choimirce le lánmhuinín as do ghealltanais. Déan é (í) a athnuachan le corp agus fuil do Mhic agus tabhair slán isteach I do ríocht é (í) faoi shíocháin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

URNAITHE EILE

B
S. A Thiarna,
is tú údar na sláinte síoraí dóibh siúd a chreideann ionat.
Rinne tú ár mbráthair (siúr), A., a athnuachan le bia agus deoch ó na flaithis. Go dtaga sé (sí) slán chun ríocht an tsolais agus na beatha.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

nó:

C
S. A Thiarna, a Athair naofa, a Dhia uilechumhachtaigh shíoraí,
tá ár mbráthair (siúr) taréis corp (agus fuil) Chríost a ghlacadh.
Go mba údar leighis bhuain dá (h)anam is dá c(h)orp é sin.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

AN BHEANNACHT

Ansin beannaíonn sé an t-othar agus iad siúd ar fad atá i láthair:
S. Go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen.

Ní miste na foirmlí seo a úsáid:
B
S. Go mbeannaí Dia an tAthair thú.
C. Amen.

S. Go leigheasa Dia an Mac thú.
C. Amen.

S. Go soilsí an Spiorad Naomh thú.
C. Amen.

S. Go gcumhdaí Dia do chorp agus go slánaí sé d’anam.
C. Amen.

S. Go lonraí sé ar do chroí agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí thú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen).

nó:

C
S. Críost ionat do do chumhdach.
C. Amen.

S. Críost romhat do do threorú. Críost i do dhiaidh do do neartú.
C. Amen.

S. Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen).

COMHARTHA NA SÍOCHÁNA

Ní miste don sagart agus do na daoine eile atá i láthair comhartha na síochána a thabhairt don othar.

GNÁS AN UNGTHA GAN LÓN SÍORAÍ

Má tá an ola le cur ar othar atá i mbéal báis gan an lón síoraí a riar air, úsáidtear an gnás a thugtar thuas agus é athraithe mar seo:

a) Athraítear an teagasc tosaigh mar seo leanas:

S. A chlann ionúin,
dúirt ár dTiarna Íosa Críost linn trí Sheamas aspal: “Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”
Cuirimis ár mbráthair (siúr) faoi choimirce ghrásta agus chumhacht Chríost chun go bhfaighidh sé (sí) faoiseamh agus slánú.

b) Taréis an ungtha deir an sagart urnaí a d’f heilfeadh don bhail atá ar an othar :

A
I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
S. Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bharr na seanaoise.
Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó (di) chun é (í) a neartú sa chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách méid do ghrá dúinn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

B
Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis :
S. A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenar lagar agus d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é(í) agus tabhair cothú anama agus coirp dó (di). Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

C
Don té atá ar an dé deiridh:
S. A Athair róchineálta,
is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá agus ní dhiúltaíonn tú maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí. Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh. Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

UNGADH FAOI CHOINNÍOLL

Má tá amhras ar an sagart an bhfuil an t-othar beo fós, ní miste dó é a ungadh mar seo a leanas: Téann sé chuig an othar agus, má tá an t-am ann chuige, deir:
S. Guímis le barr creidimh ar son ár mbráthar (siúrach), A. Go dtaga Tiarna na trócaire chuige (chuici) agus go ndéana a neart a athnuachan trí bhrí an ungtha naofa seo. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

Cuireann sé an ola air (uirthi) láithreach, á rá:
S. Má tá tú beo, tríd an ungadh naofa seo agus trína chaointrócaire féin go gcuidí an Tiarna leat le grásta an Spioraid Naoimh.
C. Amen.

S. An Tiarna a shaor ó do pheacaí thú, go leigheasa agus go slánaí sé thú.
C. Amen.
Ní miste don sagart paidir a rá ansin a d’fheilfeadh don bhail atá ar an othar:

A
Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis:
S. A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus d’iompar tú ár bpianta i do pháis. Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach), A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slánófar é (í) agus tabhair cothú anama agus coirp dó (di). Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

B
Don té atá ar an dé deiridh:
S. A Athair róchineálta,
is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá go léir agus ní dhiultaíonn tú maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

AN CÓNEARTÚ A BHRONNADH AR DHUINE ATÁ I mBAOL AN BHÁIS

Nuair is féidir é, baintear feidhm as an ngnás go léir mar atá sé le fáil i nGnás an Chóneartaithe. In am an ghéar-riachtanais, áfach, is mar seo leanas atá an gnás:
Leagann an sagart a lámha ar an othar, á rá:

S. A Dhia uilechumhachtaigh, Athair ár dTiarna Íosa Críost, shaor tú do chlann anseo ón bpeaca le huisce agus leis an Spiorad Naomh agus bhronn tú beatha nua orthu.
Tabhair dóibh an Spiorad Naomh, a Thiarna, mar Threoraí agus mar Shólásaí.
Tabhair dóibh spiorad na heagna agus na tuisceana, spiorad an bhreithiúnais agus an nirt, spiorad an eolais agus an ghrá, spiorad na hurraime duit féin. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Tumann sé ordóg na láimhe deise sa chriosma agus gearrann fíor na croise ar chlár éadain an té atá le cóneartu, á rá:
A A., séalaím thú le bronntanas an Spioraid Naoimh.
Freagraíonn an té atá taréis a chóneartaithe, más féidir leis: Amen.

Ní miste míreanna eile de na gnásanna tosaigh agus deiridh a chur leis sin de réir mar a oireann.
I gcas an ghéar-riachtanais, is leor go ndéanfaí an t-ungadh le foirmle na sacraiminte:
A A., séalaím thú le bronntanas an Spioraid Naoimh.

 

DUINE ATÁ AG FÁIL BHÁIS A CHUR FAOI CHOIMIRCE DÉ

Is den charthanacht é go léireodh Críostaithe a gcomhbhá lena mbráthair nó lena siúr atá ag fáil bháis agus go nguífidís in éineacht leis (lei) chun Dé go ndéanfadh sé trócaire air (uirthi) agus go dtabhar-fadh sé dó (di) muinín a bheith aige (aici) as Críost.
Tugtar sa chaibidil seo urnaithe, liodáin, comhghártha, sailm agus sleachta as an mbíobla ina gcuirtear anam an duine atá ag fáil bháis faoi choimirce Dé. Má tá a mheabhair fós ag an duine atá ag fáil bháis, cabhróidh siadsan leis aithris a dhéanamh ar Chríost agus an lámh in uachtar a fháil ar an imní faoin mbás is dual don duine. Cabhróidh siad leis freisin glacadh leis an bhfulaingt agus leis an mbás le lándóchas sa bheatha neamhaí agus san aiséirí, mar scrios Críost ár mbásna lena bhás féin. Fiú má tá an duine atá ag fáil bháis gan aithne gan urlabhra, tabharfaidh na paidreacha seo sólás dóibh sin atá i láthair agus cabhróidh siad leo tuiscint fháil ar an mbrí atá le bás an Chríostaí i rúndiamhair na cásca. Ní miste é sin a léiriú ar bhealach sofheicthe trí fhíor na croise a ghearradh ar chlár éadain an duine atá ag fail bháis, ar gearradh fíor na croise céanna air den chéad uair nuair a baisteadh é.
Ní miste urnaithe agus léachtaí a roghnú gan bhac astu seo a leanas, agus ní miste cinn eile a chur leo de réir mar is gá. Ba cheart iad a bheith ag feiliúint I gcónaí do bhail anama agus coirp an easláin agus ag feiliúint do na daoine atá i láthair. Ba cheart iad a rá de ghlór íseal mall le tost eatarthu. Go minic d’f heilfeadh sé ceann nó tuilleadh de na foirmlí gearra seo a rá in éineacht leis an othar agus, más gá, níor mhiste iad a athrá go híseal faoi dhó nó faoi thrí.
Díreach taréis bhás an othair, ní miste do chách dul ar a nglúine fad a deir duine acu sin atá i láthair nó sagart nó déagánach, má tá sé ann, an urnaí. Tá sé de dhualgas ar shagairt agus ar dhéagánaigh oiread cabhrach agus is féidir leo a thabhairt don té atá ag saothrú an bháis agus dá ghaolta, agus urnaithe na coimirce agus an urnaí taréis báis a rá. Is léiriú soiléir é, iad a bheith i láthair, cén bhrí atá ag bás an Chríostaí i gcomhaontacht leis an Eaglais. Nuair nach féidir leis an sagart nó an déagánach bheith i láthair i ngeall ar thromchúraimí pastaralacha eile, ba cheart dó a rá leis na tuataigh atá ag tabhairt aire don duine atá ag fáil bháis na paidreacha atá sa chaibidil seo nó paidreacha eile a rá. Ba cheart dó féachaint chuige ansin go gcuirfí téacs na bpaidreacha agus na léachtaí seo ar fáil dóibh.

TÉACSANNA GEARRA

Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn ? (Rómh 8, 35)

Cibé acu beo nó marbh dúinn, is leis an Tiarna sinn. (Rómh 14, 8)

Tá teach cónaithe síoraí againn ar neamh. (2 Cor 5,1)

Beimid i dteanna an Tiarna go deo. (1 Teas. 4, 17)

Feicimid Dia mar atá sé. (1 Eoin 3, 2)

Aistríodh ón mbás go beatha sinn mar go dtugaimid grá do na bráithre. (1 Eoin 3, 14)

Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna. (Salm 24,1)

Is é an Tiarna mo sholas is mo shlánú. (Salm 36, 1)

Creidim go bhfeicfidh mé maitheas an Tiarna i dtír na mbeo. (Salm 26, 13)

Tá cíocras chun Dé bhithbheo ar m’anam. (Salm 41,3)

Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc, agus tú faram. (Salm 22, 4)

Tagaigí, a lucht bheannaithe m’Athar, glacaigí mar oidhreacht an ríocht a ullmhaíodh daoibh. (Matha 25, 34)

Deirim leat go fírinneach, beidh tú in éineacht liom inniu i bparthas, a deir an Tiarna Íosa. (Lúc 23, 43)

Is iomaí áras i dteach m’Athar, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 14, 2)

Táim ag dul ag cur áite i gcóir daoibh, agus tógfaidh mé sibh chugam féin, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 14, 2-3)

Is mian liom, an áit ina bhfuilimse, iadsan a bheith ann mar aon liom, a deir an Tiarna Íosa. (Eoin 17,24)

Gach duine a chreideann sa Mhac, beidh an bheatha shíoraí aige. (Eoin 6, 40)

Do do láimhse, a Thiarna, a thiomnaim m’anam. (Salm 30, 6a)

A Thiarna Íosa, glac chugat mo spiorad. (Gníomh. 7, .59)

A NaomhMhuire, a Mháthair Dé, guigh orm.
A Naomh Iósaef, guigh orm.
A Íosa, a Mhuire agus a Íósaef, bígí ag cuidiú liom ar uair mo bháis.

LÉACHTAÍ AS AN mBÍOBLA

Ní miste cuid de na léachtaí a roghnú astu sin a thugtar I gcaibidil 6 nó astu seo:

Léachtaí as an Seantiomna:

Íseáia 35, 3-4. 6c-7;

Iób 19, 23-27a.

Sailm: 22; 24, 1. 4b-ll; 90; 113, 1-8; 114, 3-5; 120, 1-4; 122.

Léachtaí as an Tiomna Nua:

1 Coraintigh 15, 1-4;

1 Eoin 4,16;

Apacailipsis 21, l-5a. 6-7.

Soiscéil:

Matha 25, 1-13;

Marcas 15, 33-37;

Marcas 16, 1-8;

Lúcás 22, 39-46;

Lúcás 23, 42-43;

Lúcás 24, 1-8;

Eoin 6, 37-40;

Eoin 14, 1-6. 23. 27.

Mura bhfuil an duine atá ag fáil bháis in ann chuig urnaithe fada, moltar (ach aird a choinneáil ar na cúinsí ar leith) go nguífeadh na daoine atá i láthair ar a shon trí liodán na naomh, nó cuid de, a rá leis an bhfreagra “guigh air (uirthi).” Ní miste naomhéarlamh nó naomhéarlaimh an duine féin nó a mhuintire a lua go háirithe. Ní miste dóibh roinnt paidreacha gnácha eile a rá freisin. Nuair is léir nach fada uaidh an bás, ní miste do dhuine acu sin atá i láthair cuid de na paidreacha seo a leanas a rá, óir réitíonn siad leis an aigne is dual don Chríostaí i bhfianaise an bháis:

URNAITHE

Gluais, a anam Chríostaí amach as an saol seo in ainm Dé, an tAthair uilechumhachtach a chruthaigh thú, in ainm Íosa Críost, Mac Dé bheo, a d’fhulaing ar do shon, in ainm an Spioraid Naoimh lenar líonadh thú. Ar láthair na síochána go raibh tú inniu, agus i Síón naofa in éineacht le Dia go raibh do chónaí in éineacht leis an Maighdean Muire Máthair Dé, le Iósaef naofa agus le hAingil agus le Naoimh uile Dé.

A bhráthair (shiúr) dhílis,
cuirim thú faoi choimirce Dé a chruthaigh thú, ionas go bhfillfidh tú chun an Té úd a rinne thú as cré na talún.
Ag fágáil an tsaoil seo duit go dtaga Muire Máthair, na hAingil, is na Naoimh go léir i do dháil.
Críost a céasadh ar do shon, go saora sé thú. Críost a fuair bás ar do shon, go saora sé thú.
Go socraí Críost, Mac Dé bheo, i bpárthas thú.
Go nglaca an tAoire maith úd thú i measc a chaorach féin.
Go maithe sé do pheacaí go léir duit agus go mbronna sé ionad i measc na bhfiréan ort.
Go bhfeice tú do Shlánaitheoir ansiúd aghaidh ar aghaidh agus go raibh radharc Dé mar ghairdeas agat trí shaol na saol Amen.
Glac le do sheirbhíseach, a Thiarna, isteach in ionad an tslánaithe a bhfuil sé (sí) ag súil leis.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, ó gach uile phian.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Naoi ón díle.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Abraham óna naimhde.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Iób óna phianta.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Maois ó láimh Fáró.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Dainéal ó phluais na leon.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú an triúr ógánach ó lasracha na tine agus ó láimh an rí éagóraigh.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Súsanna ó na finnéithe bréige.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Dáibhí ó ionsaithe Sól agus Goliat.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, mar a shaor tú Peadar agus Pól ón bpríosún.
C. Amen.

S. Saor do sheirbhíseach, a Thiarna, trínár Slánaitheoir, Íosa Críost, a d’f hulaing an bás ar ár son agus a bhronn orainn an bheatha shíoraí.
C. Amen.

A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an domhain, cuirimid do sheirbhíseach, A., faoi do choimirce agus guímid ar a s(h)on.
Le barr trócaire tháinig tú ar an domhan ar a s(h)on: glac leis (lei) anois isteach in aoibhneas do ríochta.
Bíodh gur pheacaigh sé (sí), níor shéan sé (sí) riamh an tAthair, an Mac ná an Spiorad Naomh, ach chreid sé (sí) i gcónaí agus rinne sé (sí) Dia an Cruthaitheoir a adhradh go dílis.

Ní miste an loinneog seo a chanadh nó a rá:
Go mbeannaítear duit, a Bhanríon bheannaithe, a Mháthair na trócaire,
ár mbeatha, ár milseacht is ár ndóchas, go mbeannaítear duit.
Is ortsa a ghlaoimid, clann bhocht dhíbeartha Éabha;
is chugat a chuirimid suas ár n-osnaí
ag géarghol is ag caoineadh i ngleann seo na ndeor.
Ar an ábhar sin, ós tú ár n-abhcóide,
iompaigh orainn do shúile atá lán de thrua, agus, tar éis ár ndeoraíochta, taispeáin dúinn Íosa, toradh beannaithe do bhroinne, a Mhaighdean Mhuire cheansa, ghrámhar, mhilis.

Ba cheart é seo a rá díreach taréis an bháis:
S. A naomha Dé, bígí mar chúnamh aige (aici), a aingle an Tiarna, tagaigí ag fáiltiú roimhe (roimpi).
C. Tógaigí suas a (h)anam agus tugaigí i bhfianaise an Té is airde é (í).

S. Ó ghlaoigh Críost ort, go nglaca sé thú chuige féin agus go dtreoraí na haingil thú isteach in ucht Abraham.
C. Tógaigí suas ….

S. Suaimhneas síoraí tabhair dó (di), a Thiarna, agus go lonraí an solas suthain air (uirthi).
C. Tugaigí a (h)anam i bhfianaise an Té is airde.

S. Guímis.
Tiomnaímid duit, a Thiarna, ár mbráthair (siúr), A.
Ó tá sé (sí) taréis an saol seo a f hágáil go raibh sé (sí) beo de shíor i do láthair.
Le barr trócaire agus grá maith dó (di) aon pheacaí a rinne sé (sí) trí laige an nadúir dhaonna. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Ní miste téacs eile as deasghnátha na marbh a úsáid.

 

TÉACSANNA LE hAGHAIDH GNÁSANNA NA NEASLÁN

1. LÉACHTAÍ AS AN mBÍOBLA

Ní miste na léachtaí seo a úsáid in Aifrinn ar son na n-easlán, nó nuair a f hiosraítear na heasláin, nó nuair a cheiliúrtar ungadh easláin amháin nó a lán easlán le chéile, nó fiú nuair a ghuítear ar son na n-easlán, bíodh siadsan i láthair nó ná bíodh. Ba cheart léachtaí a thoghadh de réir na gcúinsí pastaralacha agus ba cheart an bhail choirp agus anama atá ar na heasláin ar dóibh a thoghtar na léachtaí a chur san áireamh i gcónaí. Nuair atá léachtaí áirithe feiliúnach ar bhealach ar leith dóibh sin atá ag saothrú an bháis, cuirtear é sin in iúl.

LÉACHTAÍ AS AN SEANTIOMNA

1 Rithe 19, 1-8: Tugann an Tiarna neart agus misneach d’Éilias a bhí tuirseach tar éis an turais.

Iób 3, 1-3. 11-17. 20-23: Cad chuige a dtugtar an sólás don té atá faoi bhuairt ?

Iób 7, 1-4. 6-11: Cuimhnigh nach bhfuil i mo bheatha ach puth anála.

Iób 7, 12-21: Cad é an duine chun go ndéanfá a mhór de ? (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Iób 19, 23-27a: Is eol dom go maireann mo Chosantóir beo.

Eag 9, 9-11. 13-18: Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an Eagna dó ?

Ís 35, 1-10: Déanaigí láidir na lámha atá faonlag.

Is 52, 13-53, 12: Ár mbreoiteachtaí a bhí sé a iompar.

Is 61, l-3a: Tá spiorad an Tiarna Dia orm chun sólás a thabhairt do lucht an dobróin.

LÉACHTAÍ AS AN TIOMNA NUA

Gníomh 3,1-10: In ainm Íosa éirigh agus siúil.

Gníomh 3, 11-16: Creideamh sa té a thóg Dia ó mhairbh is ea a thug sláinte iomlán don fhear seo.

Gníomh 4, 8-12: Níl ainm ar bith eile faoi neamh lenar éigean sinn a shlánú.

Gníomh 13, 32-39: An té ar thóg Dia ó na mairbh é, ní fheicfidh sé truailliú.

Rómh 8, 14-17: Má táimid páirteach leis ina pháis abhus, béimid páirteach ina ghlóir ar ball.

Rómh 8, 18-27: Táimid ag feitheamh le go mbeidh ár gcorp fuascailte.

Rómh 8, 31b-35. 37-39: Cé a scarfaidh ó ghrá Chríost sinn ?

1 Cor 1, 18-25: Is treise laige Dé ná laidreacht daoine.

1 Cor 12, 12-22. 24b-27: Má bhíonn tinneas ar bhall amháin, bíonn na baill go léir i gcomhphian leis. (Dóibh sin atá ag saothrú ar bháis).

1 Cor 15, 12-20: Más fíor nach bhfuil aiséirí na marbh ann, níl Críost aiséirithe ach oiread.

2 Cor 4, 16-18: Tá ár nadúr inmheánach a athnuachan in aghaidh an lae. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

2 Cor 5,1.6-10: Tá teach cónaithe síoraí againn ar neamh.

Gal 4, 12-19: Breoiteacht choirp faoi deara dom an soiscéal a fhógairt daoibh.

Fil2, 25-30: Is é a bhí breoite go deimhin, ach rinne Dia trócaire air.

Col 1, 22-29: Cibé easnamh a bhí ar thrioblóidí Chríost tá siad á líonadh agam ar mo sheal féin i mo cholainn ar son a choirp, an Eaglais.

Eabh 4, 14-16: An t-ardsagart seo againne, ní duine é nach dtuigeann dár lagar.

Séam 5, 13-16: Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar.

1 Pead 1, 3-9: Is ann atá údar lúcháire agaibh, fiú más dobrónach sibh ar feadh tamaill.

1 Eo 3,1-2: Níor foilsíodh fós cé mar a bheimid.

Apac 21, 1-7: Ní bheidh an bás ann feasta, ná ní bheidh caoineadh ná olagón ná saothar. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Apac 22, 17. 20-21: Tar, a Thiarna Íosa.

 

SAILM LOINNEOGACHA

 

Sm 6, 2-4a. 4b-6. 9-10.

Fr. (3a): Déan trócaire orm, a Thiarna, óir is lagbhríoch mé.

Sm 24, 4bc-5ab. 6-7bc. 8-9. 10 and 14. 15-16.

Fr. (1b): Is chugat a thógaim m’anam, a Thiarna.

Sm 26, 1. 4. 5. 7-8a. 8b-9ab. 9cd-10.

Fr. (14): Fan leis an Tiarna go meanmnach; bíodh misneach i do chroí.

Sm 33, 2-3. 4-5. 6-7. 10-11. 12-13. 17 agus 19.

Fr. (19a): Bíonn an Tiarna i ngar don duine coscartha.

(9a): Blaisigí go bhfeice sibh a fheabhas atá an Tiarna.

Sm 41, 3. 5bcd; Sm 42, 3. 4.

Fr. (sm 41, 2): Faoi mar a shantaíonn an eilit na sruthanna uisce, is amhlaidh a shantaíonn m’anam thusa, a Dhia.

Sm 62, 2-3. 4-6. 7-9.

Fr. (2b): Tá íota tarta ar m’anam chugat, a Dhia liom.

Sm 70, 1-2. 5-6ab. 8-9. 14-15ab.

Fr. (12b): Déan deifir, a Dhia, agus cabhraigh liom.

Déanfaidh mo bheola lúcháir mar aon le m’anam atá slánaithe
agat.

Sm 85, 1-2. 3-4. 5-6. 11. 12-13. 15-16ab.

Fr. (la): Claon do chluas, a Thiarna, agus éist liom.

: A Thiarna Dia na trua agus na taise, féach orm agus bíodh trua agat dom.

Sm 89, 2. 3-4. 5-6. 9-10ab. lOcd & 12. 14 & 16.

Fr. (1): A Thiarna, is tú ba thearmann dúinn, ár ndídean ó ghlúin go glúin.

Sm 101, 2-3. 24-25. 26-28. 19-21.

Fr. (2): A Thiarna, éist le mo ghuí agus go dtaga mo ghlór chugat.

Sm 102, 1-2. 3-4. 11-12. 13-14. 15-16. 17-18.

Fr. (l a): Gabh buíochas leis an Tiarna, a anam liom.

Is grámhar trócaireach é an Tiarna, foighneach agus lán de ‘cheansacht.

Sm 122, l-2a. 2bcd.

Fr. (2) Faireann ár súile an Tiarna go ndéana sé trócaire orainn.

Sm 142, 1-2. 5-6. 10.

Fr. (la): Éist le m’urnaí, a Thiarna.

Cosain mo bheatha as ucht d’ainm, a Thiarna.

ALLELUIA AGUS VÉARSA ROIMH AN SOISCÉAL

Sm32, 22: Go dtaga do ghrá orainn, a Thiarna de réir an dóchais a chuirimid ionat.

Mth 5, 4: Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad.

Mth 8, 17: Thóg Críost ár n-éagruais agus d’iompair sé ualach ár ngalar.

Mth 11, 28: Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar agus tromualach oraibh agus bhéarfaidh mé faoiseamh daoibh, a deir an Tiarna.

2 Cor 1, 3b-4a: Moladh le hAthair na trócaire agus le Dia an tsóláis uile: is é a thugann sólás dúinn inár gcuid trioblóidí go léir.

Eif l, 3: Moladh le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, a bhronn orainn, i bpáirt le Críost, gach tabhartas spioradálta.

Séam 1, 12: Is aoibhinn don té a sheasann an fód in aghaidh an chathaithe, mar, nuair a bhíonn sé profa, gheobhaidh sé coróin na beatha.

SOISCÉIL

Mth 5, l-12a: Bíodh áthas oraibh agus gairdeas, mar is mór é bhur dtuarastal ar neamh.

Mth 8, 1-4: A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.

Mth 8, 5-17 (fada) nó 5-13 nó 14-17 (gearr): Thóg sé ar n-éagruais.

Mth 11, 25-30: Tagaigí chugam, sibhse uile a bhfuil saothar oraibh.

Mth 15, 29-31: Leigheasann Íosa a lán.

Mth 25,31-40: Sa mhéid go ndearna sibh é do dhuine den chuid is lú de na bráithre seo agamsa, is domsa a rinne sibh é.

Me 2,1-12: Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé: ‘Tá do pheacaí maite.’

Me 4, 35-40: Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh ? An ea nach bhfuil creideamh agaibh ?

Me 10, 46-52: A Mhic Dháiví, a Íosa, déan déan trócaire orm !

Me 16, 15-20: Leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.

Lc 7, 19-23: Imigí agus insigí d’Eoin a bhfuil feicthe agus cloiste agaibh.

Lc 10, 5-6. 8-9: Leigheasaigí na daoine tinne.

Lc 10, 25-37: Cé hé mo chomharsa ?

Lc 11, 5-13: Lorgaigí, agus gheobhaidh sibh.

Lc 12, 35-44: Is méanar do na seirbhísigh sin a bhfaighidh an máistir ag faire iad nuair a thagann.

Lc 18,9-14: A Dhia, glac trua dom, an peacach. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Eo 6, 35-40: Is é seo toil an Athar, nach gcaillfinn aon chuid dár thug sé dom. (Dóibh sin atá ag saothrú an bháis)

Eo 6, 54-59: An té a itheann an t-arán seo, mairfidh sé go deo.

Eo 9, 1-7: Ní amhlaidh a pheacaigh sé; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.

Eo 10, 11-18: Tugann an sáraoire a bheatha ar son a chaorach.

LÉACHTAÍ AS STAIR PHÁIS AN TIARNA

Ní miste léachtaí as stair pháis an Tiarna a léamh, is é sin iad sin a léitear Domhnach na Páise (An Leicseanáir, II Lgh. 71-79) nó Aoine an Chéasta (ibid, II Lgh. 87-88) nó in Aifreann móideach Rúndiamhair na Croise Naofa (ibid V Lch. 272), nó fiú iad seo a leanas:

Mth 26, 36-46: Munar féidir an cupa seo a ghabháil tharam, go ndéantar do thoil.

Me 15, 33-39; 16, 1-6: Bás agus aiséirí ár dTiarna.

Lc 23, 44-49; 24, l-6a: Bás agus aiséirí ár dTiarna.

Lc 24, 13-35: Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir ?

Eo 20, 1-10: Chonaic agus chreid sé.

FOIRMLÍ AN BHEANNAITHE

S. Grásta á dTiarna Íosa Críost agus grá Dé agus cumann an Spioraid Naoimh libh go léir.
C. Agus leat féin.

S. Grásta libh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ónár dTiarna Íosa Críost.
C. Moladh do Dhia, Athair ár dTiarna Íosa Críost.

nó:
C. Agus leat féin.

FOIRMLÍ GHNÁS NA hAITHRÍ

Tugann an sagart cuireadh don phobal aithrí dhéanamh:
S. A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart:
S. Déan trócaire orainn, a Thiarna.
C. Toisc gur pheacaíomar i do choinne.

S. Taispeáin dúinn, a Thiarna, do thrócaire.
C. Agus tabhair dúinn do shlánú.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach, trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

Tugann an sagart cuireadh don phobal aithrí a dhéanamh:

S. A bhráithre, tugaimis ár bpeacaí chun cuimhne chun go mb’fhiú sinn bheith páirteach sa cheiliúradh seo.

Fanann cách tamall gearr ina dtost. Ansin deir an sagart nó duine acu sin atá i láthair na comhghártha seo nó a leithéidí eile maraon leis an Kyrie:
S. Thug tú an slánú chugainn trí rúndiamhair na Cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Déanann tú sinn a athnuachan trí iontais do pháise. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. Nuair a ghlacaimid do chorp, déanann tú páirteach sinn in íobairt na cásca. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Go ndéana Dia uilechumhachtach trócaire orainn, go maithe sé ár bpeacaí dúinn, agus go dtreoraí sé chun na beatha síoraí sinn.
C. Amen.

URNAITHE TAR ÉIS NA COMAOINEACH

A Athair,
thug tú obair ár slánaithe chun críche trí rúndiamhair na cásca.
Fógraimidne bás agus aiséirí Chríost, do Mhac, … faoi chló na sacraiminte seo: Go dté do shlánú i dtreis ionainn i gcónaí. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

A Dhia, ár nAthair,
thug tú dúinn bheith páirteach san aon arán agus san aon chailís.
Aontaigh le chéile sinn i gCríost agus tabhair dúinn ár mbeatha a chaitheamh go háthasach ar bhealach a chuideoidh le slánú an domhain. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

A Thiarna Dia,
gabhaimid buíochas leat as an mbia naofa lenar chothaigh tú sinn, agus iarraimid ort sinn a choinneáil dílis duit
trí neart do Spioraid a bhronn tú orainn. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

BEANNACHTAÍ

S. Críost ionat do do chumhdach.
C. Amen.

S. Críost romhat do do threorú, Críost id do dhiaidh do do neartú.
C. Amen.

S. Go mbreathnaí sé ort chun tú a choinneáil slán agus chun tú a bheannú.
C. Amen.

(S. Agus go mbeannaí Dia uilechumhachtach sibh go léir, Athair, Mac agus Spiorad Naomh.
C. Amen).

nó:

Beannacht Dé uilechumhachtaigh, Athair, Mac agus Spiorad Naomh, oraibh agus go bhfana libh go deo.
C. Amen.

LE hAGHAIDH UNGADH NA nEASLÁN

An urnaí thosaigh i ngnás an ungtha. Ní miste an urnaí seo a rá in ionad an teagaisc ag tús an ghnáis.

S. A Thiarna Dia, dúirt tú linn trí Shéamas d’aspal:

“Má tá duine agaibh tinn, cuireadh sé fios ar sheanóirí na heaglaise agus is leosan an ola a chur air in ainm an Tiarna agus guí os a chionn. Slánóidh paidir an chreidimh an t-othar agus tógfaidh an Tiarna é arís agus, má tá peacaí déanta aige, maithfear dó iad.”

larraimid ort go humhal bheith linne atá bailithe le chéile anseo i d’ainm. Cosain le do thrócaire ár mbráthair (siúr), A., atá tinn (agus na heasláin eile ar fad atá anseo i láthair). Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.

C. Amen.

LIODÁIN EILE ROIMH AN UNGADH

S. Thóg tú ar lagar agus d’iompar tú ár ndóláis. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

S. Ghlac tú trua don slua agus chuaigh tú ina measc ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas na n-easlán. A Chríost, déan trócaire.
C. A Chríost, déan trócaire.

S. D’ordaigh tú do d’aspail a lámha a leagan ar na heasláin i d’ainm. A Thiarna, déan trócaire.
C. A Thiarna, déan trócaire.

____
Guímis chun an Tiarna ar son ár mbráthar (siúrach) atá tinn, agus ar a son siúd ar fad a thugann aire do na heasláin agus a dhéanann freastal orthu.
S. Féach go ceansa ar ár mbrathair (siúr) atá tinn. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Cuir neart úr ann (inti). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair faoiseamh óna p(h)ianta dó (di). A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair slán é (í) ón bpeaca agus ón gcathú. A Thiama, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Neartaigh na heasláin ar fad le do ghrásta. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Cuidigh leo sin ar fad a thugann aire do na heasláin. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

S. Tabhair beatha agus sláinte dár mbráthair (siúr) ar a leagaimid ár lámha i d’ainmse. A Thiarna, éist linn.
C. A Thiarna, bí ceansa agus éist linn.

BEANNÚ EILE LE HAGHAIDH OLA NA nEASLÁN

S. Moladh leat, a Dhia, a Athair uilechumhachtaigh. Chuir tu do Mhac ar an saol seo ar ár son agus ar son ár slánaithe.

C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Aonmhic. Ghlac tú go humhal lenár nádúr toisc gurbh é do thoil é ár n-easláintí go léir a leigheas.
C. Moladh go deo le Dia.

S. Moladh leat, a Dhia, a Spioraid Naoimh, a Shólásaí. Neartaíonn tú ár gcorp lag le do chumhacht.
C. Moladh go deo le Dia.

S. A Thiarna Dia, éist go ceansa lenár n-urnaithe agus cuir do bheannacht ar an ola seo atá ceaptha le bheith ina híocshláinte do do mhuintir. Iad sin a nguímid le barr creidimh ar a son agus a gcuirtear an ola naofa seo orthu, go bhfaighe siad leigheas ina n-easláintí go léir. Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

URNAITHE TAR ÉIS AN UNGTHA

I gcás tinnis de thoradh seanaoise:
S. Féach go ceansa, a Thiarna, ar do shearbhónta atá anois go lag de bhar na seanaoise.
Tá sé (sí) ag súil le sláinte choirp agus anama ón ola naofa seo a cuireadh air (uirthi).
Tabhair grásta an Spioraid Naoimh go hiomlán dó (di) : chun é (í) a neartú sa chreideamh agus a dhaingniú sa dóchas sa chaoi go léireoidh a f(h)oighne do chách méid do ghrá dúinn.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

Nuair atá an t-othar i mbaol mór báis:
S. A Thiarna Íosa Críost, a Shlánaitheoir an chine dhaonna, ghlac tú lenár lagar agus d’iompar tú ár bpianta i do pháis.
Éist lenár n-urnaí ar son ár mbráthar (siúrach) A., atá go dona tinn.
Is tusa a S(h)lánaitheoir: neartaigh an dóchas atá aige (aici) go slanófar é (í) , Agus tabhair cothú anama agus coirp dó (di).
Tusa a mhaireann agus a rialaíonn trí shaol na saol.
C. Amen.

Nuair a bhronntar an t-ungadh agus an lón síoraí in éineacht:
S. A Thiarna Dia, a Athair na trócaire, tugann tú sólás dóibh sin atá ag fulaingt.
Féach go ceansa ar do sheirbhíseach. A., a bhfuil muinín aige (aici) asat.
Go dtuga an t-ungadh seo faoiseamh dó (di) óna p(h)ianta agus, corp agus fuil do Mhic atá glactha mar lón síoraí aige (aici), go neartaí siad é (í) agus go dtuga chun na beatha é (í).
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiama.
C. Amen.

Don té atá ar an dé deiridh :
S. A Athair róchineálta,
Is tusa foinse na maitheasa agus an ghrá go léir agus ní dhiúltaíonn tú maithiúnas riamh dóibh siúd a dhéanann aithrí ina bpeacaí.
Déan trócaire ar do mhac (iníon), A., a bheidh ag filleadh ort go luath.
Go mba chabhair dó (di) an ola naofa seo a cuireadh air (uirthi) agus na hurnaithe a dhéanaimid ar a s(h)on le barr creidimh.
Tabhair faoiseamh anama agus coirp dó (di), maith dó (di) a p(h)eacaí go léir agus neartaigh é (í) le do ghrá.
Sin é ár nguí chugat, a Athair, trí Íosa Críost do Mhac a chloígh an bás agus a réitigh dúinn an bealach chun na beatha síoraí agus a mhaireann agus a rialaíonn leatsa trí shaol na saol.
C. Amen.

 

AIFREANN AN LÓIN SHÍORAÍ

LÉACHTAÍ AS AN mBÍOBLA

AN CHÉAD LÉACHT

1 Rithe 19, 4-8: Neartaigh an bia chomh mór sin é gur shiúil sé go dtí sliabh Dé.

1 Cor 11, 23-26: Gach uair a itheann sibh an t-arán seo, agus a ólann sibh as an gcailís seo, is é bás an Tiarna atá á fhógairt agaibh.


SAILM LOINNEOGACHA

Salm 22, l-3a. 3b-4. 5. 6.

Fr. (4a): Fiú dá siúlfainn i ngleann an dorchadais, níor bhaol liom an t-olc, agus tú faram.

nó:

(1): Is é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon ní de dhíth orm.

Salm 33, 2-3. 4-5. 6-7. 10-11.

Fr. (9a): Blaisigí go bhfeice sibh a fheabhas atá an Tiarna.

Salm 41, 2. 3. 5bcd; Salm 42, 3. 4. 5.

Fr. (Sm41,3): Tá cíocras chun Dé ar m’anam, chun Dé bhithbheo. Cathain a thiocfaidh mé go bhfeicfidh mé gnúis mo Dhé ?

Salm 115, 12-13. 15 agus 16bc. 17-18.

Fr. (Sm 114, 9): Siulfaidh mé i láthair an Tiarna i dtír na mbeo.

nó:

(Sm 115, 13):Glacfaidh mé cupa an tslánaithe agus glaoifidh mé ar ainm an Tiarna.

nó: Alleluia.

ALLELUIA AGUS VÉARSA ROIMH AN SOISCÉAL

Eoin 6, 51
Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh, a deir an Tiarna. Má itheann duine an t-arán seo, mairfidh sé go deo.

Eoin 6, 54
An té a itheann mo chuid feola agus a ólann mo chuid fola, tá an bheatha shíoraí aige, a deir an Tiarna, agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.

Eoin 10, 9
Mise an doras, a deir an Tiarna. Más tríomsa a rachaidh duine isteach, slánófar é agus gheobh-aidh sé fearach.

Eoin 11,25; 14,6
Mise an t-aiséirí agus an bheatha, a deir an Tiarna: ní thagann aon duine go dti an tAthair ach tríomsa.

SOISCÉIL

Eoin 6, 41-52a: Is mise an t-arán beo a tháinig anuas ó neamh.

Eoin 6, 51-59: Má itheann duine an t-arán seo, mairfidh sé go deo agus tógfaidh mé suas é an lá deireanach.


Urnaí Eile Taréis An Lóin Shíoraí

S. A Thiarna, is tú údar na sláinte síoraí dóibh siúd a chreideann ionat.
Rinne tú ár mbráthair (siúr), A., a athnuachan le bia agus deoch ó na flaithis. Go dtaga sé (sí) slán chun ríocht an tsolais agus na beatha.
Sin é ár nguí chugat trí Chríost ár dTiarna.
C. Amen.

 

Léachtaí & Machnaimh

  • 11/27/2022-0:0
  • 11/27/2022-23:0
  • 0
  • 12/04/2022-0:0
  • 12/04/2022-23:0
  • 0
  • 12/11/2022-0:0
  • 12/11/2022-23:0
  • 0
  • 12/18/2022-0:0
  • 12/18/2022-23:0
  • 0
  • 12/25/2022-0:0
  • 12/25/2022-23:0
  • 0
  • 01/01/2023-0:0
  • 01/01/2023-23:0
  • 0
  • 01/08/2023-0:0
  • 01/08/2023-23:0
  • 0
  • 01/15/2023-0:0
  • 01/15/2023-23:0
  • 0
  • 01/22/2023-0:0
  • 01/22/2023-23:0
  • 0
  • 01/29/2023-0:0
  • 01/29/2023-23:0
  • 0
  • 02/05/2023-0:0
  • 02/05/2023-23:0
  • 0
  • 02/12/2023-0:0
  • 02/12/2023-23:0
  • 0
  • 02/19/2023-0:0
  • 02/19/2023-23:0
  • 0
  • 02/26/2023-0:0
  • 02/26/2023-23:0
  • 0
  • 03/05/2023-0:0
  • 03/05/2023-23:0
  • 0
  • 03/12/2023-0:0
  • 03/12/2023-23:0
  • 0
  • 03/19/2023-0:0
  • 03/19/2023-23:0
  • 0
  • 03/26/2023-0:0
  • 03/26/2023-23:0
  • 0
  • 04/02/2023-0:0
  • 04/02/2023-23:0
  • 0
  • 04/09/2023-0:0
  • 04/09/2023-23:0
  • 0
  • 04/16/2023-0:0
  • 04/16/2023-23:0
  • 0
  • 04/23/2023-0:0
  • 04/23/2023-23:0
  • 0
  • 04/30/2023-0:0
  • 04/30/2023-23:0
  • 0
  • 05/07/2023-0:0
  • 05/07/2023-23:0
  • 0
  • 05/14/2023-0:0
  • 05/14/2023-23:0
  • 0
  • 05/21/2023-0:0
  • 05/21/2023-23:0
  • 0
  • 05/28/2023-0:0
  • 05/28/2023-23:0
  • 0
  • 06/04/2023-0:0
  • 06/04/2023-23:0
  • 0
  • 06/11/2023-0:0
  • 06/11/2023-23:0
  • 0
  • 06/18/2023-0:0
  • 06/18/2023-23:0
  • 0
  • 06/25/2023-0:0
  • 06/25/2023-23:0
  • 0
  • 07/02/2023-0:0
  • 07/02/2023-23:0
  • 0
  • 07/09/2023-0:0
  • 07/09/2023-23:0
  • 0
  • 07/16/2023-0:0
  • 07/16/2023-23:0
  • 0
  • 07/23/2023-0:0
  • 07/23/2023-23:0
  • 0
  • 07/30/2023-0:0
  • 07/30/2023-23:0
  • 0
  • 08/06/2023-0:0
  • 08/06/2023-23:0
  • 0
  • 08/13/2023-0:0
  • 08/13/2023-23:0
  • 0
  • 08/20/2023-0:0
  • 08/20/2023-23:0
  • 0
  • 08/27/2023-0:0
  • 08/27/2023-23:0
  • 0
  • 09/03/2023-0:0
  • 09/03/2023-23:0
  • 0
  • 09/10/2023-0:0
  • 09/10/2023-23:0
  • 0
  • 09/17/2023-0:0
  • 09/17/2023-23:0
  • 0
  • 09/24/2023-0:0
  • 09/24/2023-23:0
  • 0
  • 10/01/2023-0:0
  • 10/01/2023-23:0
  • 0
  • 10/08/2023-0:0
  • 10/08/2023-23:0
  • 0
  • 10/15/2023-0:0
  • 10/15/2023-23:0
  • 0
  • 10/22/2023-0:0
  • 10/22/2023-23:0
  • 0
  • 10/29/2023-0:0
  • 10/29/2023-23:0
  • 0
  • 11/05/2023-0:0
  • 11/05/2023-23:0
  • 0
  • 11/12/2023-0:0
  • 11/12/2023-23:0
  • 0
  • 11/19/2023-0:0
  • 11/19/2023-23:0
  • 0
  • 11/26/2023-0:0
  • 11/26/2023-23:0
  • 0